Eastát Star Monadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbh an Tiarna Carson ar Ascaill Phrionsa na Breataine Bige.

Is eastát é Eastát Star Monadh (Stairmhonadh, Cnoc an Anfa nó Stormont Estate[1]) in oirthear Bhéal Feirste, Contae an Dúin, Cúige Uladh. Tá príomhfhoirgnimh Rialtais Thuaisceart Éireann suite ann, agus tá coillte agus fearann páirce thart orthu.

Suite laistigh den bhaile fearainn 'Baile Lios na Scáth' (Béarla: Ballymiscaw),[2] ba leis an t-Urramach John Cleland an eastát ar dtús. Ainmníodh an áit i gcuimhne dúiche i Siorrachd Pheairt agus ciallaíonn an focal 'Stairmhonadh' ; "thar an móinteach" (móinteán).[3]

Foirgnimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foirgneamh Íomhá Faoi
Foirgnimh an Chaisleáin Ceanncheathrú na hOifige Feidhmiúcháin, na Roinne Sláinte agus na Roinn Dlí agus Cirt. Díol suntais is ea an Caisleán le haghaidh a úsáid mar suíomh na gcaibidlí a bhain le Chomhaontú Bhéal Feirste.
Teach Dhún Dónaill Ceanncheathrú státseirbhís Thuaisceart Éireann, an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe agus Seirbhís Phríosúin Thuaisceart Éireann .
Foirgnimh Craigantlet Ceanncheathrú na Roinne Airgeadais.
Maynard Sinclair Pavilion Baile chun an státseirbhís Thuaisceart Éireann Spóirt agus Sóisialta Club.
Foirgnimh na Parlaiminte Suíochán Thionól Thuaisceart Éireann. (De ghnáth dá ngairtear Stairmhonadh.)
Caisleán Star Monadh Suíochán Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.
Teach Star Monadh Ceanncheathrú Oifig Thuaisceart Éireann.

Rialacháin Stairmhonaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn na rialacháin lena rialaítear úsáid an eastáit seo ar thaispeáint ar an bhealach isteach. Achtaíodh iad ar dtús ar an 31 Deireadh Fómhair 1933, in ordú na hAireachta Airgeadais. Leasaíodh iad seo ar dheireadh thiar agus seo a leanas na rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair:

  • The Stormont Estate Regulations, 1933 
  • The Stormont Estate Amendment Regulations (Northern Ireland), 1951
  •  The Stormont Estate Amendment Regulations (Northern Ireland), 1958

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Stormont/Stormont" (ga-IE). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-07-08.
  2. "Ballymiscaw" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-07-08.
  3. "PlaceNames NI: Stormont". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-09-24. Dáta rochtana: 2017-02-18.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]