WikiLeaks
URL | https://wikileaks.org/ |
---|---|
Eapainm | vicí |
Cineál | eagraíocht idirnáisiúnta agus ardán sceithireachta |
Teanga | Béarla |
Inneall bogearra | MediaWiki |
Cruthaitheoir | Julian Assange |
Forbróir gréasáin | Julian Assange |
Cur i seirbhís | 4 Deireadh Fómhair 2006 |
Tír | an Astráil |
Gradam a fuarthas | |
Rangú Alexa | 16,899 (20 Samhain 2017) |
Is éard is atá i gceist le WikiLeaks ná eagraíocht idirnáisiúnta,a bunaíodh sa Íoslainn, a fhoilsíonn aighneachtaí gan ainm agus doiciméid sceite de cháipéisí íogaire ó rialtais agus eagraíochtaí eile, agus ag an am céanna a chaomhnaíonn anaithnideacht a bhfoinsí.[1]
Stiúrann The Sunshine Press láithreán gréasáin na heagraíochta, a seoladh sa bhliain 2006. Deir an eagraíocht gur easaontaigh Shíneacha a bhunaigh í, chomh maith le hiriseoirí, matamaiticeoirí, agus gnólachtaí nua-thionscanta ó na Stáit Aontaithe, ón Téaváin, ón Eoraip, ón Astráil, agus ón Afraic Theas.
Sceitheadh eolais
[cuir in eagar | athraigh foinse]- I mí Aibreáin 2010, chuir WikiLeaks físeán d'eachtra a tharla ar 12 Iúil 2007 amach, inar mharaigh fórsaí SAM sibhialtaigh hIaráice agus iriseoirí, ar a dtugtar Collateral Murder. Tharraing WikiLeaks aird na cruinne nuair a foilsíodh físeán sceite a léirigh ionsaí ingearáin cogaidh de chuid na Stát Aontaithe inar maraíodh déaréag sibhialtach i mBaghdad.[2][3][4]
- I mí Iúil 2010, d'eisigh WikiLeaks Dialann Chogadh na hAfganastáine, díolaim de níos mó ná 76,900 doiciméad mar gheall ar an gCogadh san Afganastáin nach bhfuil ar fáil don phobal roimhe sin.
- I mí Dheireadh Fómhair 2010, d'eisigh an grúpa pacáiste de bheagnach 400,000 doiciméad ar a dtugtar Logchomhaid Chogadh na hIaráice i gcomhar le heagraíochtaí móra tráchtála na meán, an New York Times agus an Guardian ina measc.
- Fuadach Khaled El Masri
- Sceitheadh freisin 90,000 cáipéis rúnda Airm faoi chogadh Mheiriceá san Afganastáin.[2]
- I mí na Samhna 2010, thosaigh WikiLeaks ag scaoileadh cáblaí taidhleoireachta ón Roinn Stáit na Stáit Aontaithe. Foilsíodh i nuachtáin an New York Times agus an Guardian 250,000 teachtaireacht rúnda taidhleoireachta ó ambasáidí de chuid Mheiriceá ar fud an domhain a bhí aimsithe ag WikiLeaks.[2]
- Dúnmharuithe seachbhreithiúnacha sa Chéinia.
- Dumpáil dramhaíola tocsaineacha ar chósta na hAfraice,
- lámhleabhair Eaglais na hEolaíochta.
- Nósanna imeachta san ionad coinneála Camp X-Ray (Guantánamo).
- Ábhair a bhain le bainc mhóra ar nós Kaupthing agus Julius Baer.
Wikileaks in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhoilsigh an Irish Independent scéalta a chuir WikiLeaks ar fáil. Cuireadh an-spéis i sreangscéal amháin a seoladh as Ambasáid na Stát Aontaithe i mBaile Átha Cliath. Nuair a diúltaíodh do Chonradh Lisbon in Éirinn, dúirt Eamon Gilmore ar nuacht RTÉ nach mbeadh Páirtí an Lucht Oibre ar son reifreann eile a chur ar bun. Ach de réir an tsreangscéil seo, thug Gilmore cuairt ar an Ambasáid cúpla lá ina dhiaidh sin agus gheall sé dóibh go n-éileodh sé an dara reifreann.[4]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Náiríodh na Stát Aontaithe, cuireadh fearg ar chinnirí airm agus polaitíochta agus gnó, agus dúradh gur cuireadh beatha daoine i gcontúirt de bharr an sceitheadh.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tomás Ó hAodha. "Julian Assange, Laoch nó Bithiúnach?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-13.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2024-05-20). "Cúirt chinniúnach faoi Assange a eiseachadadh as Sasana" (as ga-IE).
- ↑ Cuireadh spéis faoi leith sa gcuntas a tugadh ar ionsaí a rinne na Meiriceánaigh le héileacaptair i mBaghdad. Maraíodh ocht nduine dhéag a bhí neamhchiontach ar fad. Ina measc bhí beirt iriseoirí le Reuter agus beirt ghasúr. Léirigh video a rinneadh go raibh criúnna na héileacaptair ag gáirí agus iad ag déanamh an ionsaithe. Damáiste comhthaobhach (collateral damage) a thabharfadh na Meiriceánaigh air. Go deimhin chuaigh siad níos faide ná sin nuair a dúirt siad gur timpiste a bhí ann a tharla le linn comhraic lámhaigh. (Tuairisc.ie)
- ↑ 4.0 4.1 Seosamh Ó Cuaig (27 Deireadh Fómhair 2020). "Is minic iriseoirí ag pápaireacht faoi shaoirse cainte, ach céard faoi Julian Assange?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-26.