Galway United Football Club

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Galway United F.C.)
Galway United FC
Peil
The Tribesmen
Sainchomharthaí
Éidí
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
As baile
Dathanna: Corcairghorm
Sonraí ginearálta
Cathair: Gaillimh
Tír: Éire
Cónaidhm: UEFA
Sraith: Sraith na hÉireann
Bunaithe: 1937
Cathaoirleach: ?
Traenálaí: ?
Staidiam: Páirc Thír Oileáin
(5 000 áit)
Suíomh: www.galwayunitedfc.ie

Galway United Football ClubGaillimh Aontaithe, club peile Éireannach bunaithe mar Galway Rovers i 1937. Ghlac Gaillimh páirt i Sraith na hÉireann den chéad uair i 1977. Rinne Galway Rovers a début i Sraith na hÉireann i bPáirc Thír Oileáin, Gaillimh, in aghaidh St. Patricks Athletic ar an 28ú Lúnasa den bhliain sin. Tá an club ag imirt faoi láthair sa bPríomhroinn (an tsraith is airde sa tír).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh "Fir na dtreibh" (leasainm an chlub) Corn FAI i 1991, agus an Corn Sraithe na hÉireann i 1985-86 agus i 1996-97. Ba é an áit is airde a bhain an club amach sa tsraith ná an dara háit taobh thiar de Ruagairí na Seamróige i 1985-86. Bhí siad mar seaimpíní an Chéad Sraith i 1992-93, sa dara háit i 1999 agus bhuagh siad Sciath (Shield) na Príomhroinne i 1992-93 agus i 1996-97. D'imir Gaillimh Aontaithe i gcomórtais UEFA trí uair, buaileadh iad gach uair sa gcéad cluiche.

Comórtas Bliain In aghaidh
Cup Winners Cup 1985-86 Lyngby
Cup Winners Cup 1991-92 Odense
Corn UEFA 1986-87 Groningen

Tá an geansaí cáiliúil marúin caite ag roinnt imreoirí iontacha. Duine de na himreoirí Gaillimheacha is cáiliúla ná Eamonn "Chick" Deacy. Breathnaíodh air mar gnáth-imreóir aitúil, ach le teann dianseasmhachta agus díograise chuir sé ina luí ar Aston Villa F.C. triail a thabhairt dó, agus chaith sé cúig shéasúir rathúla ag an gclub. Nuair a bhí sé le Villa, bhuaigh Eamonn Bonn Sraithe i rith an séasúir rathúil 1980-81. Chomh maith, bhí iarimreoir idirnáisiúnta Iodálach Fernando De Napoli mar leas-bhainisteoir ar Ghaillimh Aontaithe ar feadh achar gearr i 1998. I mí na Nollag 2006 d'fhógair an FAI go mbeadh cuireadh tugtha do Ghaillimh Aontaithe páirt a ghlacadh i bPríomhroinn Sraith Náisiúnta an FAI Eircom nua tar éis iarratais rathúil. De bharr sin agus le neart conspóide, bhuail siad Dún Dealgan F.C. agus Port Láirge Aontaithe F.C. chun áit a bhaint amach sa bPríomhroinn nua. Roghnaíodh ceathrar imreoir i bhfoireann Príomhroinne na bliana (Raffael Cretaro, Ciaran Foley, Conor Gethins & Derek O'Brien). Fógraíodh freisin pleananna do seastán nua i Páirc Thír Oileáin.

Liosta trófaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iar-imreoirí cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]