Tionól Thuaisceart Éireann
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | reachtas comhstáit sole chamber (en) córas an aon seomra reachtaigh teach reachtaíochta tofa | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1998 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú |
| ||||
Codanna | |||||
Suíomh gréasáin | niassembly.gov.uk | ||||
Is é Tionól Thuaisceart Éireann ná tionól a cuireadh ar bhun de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998. Bunaíodh an Tionól agus an Fheidhmeannacht chun go bhféadfadh na páirtithe polaitíochta tofa cumhacht a roinnt. Tá an Tionól lonnaithe ag Stormont, díreach lasmuigh de Bhéal Feirste.[1]
Gnásanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is gá don dá phobal cumhacht a roinnt eatarthu - .i. is gá Céad-Aire a bheith ón bpáirtí is mó agus an LeasChéad-Aire a bheith ón páirtí is mó ón bpobal eile. Faoi mar atá cúrsaí anois, tá an dá bhloc mhóra – Sinn Féin agus an DUP – ag iomrascáil le chéile leis an cheann is fearr a fháil ar a chéile.[2]
Ina theannta sin ní féidir le haon vóta a theacht isteach mura vótáil an dá pobal dó. Ní foláir dona airí a bheith roinnte idir an dá pobal freisin. Bhí sé ar na comhaltaí iad féin a ainmniú mar 'náisiúnaithe', 'aontachtaí' nó 'eile' chun ábhair vóta.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Parlaimint Thuaisceart na hÉireann i bhfeidhm ó 7 Meitheamh 1921 go dtí 30 Márta 1972. Ar 22 Meitheamh 1921, d'oscail Seoirse V Parlaimint Thuaisceart na hÉireann i Halla na Cathrach, i mBéal Feirste. Shocraigh an rialtas i Londain riail dhíreach a chur i bhfeidhm in 1972.[3]
1998-2002
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ón tús, bhí an Páirtí Aontachtach Daonlathach (DUP) ag cáineadh an tionól agus d'iarr siad ar a lucht leanúna vótáil 'ní' sa reifreann chun é a chur ar bhun.
2002-2017
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh an Tionól ar fionraí sa bhliain 2002, nuair a tháinig chun solais go raibh fáinne spiaireachta ag an IRA taobh istigh d'oifig Shinn Féin, an scannal "Stormontgate". B'é an gníomhaire dúbailte Donncha Mac Dónaill, nó Denis Donaldson, a thosaigh an fháinne seo, mar a fuarthas amach ní ba dhéanaí.[4]
In 2006, foilsíodh Comhaontú Chill Rìmhinn ina leagtar amach bealach i dtreo chineachadh iomlán póilíneachta agus ceartais agus socrú roinnt cumhachta cobhsaí.[5]
Mhair an chéad Feidhmeannas Comhroinnte Cumhachta ó 8 Bealtaine 2007 go dtí 9 Eanáir 2017).[6]
Thit Stormont i mí Eanáir 2017, i ngeall ar mhíshástacht Shinn Féin le hiompar an DUP, go háirithe faoin scéim fuinnimh in-athnuaite.
2017
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhris an scannal "Renewable Heat Incentives" (Dreasachtaí Teasa In-athnuaite) amach i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2017, scéim fuinnimh nach raibh srian ar bith ar chaiteachas uirthi. Bhunaigh Arlene Foster (níos déanaí, ceannaire an DUP) an scéim nuair a bhí sí ina hAire Fiontair.
Chinn Sinn Féin nach seasfaidís le Foster a thuilleadh; shiúil Sinn Féin amach as Stormont agus ordaíodh fiosrú poiblí.
2022-2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 11 Eanáir 2020, ar bhonn an Chomhaontaithe Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua[7], athbhunaíodh an Feidhmeannas agus an Tionól.[1]
In 2022, tharraing an DUP amach as Stormont mar agóid i gcoinne an mhargaidh a rinne Rialtas na Breataine leis an Aontas Eorpach i dtaca le cúrsaí trádála. Cnámh spairne ab ea na socruithe a bhí ann maidir le hearraí áirithe a iompraítear idir an Bhreatain agus an Tuaisceart.[8]
Ar 29 Eanáir 2024, chinn an DUP filleadh ar Stormont tar éis do choiste feidhmiúcháin an DUP an cheist a chaibidil ar feadh cúig huaire (cuireadh go láidir i gcoinne an chinnidh). Gheall Rialtas na Breataine "deireadh" a chur le "seiceálacha" custaim ar earraí a choinnítear taobh istigh de mhargadh an Tuaiscirt, a mhaígh Donaldson.[8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Scannal Stormontgate, 2002, Comhaontú Chill Rìmhinn, 2006; Scannal Renewable Heat Incentives, 2017
- Prótacal Éireann / Thuaisceart Éireann, 2020; Creat Windsor.2023
- Toghchán Chomhthionól Thuaisceart Éireann 2022
- Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann
Ranna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Oifig an Fheidhmeannais
- An Roinn Airgeadais
- An Roinn Bonneagair
- An Roinn Dlí agus Cirt
- An Roinn Geilleagair
- An Roinn Oideachais
- An Roinn Sláinte
- An Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe
- Státseirbhís Thuaisceart Éireann
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 DFA. "Comhaontú Aoine an Chéasta agus inniu - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2024-02-02.
- ↑ Pól Ó Muirí (3 Eanáir 2024). "Cad é an sórt ‘entity’ é Tuaisceart Éireann?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-02.
- ↑ Derek Birrell. "Direct rule and the governance of Northern Ireland" (en-US). Manchester University Press. Dáta rochtana: 2021-03-28.
- ↑ "Bréagmhaidneachan nó gealadh lae nua é ardú céime Arlene?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-20.
- ↑ DFA. "Comhaontú Aoine an Chéasta agus inniu - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2024-02-02.
- ↑ "Martin McGuinness – fear an dá ré a thug an IRA ar bhóthar na síochána " Tuairisc.ie, 21 Márta 2017
- ↑ dfa.ie / Rialtas na R-A (2020). "Deich mBliana Nua, Cur Chuige as an Nua (New Decade, new Approach)".
- ↑ 8.0 8.1 Nuacht RTÉ (2024-01-30). "DUP le filleadh ar Stormont faoi réir reachtaíochta úir" (as ga-IE).