Vicipéid:Laethanta roghnaithe/23 Bealtaine
Cuma
Is é an 23 Bealtaine an 143ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 144ú lá i mbliain bhisigh. Tá 222 lá fágtha sa bhliain.
Inniu Lá Saothair san Iamáice.
- 1701 – Cailleadh William Kidd, píoráid (r.1645)
- 1707 – Rugadh Carl von Linné, luibheolaí Sualannach (b.1778)
- 1734 – Rugadh Franz Mesmer, lia agus astralaí (b.1815)
- 1790 – Rugadh Jules Dumont d'Urville, taiscéalaí Francach (b.1842)
- 1906 – Cailleadh Henrik Ibsen, scríbhneoir Ioruach (r. 1828)
- 1945 – Cailleadh Heinrich Himmler, polaiteoir Gearmánach i mblianta an Naitsíochais (r.1900)
- 1949 – Rugadh Martin Cahill, coirpeach Éireannach (b.1994)
- 1950 – Rugadh Máirtín Mag Aonghusa, polaiteoir i dTuaisceart Éireann
- 1960 – D'fhógair an Iosrael go raibh Adolf Eichmann gafa acu. Is é ba chiontach le bás na mílte Giúdach le linn an Dara Cogadh Domhanda
- 1977 – Tógadh 100 leanbh scoile agus 6 mhúinteoir in aghaidh a dtola i scoil san Ísiltír
- 1991 – Rugadh Lena Meyer-Landrut, amhránaí Gearmánach
- 1992 – Cailleadh Giovanni Falcone, breitheamh Iodálach frith-Mhafia (r. 1939)
- 1998 – D'aontaigh muintir Thuaisceart Éireann le Comhaontú Aoine an Chéasta