Scannal Renewable Heat Incentives (Tuaisceart Éireann, 2017)
Cuma
Cineál | scannal polaitiúil |
---|---|
Suíomh | Tuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe |
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Bhris an scannal "Renewable Heat Incentives" (RHI) (Dreasachtaí Teasa In-athnuaite) amach i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2017, scéim fuinnimh nach raibh srian ar bith ar chaiteachas uirthi.[1]
Bhunaigh Arlene Foster (níos déanaí, ceannaire an DUP) an scéim nuair a bhí sí ina hAire Fiontair.[2]
Áiríodh go mbeadh róchaiteachas 700 milliún punt air thar thréimhse 20 bliain mar nár cuireadh rialú costas ar bith i bhfeidhm. Dhiúltaigh Arlene Foster seasamh i leataobh fad is a bheadh conas mar a deineadh praiseach den ghnó á fhiosrú.[2]
Nuair a bhris achrann amach idir baill an DUP, chinn Sinn Féin nach seasfaidís le Foster a thuilleadh; shiúil Sinn Féin amach as Stormont agus ordaíodh fiosrú poiblí.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Póilín Ní Chiaráin (Aibreán 2021). "Slán le Arlene – tréimhse chinniúnach romhainn ina diaidh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-11.
- ↑ 2.0 2.1 Póilín Ní Chiaráin (Nollaig 2017). "Gluaiseacht na Gaeilge ina dúiseacht ach Stormont faoi shuan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-11.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |