Shamrock Rovers Football Club

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Shamrock Rovers F.C.)
Shamrock Rovers FC
Peil Football pictogram.svg
Seaimpíní na hÉireann Seaimpíní na hÉireann
Na Fonsaí, Ruagairí, Seamróga
Sainchomharthaí
Éidí
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
As baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Tríú éide
Dathanna: 600px Bianca con bande Verdi e trifoglio.png Glas - Bán
Siombail: Seamróg
Sonraí ginearálta
Cathair: Baile Átha Cliath
Tír: Flag of Ireland.svg Éire
Cónaidhm: UEFA
Sraith: Sraith na hÉireann
Bunaithe: 1901
Cathaoirleach: Flag of Ireland.svg Jonathan Roche
Traenálaí: Flag of Northern Ireland.svg Michael O'Neill
Staidiam: Staid Thamhlachta
(5 700 áit)
Suíomh: www.shamrockrovers.ie
Soccerball current event.svg Séasúr reatha

Is club peile Éireannach é Shamrock Rovers Football Club (Gaeilge: Cumann Peile Ruagairí na Seamróige) as Baile Átha Cliath a imríonn i Sraith na hÉireann. Is é Ruagairí na Seamróige an club is rathúla in Éirinn.[1] Tá sé shraith déag buaite aige agus ceithre Choirn Cumann Peile na hÉireann buaite is fiche. Tá níos mó imreoirí soláthartha d'Fhoireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann leis an club ná aon club eile. Is é an club is rathúla i gcomórtas Éireann uile freisin.[2] Bunaíodh Ruagairí na Seamróige sa Rinn sa bhliain 1901 de réir an chlub,[3] ach níl dáta bunaithe soiléir ann. Áitíonn tacadóirí éigin gur is é 1899 dáta bunaidh an chlub.

Bhuaigh an club Sraith na hÉireann i 1922/23 in a chéad séasúr san sraith. Bhunaigh sé a stádas is rathúla faoi 1949 le 44 trófaithe móra buaite aige. Bhuaigh an club trí sraith agus dhá Chorn Chumann Peile na hÉireann le linn na 1950idí agus d'éirigh sé an chéad club Éireannach páirt a ghlacadh i gcomórtas Eorpach nuair a d'imir sé i gCorn na hEorpa sa bhliain 1958.[4] Bhuaigh an club sé Chorn Chumann Peile na hÉireann i ndiaidh a chéile sa 1960idí, rud atá curiarracht. Chuaigh an fhoireann go dtí na Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1967 agus bhunaigh siad an Cumann Sacair Aontaithe in éineacht le clubanna Eorpacha eile.[5] Bhuaigh an club Sraith na hÉireann ceithre uair i ndiaidh a chéile idir 1983 agus 1987.

D'imir an club ag Páirc Ghleann Molúra ó 1926 go 1987, nuair a dhíol úinéirí na chlub an staid le forbróirí maoine in imthosca conspóideacha.[6] Bhog an fhoireann timpeall Baile Átha Cliath ar dhá bhlian is fiche ina dhiaidh sin ag imirt i staideanna ar cíos. Bhog an club isteach i Staid Thamhlachta roimh tús na séasúr 2009, tar éis fanacht fada mar gheall ar díospóidí dhlíthiúil agus moilleadóireachta nuair a raibh an club caomhnaithe ar éag lena tacadóirí.[7] Chaith Ruagairí na Seamróige geansaithe le stríoca glas agus bán go dtí 1926, nuair a thosaigh sé ag imirt i ngeansaithe le fonsaí ina áit.[8] Is é an tseamróg siombail an chlub.

Tá an club ar úinéireacht ag na tacadóirí ó 2005. Tá sé a reáchtáil ar bhonn ballraíochta. Is é taobh theas de Bhaile Átha Cliath áit dhúchais fhormhór na tacadóirí. Bíonn iompairc dhian ann idir Na Fonsaí agus Bohemians.[9]

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunaíodh an club sa Rinn sa bhliain 1901 de réir an chlub,[3] ach níl dáta bunaithe soiléir ann. Áitíonn tacadóirí éigin gur is é 1899 dáta bunaidh an chlub. D'imir sé sa sraitheanna íochtaracha a bhformhór na chéad cúpla deichniúir agus sa chéad cluiche ceannais an Chorn Cumann Peile na hÉireann sa bhliain 1922. Bhuaigh an club Sraith na hÉireann i 1922/23 in a chéad séasúr san sraith agus dhá teidil sa bhreis sna ceithre shéasúr tar éis sin. Sna 1930idí, bhuaigh an club Sraith na hÉireann trí uair agus an Corn Cumann Peile na hÉireann cúig uair. D'imir idirnáisiúntais Éireannach, Paddy Moore agus Jimmy Dunne róil tábhachtach san rath sin agus tugadh tacaíocht dóibh le tinrimh de bhreis ar 25 000 daoine.[10] Bhunaigh Ruagairí na Seamróige a stádas is rathúla in Éireann faoi 1949 le 44 trófaithe móra buaite aige lena n-áirítear sé teidil Sraithe na hÉireann agus 11 Coirn Cumann Peile na hÉireann.[1]

Ghlac Paddy Coad an post imreoir-traenálaí le drogall sa bhliain 1949 tar éis bás Jimmy Dunne.[11] D'imríodh sé leis an club ar feadh beagnach ocht mbliana roimhe sin agus é féin a thaispeáin mar duine de na himreoirí is fearr i Sraith na hÉireann.[12] Thionscain sé beartas óige radacach ina chéad trí bliana i bhfeighil. Thionscain sé modhanna traenála réabhlóideacha freisin agus chuir treise ar oilteacht theicniúil agus peil seilbhe. Stíl pheile tapa a bhí bunaithe ar phasáil ab ea an toradh agus chuir sé leis bhforbairt an chluiche in Éireann.[13] Bhuaigh an club Sraith na hÉireann don chéad uair i gcúig bliana déag sa bhliain 1954 nuair a chríochnaigh Paddy Ambrose an séasúr mar ardaimsitheoir na foirne.[14] Bhuaigh an foireann a bhí ainmnithe mar Coad's Colts dhá teidil sraithe eile de bhreis ar dhá Coirn CPÉ.

Ghlac Seán Thomas ról an fhoireann a athfhoirgniú tar éis an imeacht Paddy Coad agus séasúr mírathúil faoi bhun an ceannas Albie Murphy. D'fhan Paddy Ambrose agus Ronnie Nolan leis an club agus bhí siad ceangailte le himreoirí eile iomaí lena n-áirítear idirnáisiúntais Éireannacha Frank O’Neill agus Johnny Fullam.[3] Tháinig Liam Tuohy ar ais go dtí na fonsaí mar captaen freisin. Bhuaigh an club gach trófaí intíre cé is moite den Chorn Top Four i shéasúr 1963-64 agus d'fhulaing cailleadh caol i gcoinne an sealbhóir Valencia i gCorn Aontaí Idirchathracha.

Croinic[athraigh | athraigh vicithéacs]

Croinic an chlub
  • 1901 – Bunaíodh an club.


  • 1929/30 - 3ú sa Sraith na hÉireann -
    Corn buaite.
  • 1930/31 - 7ú sa Sraith na hÉireann -
    Corn buaite.
  • 1931/32 - Seaimpíní na hÉireann Seaimpíní na hÉireann -
    Sciath agus Corn buaite.
  • 1932/33 - 2ú sa Sraith na hÉireann -
    Sciath agus Corn buaite.
  • 1933/34 - 3ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1934/35 - 6ú sa Sraith na hÉireann -
    Sciath buaite.
  • 1935/36 - 6ú sa Sraith na hÉireann -
    Corn buaite.
  • 1936/37 - 9ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1937/38 - Seaimpíní na hÉireann Seaimpíní na hÉireann -
    Sciath buaite.
  • 1938/39 - Seaimpíní na hÉireann Seaimpíní na hÉireann.

  • 1939/40 - 2ú sa Sraith na hÉireann -
    Corn buaite.
  • 1940/41 - 4ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1941/42 - 2ú sa Sraith na hÉireann -
    Sciath buaite.
  • 1942/43 - 4ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1943/44 - 3ú sa Sraith na hÉireann -
    Corn buaite.
  • 1944/45 - 3ú sa Sraith na hÉireann -
    Corn buaite.
  • 1945/46 - 4ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1946/47 - 3ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1947/48 - 3ú sa Sraith na hÉireann -
    Corn buaite.
 
  • 1948/49 - 4ú sa Sraith na hÉireann.

  • 1949/50 - 7ú sa Sraith na hÉireann -
    Sciath buaite.
  • 1950/51 - 6ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1951/52 - 3ú sa Sraith na hÉireann -
    Sciath buaite.
  • 1952/53 - 3ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1953/54 - Seaimpíní na hÉireann Seaimpíní na hÉireann.
  • 1954/55 - 3ú sa Sraith na hÉireann -
    Sciath agus Corn buaite.
  • 1955/56 - 2ú sa Sraith na hÉireann -
    Sciath agus Corn buaite.
  • 1956/57 - Seaimpíní na hÉireann Seaimpíní na hÉireann -
    Sciath buaite.
  • 1957/58 - 2ú sa Sraith na hÉireann -
    Sciath buaite.
  • 1958/59 - Seaimpíní na hÉireann Seaimpíní na hÉireann.

  • 1959/60 - 4ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1960/61 - 6ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1961/62 - 3ú sa Sraith na hÉireann -
    Corn buaite.
  • 1962/63 - 5ú sa Sraith na hÉireann -
    Sciath buaite.
  • 1963/64 - 10ú teideal Seaimpíní na hÉireann Seaimpíní na hÉireann -
    Sciath agus Corn buaite.
  • 1964/65 - 2ú sa Sraith na hÉireann -
    Sciath agus Corn buaite.
  • 1965/66 - 2ú sa Sraith na hÉireann -
    Sciath agus Corn buaite.
  • 1966/67 - 7ú sa Sraith na hÉireann -
    Corn buaite.
  • 1967/68 - 4ú sa Sraith na hÉireann -
    Sciath agus Corn buaite.
  • 1968/69 - 2ú sa Sraith na hÉireann -
    Corn buaite.

  • 1969/70 - 2ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1970/71 - 2ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1971/72 - 5ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1972/73 - 5ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1973/74 - 7ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1974/75 - 8ú sa Sraith na hÉireann.
 
  • 1979/80 - 4ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1980/81 - 5ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1981/82 - 2ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1982/83 - 6ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1983/84 - Seaimpíní na hÉireann Seaimpíní na hÉireann.
  • 1984/85 - Seaimpíní na hÉireann Seaimpíní na hÉireann -
    Corn buaite.
  • 1985/86 - Seaimpíní na hÉireann Seaimpíní na hÉireann -
    Corn buaite.
  • 1986/87 - Seaimpíní na hÉireann Seaimpíní na hÉireann -
    Corn buaite.
  • 1987/88 - 4ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1988/89 - 7ú sa Sraith na hÉireann.

  • 1989/90 - 4ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1990/91 - 6ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1991/92 - 6ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1992/93 - 8ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1993/94 - Seaimpíní na hÉireann Seaimpíní na hÉireann.
  • 1994/95 - 6ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1995/96 - 5ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1996/97 - 7ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1997/98 - 4ú sa Sraith na hÉireann.
  • 1998/99 - 8ú sa Sraith na hÉireann.

  • 1999/00 - 5ú sa Sraith na hÉireann.
  • 2000/01 - 7ú sa Sraith na hÉireann.
  • 2001/02 - 2ú sa Sraith na hÉireann.
  • 2002/03 - 3ú sa Sraith na hÉireann.
  • 2003 - 7ú sa Sraith na hÉireann.
  • 2004 - 9ú sa Sraith na hÉireann.
  • 2005 - 11ú sa Sraith na hÉireann. (Íslithe)
  • 2006 - 1ú sa Chéad Roinn. (Ardú Céime)
  • 2007 - 5ú sa Sraith na hÉireann.
  • 2008 - 7ú sa Sraith na hÉireann.
  • 2009 - 2ú sa Sraith na hÉireann.

Dathanna agus suaitheantas[athraigh | athraigh vicithéacs]

Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Bunú–1926

Chaith Ruagairí na Seamróige geansaithe le stríoca glas agus bán go dtí 1926, nuair a thosaigh an fhoireann ag imirt i ngeansaithe le fonsaí ina áit. Mhol John Sheridan, comhalta de choiste, an smaoineamh ar bhonn an caidreamh maith idir Belfast Celtic agus an club.[8] Caitheadh na geansaithe nua an chéad uair i gcoinne Bray Unknowns i gcluiche coirn ar 9 Eanáir 1927. Chaill Na Fonsaí an cluiche 3–0 agus phléigh comhaltaí sinsearach tréigean na geansaithe nua. Áfach, lean an fhoireann ag caitheamh na fonsaí glas agus bán go dtí an lae inniu. Is é an tseamróg siombail an chlub. Cuimsíonn suaitheantas an club seamróg agus liathróid ó bunú an chlub. Rinneadh mionathruithe ócáideach. Cuireadh réalta thuas an suaitheantas sa bhliain 2005 a comharthaigh na chéad deich teidil Sraith na hÉireann buaite ag an gclub. Is tríú dath oifigiúil an chlub é dubh tar éis táthcheangal an club ag na tacadóirí. Comharthaíonn sé bás an Pháirc Ghleann Molúra. Cinneadh sé freisin a cúlaigh an geansaí uimhir 12. Comharthaíonn an uimhir na tacadóirí anois.[15]

Staid[athraigh | athraigh vicithéacs]

Féach freisin: Staid Thamhlachta

Páirc Ghleann Molúra[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar an 11 Meán Fómhair 1926, d'imir an club a gcéad chluiche ag Páirc Ghleann Molúra, Baile an Mhuilinn in aghaidh Dhún Dealgan tar éis tréimhsí ag Páirc na Rinne, Páirc na Shelbourne, Na Glasáin agus páirc roimhe ag Baile an Mhuilinn. Tharlaigh an oscailt oifigiúil ar an 19 Meán Fómhair 1926 le cluiche cairdeachais in aghaidh Cheiltigh Bhéal Feirste. Ainmníodh an staid sa 1930idí nuair a d'ainmnigh na húinéirí nua, na Cunningham's, é tar éis a mbaile dúchasach sa Sléibhte Chill Mhantáin. Chríochnaigh siad an staid nuair a thóg siad lochtáin (áiteanna sheasta) agus chuir siad díon suas ar an lochtán os comhair an phríomhardáin go raibh tógtha lena tacaí. D'fhan sé beagnach neamhathraithe ó shin go dtí a scartáil sa bhliain 1990. Cuireadh suas tuilsolais sa 1980idí. Ba é 20 000 toilleadh an staid (1 000 suíocháin) an chuid is mó den a shaoil. Ba é 28 000 taifead tinrimh an staid.

Dhíol úinéirí an chlub, na Kilcoyne's, an staid le forbróirí maoine sa bhliain 1987. Bhí sé ceannaithe acu ó an t-ord Íosánach go díreach roimhe seo. Rinne an slua ionradh ar an bpáirc ag an cluiche deireanach ag an staid in aghaidh Sligo ar an 12 Aibreán 1987.

Tacadóirí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is é taobh theas de Bhaile Átha Cliath an áit dhúchais formhór na tacadóirí,[16] ach tarraingíonn an club tacadóirí ar fud an cathair agus an tír. Cuimsíonn an bonn tacaíochta clubanna tiomnaithe a cur tacaigh lena foireann ag cluichí as baile.[17] Bíonn grúpa ultras i gcomhcheangal leis an club.[18] Déanann na SRFC Ultras taispeántais na tacaíocht ag cluichí ag úsáid bratacha agus bladhmanna láimhe.[19] Bíonn cleamhnacht ann idir na SRFC Ultras agus grúpaí Eorpach eile lena n-áirítear tacadóirí na Roma,[20] Hammarby agus Panathinaikos.[21] Is iad an grúpa ultras is sine in Eireann, bunaithe sa bhliain 2001. Grúpaí ultras eile in Eireann agus borradh in iompraíocht i gcomhcheangal lena cultúr a bhí de thoradh ar an bunú na SRFC Ultras.[19]

Bhí Páirc Ghleann Molúra i d'óstach do tinrimh tuairim 20 000 daoine go rialta go dtí na 1970idí.[22] Chuaigh na huimhreacha seo i laghad nuair a thréig formhór pobail spóirt na hÉireann sacar Éireannach.[23] Bhuaigh an club Sraith na hÉireann ceithre uair i ndiaidh a chéile idir 1983 agus 1987 ach bhí an staid i d'óstach do tinrimh tuairim cheathrú cuid an figiúr roimhe seo.[22] Ghlac díol an staid páirt i titim eile. Lean na tinrimh ag titim le linn na blianta gan chónai, go háirithe na blianta a chaitheann ar an taobh thuais, gan na tinrimh taifeadta le linn cónaí an club ag an RDS a áireamh. Fhreastail 22 000 daoine an chéad cluiche ag an staid.[22] Sular an athshuíomh go Tamhlacht, laghdaítí bonn tacaíochta an club go lárghrúpa de bhreis ar míle tacadóirí. Cuimsíonn sé tuairim 2 500 sealbhóirí ticéad séasúir faoi láthair.[24][25]

Tá a lán iompairceanna comhroinnte idir Ruagairí na Seamróige agus clubanna eile ar feadh a stair. Is é an iompairc comhroinnte leis an Shelbourne an iompairc den sórt is sine. Bunaíodh sé ar bhonn bunúis na clubanna sa Rinn. Maireann sé mar iompairc tánaisteach le taobh an dearbaí áitiúil le St Patrick's Athletic. Ba é Drumcondra príomhiompairc an chlub le linn na 1950idí agus 1960idí ach cuireadh Bohemians in ionad Drumcondra mar an club móra ar an taobh thuais sa 1970idí.[9]iompairc clasaiceach forbartha idir Ruagairí na Seamróige agus Bohemians ón uair.[26]

Liosta trófaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Náisiúnta[athraigh | athraigh vicithéacs]

1922/23, 1924/25, 1926/27, 1931/32, 1937/38, 1938/39, 1953/54, 1956/57, 1958/59, 1963/64Star*.svg
1983/84, 1984/85, 1985/86, 1986/87, 1993/94, 2010
1925, 1929, 1930, 1931, 1932, 1933, 1936, 1940, 1944, 1945, 1948, 1955, 1956, 1962, 1964, 1965, 1966,
1967, 1968, 1969, 1978, 1985, 1986, 1987
1924/25, 1926/27, 1931/32, 1932/33, 1934/35, 1937/38, 1941/42, 1949/50, 1951/52, 1954/55, 1955/56, 1956/57,
1957/58, 1962/63, 1963/64, 1964/65, 1965/66, 1967/68
1976/77
2006

Réigiúnach[athraigh | athraigh vicithéacs]

1923, 1927, 1929, 1930, 1933, 1938, 1953, 1955, 1956, 1957, 1958, 1964, 1969, 1982, 1985, 1997

Liosta trófaí críochnaithe (Béarla)

Liosta imreoirí 2010[athraigh | athraigh vicithéacs]

U. Ionad Peileadóir
1 Flag of Northern Ireland.svg B Alan Mannus
2 Flag of Ireland.svg C Patrick Sullivan
3 Flag of Ireland.svg C Enda Stevens
4 Flag of Scotland.svg C Craig Sives
5 Flag of Ireland.svg C Aidan Price
6 Flag of Ireland.svg L Stephen Rice
7 Flag of Ireland.svg L Stephen Bradley
8 Flag of Ireland.svg L James Chambers
9 Flag of Scotland.svg I Gary Twigg
10 Flag of Ireland.svg I Dessie Baker
11 Flag of England.svg I Neale Fenn
U. Ionad Peileadóir 600px Bianca con bande Verdi e trifoglio.png
13 Flag of Ireland.svg C Pat Flynn
14 Flag of Ireland.svg L Aidan Downes
15 Flag of Ireland.svg L Paddy Kavanagh
16 Flag of England.svg B Pat Jennings
17 Flag of Ireland.svg L Sean O'Connor
18 Flag of Northern Ireland.svg L Chris Turner
19 Flag of England.svg C Danny Murphy
20 Flag of Ireland.svg L Billy Dennehy
23 Flag of Northern Ireland.svg I Thomas Stewart
24 Flag of England.svg C Dan Murray
25 Flag of Ireland.svg L Robert Bayly

Séasúir caite[athraigh | athraigh vicithéacs]

Imreoirí[athraigh | athraigh vicithéacs]

[[Íomhá:|15px]]
Imreoirí na bliana
  • 1979–1980: Robbie Gaffney
  • 1980–1981: Harry Kenny
  • 1981–1982: Liam Buckley
  • 1982–1983: Liam Buckley
  • 1983–1984: Alan Campbell
  • 1984–1985: Pat Byrne
  • 1985–1986: Mick Neville
  • 1986–1987: Jody Byrne
  • 1987–1988: Mick Byrne
  • 1988–1989: Jody Byrne
  • 1989–1990: Vinny Arkins
  • 1990–1991: Dave Connell
  • 1991–1992: Dave Connell
  • 1992–1993: Peter Eccles
  • 1993–1994: Alan Byrne
  • 1994–1995: Gino Brazil
  • 1995–1996: Alan O'Neill
  • 1996–1997: Tony Cousins
  • 1997–1998: Matt Britton
  • 1998–1999: Tony O'Dowd
  • 1999–2000: Terry Palmer
  • 2000–2001: Tony Grant
  • 2001–2002: Shane Robinson
  • 2002–2003: Noel Hunt
  • 2003: Glen Fitzpatrick
  • 2004: Trevor Molloy
  • 2005: Barry Murphy
  • 2006: Aidan Price
  • 2007: Ger O'Brien
  • 2008: Darragh Maguire
  • 2009: Gary Twigg


Curiarrachtaí agus staitisticí[athraigh | athraigh vicithéacs]

[[Íomhá:|15px]]
Cluichí
  • 100ú Cluiche sraithe: Ruagairí na Seamróige 3–1 Athlone (24/9/1927)
  • 500ú Cluiche sraithe: Ruagairí na Seamróige 2–0 Shelbourne (21/4/1948)
  • 1000ú Cluiche sraithe: Dundalk 1–0 Ruagairí na Seamróige (20/2/1971)
  • 1500ú Cluiche sraithe: Ruagairí na Seamróige 2–0 Athlone (22/1/1989)
  • 1600ú Cluiche sraithe: Ruagairí na Seamróige 0–0 Waterford (24/1/1993)
  • 1700ú Cluiche sraithe: Galway 0–2 Ruagairí na Seamróige (2/3/1996)
  • 2000ú Cluiche sraithe: Ruagairí na Seamróige 1–2 Drogheda (22/10/2004)
[[Íomhá:|15px]]
Torthaí
  • Bua is mó:
    Ruagairí na Seamróige 11–0 Bray Unknowns (28/10/1928)
  • Cailleadh is mó:
    St James's Gate 7–0 Ruagairí na Seamróige (22/4/1937)
    Cork City 7–0 Ruagairí na Seamróige (31/8/1938)
    Górnik Zabrze 7–0 Ruagairí na Seamróige (1994–95)


Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. 1.0 1.1 "Roll of Honour". Shamrock Rovers Football Club. Dáta rochtana: 2010-04-14. (Béarla)
  2. "Irish Football Club Project - North vs. South - Past Winners". Dáta rochtana: 2010-04-18. (Béarla)
  3. 3.0 3.1 3.2 "A Brief History of Shamrock Rovers". Shamrock Rovers Football Club. Dáta rochtana: 2010-04-18. (Béarla)
  4. "FAI History: 1930 - 1959". Cumann Peile na hÉireann. Dáta rochtana: 2010-04-18. (Béarla)
  5. "The Year in American Soccer - 1967". Dáta rochtana: 2010-04-18. (Béarla)
  6. "Who dropped the ball when it came to protecting our sporting heritage?". Sunday Tribune. Dáta rochtana: 2010-04-19. (Béarla)
  7. "Shamrock Rovers Members Club". Shamrock Rovers Football Club. Dáta rochtana: 2010-04-22. (Béarla)
  8. 8.0 8.1 "They Gave us the Hoops". Dáta rochtana: 2010-04-22. (Béarla)
  9. 9.0 9.1 Emmet Malone (02-10-2009). "Best of enemies ready to go at it". The Irish Times. Dáta rochtana: 2010-04-22. (Béarla)
  10. Rice, Eoghan (2005). "We Are Rovers". Nonsuch. “You'd get up to 30,000 people in Milltown.”  (Béarla)
  11. "Jimmy Dunne". Dáta rochtana: 2009-02-02. (Béarla)
  12. "Paddy Coad". Dáta rochtana: 2009-02-02. (Béarla)
  13. Rice, Eoghan (2005). "We Are Rovers". Nonsuch. “However, the side that Paddy Coad would form was to change the way Irish people viewed the sport of football. The fast, passing style of football they played revolutionised the game in Ireland.”  (Béarla)
  14. "Paddy Ambrose and Tommy Eglington". Clontarf Online. Dáta rochtana: 2010-10-08. (Béarla)
  15. "Shamrock Rovers Members Club Aims". Shamrock Rovers Football Club. Dáta rochtana: 2010-04-25. (Béarla)
  16. "Eircom League Focus". RTÉ. Dáta rochtana: 2010-04-25. (Béarla)
  17. "Supporters Clubs". Shamrock Rovers Football Club. Dáta rochtana: 2010-04-26. (Béarla)
  18. "srfc ultras". Dáta rochtana: 2010-04-23. (Béarla)
  19. 19.0 19.1 "Hoops Keeping The Dream Alive". Dáta rochtana: 2010-04-23. (Béarla)
  20. "Soccer: Roma Therapy". Irish Examiner. Dáta rochtana: 2010-04-26. (Béarla)
  21. "Brothers". Dáta rochtana: 2010-04-26. (Béarla)
  22. 22.0 22.1 22.2 Rice, Eoghan (2005). "We Are Rovers". Nonsuch.  (Béarla)
  23. Whelan, Daire (2006). "Who Stole Our Game?". Gill & Macmillan Ltd.  (Béarla)
  24. "Tallaght Stadium sold out again". League of Ireland. Dáta rochtana: 2010-04-29. (Béarla)
  25. "Season ticket update - delivery next week". Shamrock Rovers Football Club. Dáta rochtana: 2010-04-29. (Béarla)
  26. "Rivals set for new chapter in old capital affair". The Irish Times. Dáta rochtana: 2010-04-30. (Béarla)

Leabharliosta[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Rice, Eoghan (2005). "We Are Rovers". Nonsuch.  (Béarla)
  • Paul Doolan, Robert Goggins (1993). "The Hoops". Gill & Macmillan Ltd.  (Béarla)

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]