Eabhar
Appearance
Píosaí de starrfhiacail eilifinte nó rosuailt a nglactar leo mar ábhar luachmhar in an-chuid cultúr. Dealbhaíodh ornáidí, seodra is earraí reiligiúnda as chomh fada siar leis an 15ú céad RC sa tSín, ina dhiaidh sin ag na Gréagaigh is na Rómhánaigh. Is as eabhar an chuid is mó den dealbhóireacht ar mhionscála is fearr a mhair ón Meánaois. In úsáid go fairsing i gcomhair earraí sómasacha go dtí le déanaí, nuair a laghdaíodh go mór a sholáthar ar eagla go raibh na heilifintí á ndíobhadh ag sealgairí eabhair.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eabhar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 230.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |