Khaled El Masri
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Meitheamh 1963 61 bliana d'aois Cuáit |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Ioslam |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gníomhaí polaitiúil |
Ar dhuine de na daoine a thug fianaise sa gcúirt ar son Julian Assange agus ar son WikiLeaks atá an Gearmánach Khaled El Masri (a rugadh sa Chuáit ar an 29 Meitheamh 1963 agus a d'fhás suas sa Liobáin).
Sa mbliain 2004 chuaigh El Masri go dtí An Mhacadóin ar a laethanta saoire. Cás bréagaitheanta a bhí ann agus gabhadh é ar an 23 Eanáir 2004. Ligeadh amach é ach d'fhuadaigh an CIA é as teorainn na Macadóine. Cuireadh drochbhail air.[1]
Dúirt an CIA ina dhiaidh sin nárbh é an fear ceart a bhí acu. Ligeadh saor é ar an 28 Bealtaine 2004.
Sa mbliain 2012 cruthaíodh i gCúirt Eorpach um Chearta an Duine gur chéas an CIA é.[2] Ghlac Masri buíochas le Assange agus le WikiLeaks. Ba rímhaith a thuig sé murach a gcuid oibre siúd nach dtabharfaí an bhreith chóir air.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Seosamh Ó Cuaig (27 Deireadh Fómhair 2020). "Is minic iriseoirí ag pápaireacht faoi shaoirse cainte, ach céard faoi Julian Assange?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-28.
- ↑ "HUDOC - European Court of Human Rights". hudoc.echr.coe.int. Dáta rochtana: 2024-08-28.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |