An difríocht idir athruithe ar: "An Páirtí Daonlathach Liobrálach"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
→‎Pobalbhreitheanna: Cur cothrom le dáta - pobalbhreitheanna
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Líne 20: Líne 20:


==Pobalbhreitheanna==
==Pobalbhreitheanna==
[[Íomhá:Opinion polling for the next United Kingdom general election after 2019 (LOESS).svg|mion|Pobalbhreitheanna don chéad olltoghchán eile. I bhflannbhuí atá na Daonlathaigh Liobrálacha.]]
Ó tharla [[Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2019|Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019]], is idir 6% agus 13% d'fhreagarthóirí i bpobalbhreitheanna sa [[An Bhreatain|Bhreatain]] a deir go vótálfaidís ar son an pháirtí dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.electionpolling.co.uk/polls/general-election|teideal=2022 General Election Polls - Election Polling|work=www.electionpolling.co.uk|dátarochtana=2019-02-23}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=http://ukpollingreport.co.uk/voting-intention-2|teideal=UK Polling Report|work=ukpollingreport.co.uk|dátarochtana=2018-10-20}}</ref>
Ó tharla [[Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2019|Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019]], is idir 6% agus 13% d'fhreagarthóirí i bpobalbhreitheanna sa [[An Bhreatain|Bhreatain]] a deir go vótálfaidís ar son an pháirtí dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.electionpolling.co.uk/polls/general-election|teideal=2022 General Election Polls - Election Polling|work=www.electionpolling.co.uk|dátarochtana=2019-02-23}}</ref><ref>{{Lua idirlín|url=http://ukpollingreport.co.uk/voting-intention-2|teideal=UK Polling Report|work=ukpollingreport.co.uk|dátarochtana=2018-10-20}}</ref>



Leagan ó 17:14, 16 Márta 2021

Páirtí polaitiúil sa Ríocht Aontaithe is ea an Páirtí Daonlathach Liobrálach. Tá 11 tsuíomh acu as na 650 ceann atá i dTeach na dTeachtaí, teach tofa Pharlaimint na Breataine. Is é Ed Davey atá ina cheannaire sealadach ar an bpáirtí i láthair na huaire. Tá comhaontas idir iadsan agus Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann.

Teimpléad:Bosca Sonraí Páirtí Polaitíochta

Ó tharla reifreann ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach sa bhliain 2016, is é tacaíocht go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach, tríd an meán go mbeadh reifreann ar na beartais deireanacha don Bhreatimeacht, agus an rogha fanacht san Aontas ar cheann de na roghanna, an polasaí is cáiliúla atá ag an bpáirtí. Tacaíonn an páirtí chomh maith le níos mó caithimh ar an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte agus ar an oideachas, go mbeadh ardú sa cháin ioncaim le híoc as seo, agus go n-úsáidfí an ionadaíocht chionmhar i dtoghcháin náisiúnta agus áitiúla ar fad na Ríochta Aontaithe.[1]

I rialtas na Breataine Bige

Tá an Páirtí Daonlathach Liobrálach páirteach i Rialtas na Breataine Bige, feidhmeannacht díláraithe laistigh den Ríocht Aontaithe, i gcomhrialtas le Páirtí an Lucht Oibre. Is í Kirsty Williams ceannaire an pháirtí sa Bhreatain Bheag, agus í anois ina haire oideachais. I measc na ndlithe nua atá curtha isteach ag an rialtas ó 2016, tá cosc ar phollaidh dlúthphearsanta do dhaoine faoi bhun 18 mbliana[2]; cosc ar chaitheamh tobac taobh amuigh de scoileanna agus ospidéil[3]; leathnú ceartaí vótála, vótaí do dhaoine 16 bliana sna toghcháin áitiúla ina measc sin[4]; agus rialacha chun tacú le saoirse agus inscne-neodracht na gculath scoile[5].

Pobalbhreitheanna

Pobalbhreitheanna don chéad olltoghchán eile. I bhflannbhuí atá na Daonlathaigh Liobrálacha.

Ó tharla Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, is idir 6% agus 13% d'fhreagarthóirí i bpobalbhreitheanna sa Bhreatain a deir go vótálfaidís ar son an pháirtí dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[6][7]

Féach freisin

Tagairtí

  1. http://www.libdems.org.uk/.+"Our at-a-glance manifesto" (en). Liberal Democrats. Dáta rochtana: 2018-09-21.
  2. Steven Morris (2018-02-02). "'It’s stupid': young people on Wales' intimate piercing ban" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  3. Steven Morris (2018-05-24). "Wales to ban smoking outside hospitals and schools in UK first" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  4. Steven Morris (2018-01-28). "Over-16s to get voting rights in some Welsh elections" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  5. Richard Adams Education editor (2019-07-10). "Welsh schools to offer cheaper uniforms with gender-neutral options" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  6. "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  7. "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Dáta rochtana: 2018-10-20.