Yaoundé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilYaoundé

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 3°51′28″N 11°31′05″E / 3.8578°N 11.5181°E / 3.8578; 11.5181
Stát ceannasachCamarún
Region of Cameroon (en) AistrighCentre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán2,440,462 (2012) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús13,558.12 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla180 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde764 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1888
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Príomhchathair Chamarún, san Afraic Fho-Shahárach is ea Yaoundé. Tá Yaoundé suite i lár na tíre timpeall is 750 méadar (2,500 troighe) os cionn leibhéal na farraige. Bhí cónaí ar 2,440,462 duine sa chathair sa bhliain 2012. Is é an dara cathair is mó sa tír, i ndiaidh Douala.

An margadh lárnach i Yaoundé

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Palais des Congrès

Ar an 12/13 Iúil 1884, ghlac an Ghearmáin seilbh ar Chamarún. Bhí an pobal roinnte ina threibheanna. Ar an 12 Iúil, shínigh na 'ríthe" (nó tréanfhir) Ndumbé Lobé Bell agus Akwa "Conradh' leis na comhlachtaí Gearmánacha[1], 'Conradh Douala',[2][3] Tugadh suas ceannasachta na tíre;[4][5]

Ardeaglais

Cuireadh tús le trádáil sa tír ag an am céanna; cheannaigh na hEorpaigh eabhar agus rubar ó na hAfaicigh, a cheannaigh iarann agus éadaigh ó na hEorpaigh.

Bhí ionad taighde talmhaíochta i Yaoundé ar siúl ó mhí Nollag na bliana 1889 go mí Bealtaine sa bhliain 1895 faoi stiúradh an luibheolaí Gearmánach August Georg Zenker. Ansin rinne taiscéalaithe ón nGearmáin socrú le taoisigh áitiúla chun lonnaíocht a bhunú ar an taobh thuaidh de na foraoisí báistí. Chuir an Maor Dominik garastún Gearmánach ar bun in Yaoundé sa bhliain 1895, agus cuireadh tús le misean agus scoil go gairid ina dhiaidh.

Ainmníodh an lonnaíocht "Jaunde" as an bpobal Yaunde (nó Ewodendo) sa cheantar. Coilíneacht Ghearmánach cheart ab ea Camarún faoin am sin.

Cuireadh smacht na nGearmánach ar Yaoundé (agus ar an tír) ar ceal le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Thóg saighdiúirí ón bhFrainc agus ón mBreatain seilbh ar an tír le linn an chogaidh. Ina dhiaidh sin tugadh rialú an chuid de Chamarún ina bhfuil Yaoundé do na Francaigh.

Rinne na Francaigh príomhchathair Chamarún de Yaoundé sa bhliain 1922.

D'fhan Douala ní ba thábhachtaí go dtí 1957, ach chuaigh Yaoundé chun tosaí ar Douala as sin amach mar gheall ar fhadhbanna eacnamaíochta (géarchéim an chócó) agus ar mhíshuaimhneas polaitiúil faoin gcósta.

Staidiam Ahmadou Ahidjo i Yaoundé

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fostaítear a lán daoine sa tseirbhís sibhialta nó ar bhealaigh eile a bhaineann le stádas Yaoundé mar phríomhchathair, mar shampla, ag obair d'ambasáidí nó d'eagraíochtaí idirnáisiúnta. Tá roinnt bainceanna, ollscoileanna agus ospidéil ann agus mar sin tá seirbhísí tábhachtach i ngeilleagar na háite.

Próiseáiltear nó táirgtear beoir, cré, agus earraí gloine agus adhmaid, agus dáiltear earraí réigiúnda mar chaife, chócó, chopra, siúcra cána, agus rubar.

Cleachtaíonn lucht na cathrach talmhaíocht uirbeach agus mar sin bíonn muca agus sicíní fairsing ann.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. C. Woermann agus Jantzen et Thormanlen
  2. "Treaty of Protection with Chiefs of Cameroon Coast (1884)" (en-US). Black Central Europe (2016-05-06). Dáta rochtana: 2022-07-12.
  3. Marigoh Mboua Marcel Fondation. "Treaty of Douala" (en). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2022-07-12.
  4. "Today we completely abandon our rights regarding the sovereignty, legislation and administration of our territory, ... We give this day our rights of sovereignty, the Legislation and Management of this Country entirely up... "
  5. "Jantzen & Thormählen" (as en) (2022-06-24). Wikipedia. 
  6. "Cameroon: Taming Waters for Health, Jobs in Yaounde". allAfrica.com.