Pearse Hutchinson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

File, craoltóir, agus aistritheoir Éireannach ab ea Pearse Hutchinson (192714 Eanáir 2012).[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Hutchinson i nGlaschú na hAlban. Bhí a athair, Harry, ina chlódóir agus ina chisteoir ag Sinn Féin i nGlaschú agus chaith sé tamall ina phríosúnach i gcampa Frongoch i 1919-21. Ba de shliocht Thír Chonaill a mháthair, Cathleen Sara a rugadh i Cowcaddens, Glaschú. Fuair Harry post i mBaile Átha Cliath sa Mhalartán Saothair, agus in Oifig an tSoláthair ina dhiaidh sin, tar éis do Cathleen litir a chur chuig Éamon de Valera.

Cúig bliana d'aois a bhí Pearse nuair a chuaigh an teaghlach go Baile Átha Cliath, agus cuireadh ar an rolla i Scoil Éinne é, an gasúr deireanach a cláraíodh inti sular dúnadh í. D'fhreastail sé ar scoil na mBráithre ar Shráid Synge ina dhiaidh sin mar ar fhoghlaim sé Gaeilge agus Laidin. Chuaigh sé go Coláiste na hOllscoile sa bhliain 1948 mar ar fhoghlaim sé Spáinnis agus Laidin.

Foilsíodh dánta dá chuig san iris ''The Bell'' sa bhliain 1945 agus chuaigh turas chun na Spáinne agus na Portaingéile sa bhliain 1950 i bhfeidhm go mór air. Chuir sé aithne ar Galicia den chéad uair agus ar dheisceart na Spáinne, réigiún Andalucia. Bhí sé go mór faoi dhraíocht ag an tírdhreach agus ag saothar na bhfilí Lorca, Prados agus Cernuda.

Bheartaigh sé ar dhul a chónaí sa Spáinn an bhliain dár gcionn, ach níor éirigh leis aon obair a fháil i Madrid. Fuair sé post mar aistritheoir san Oifig Idirnáisiúnta Saothair sa Ghinéiv, agus mhéadaigh ar a theagmháil le muintir Galicia, dream a raibh a dteanga faoi chois ag Franco. D'fhoghlaim sé Ollanais nuair a thug cara cuireadh chun na hOllaine dó.

Ar ais leis go hÉirinn sa bhliain 1953, agus dhírigh sé níos mó ar fhilíocht na Gaeilge - foilsíodh dánta dá chuid san iris ''Comhar'' sa bhliain 1954.

Chuaigh sé ar ais chun na Spáinne agus d'fhoghlaim sé Catalóinis agus níos mó den Ghailísis, chuir sé aithne ar fhilí Catalónacha ar nós Salvador Espriu agus Carles Riba. Tar éis tamaill d'fhill sé ar Éirinn ach bhí sé ar ais i mBarcelona i 1961 agus é gafa i gcónaí le filíocht na gCatalónach - bhí Franco i réim i gcónaí agus géarleanúint á dhéanamh aige ar theangacha mionlaigh na Spáinne.

Foilsíodh a chéad leabhar, aistriúchán ar 30 dán le Josep Carner, sa bhliain 1962. Tá cuid de na haistriúcháin seo le fáil ina leabhar Done into English.

Ba sa bhliain 1963 a foilsíodh an chéad chnuasach dá shaothar féin, Tongue Without Hands (tagairt don eipic Spáinneach El Cid) ag Dolmen Press. Tar éis dó deich mbliana a chaitheamh sa Spáinn d'fhill Hutchinson ar Éirinn i 1967, agus an fhilíocht agus an iriseoireacht mar shlí bheatha aige. Foilsíodh Faoistin Bhacach, cnuasach dánta i nGaeilge, i 1968, agus cnuasach Béarla, Expansions, an bhliain dár gcionn. Aistriúcháin atá sa chnuasach Friend Songs (1970, dánta ón mheánaois a scríobhadh i nGailliphortaingéilis). Foilsíodh dhá leabhar eile dá dhánta i mBéarla Watching the Morning Grow, agus The Frost is All Over, sna seachtóidí.

Ghlac Hutchinson le Comhaltacht sa bhFilíocht in Ollscoil Leeds i mí Dheireadh Fómhair 1971, ar mholadh an Ollaimh A. Norman Jeffares. Cuireadh i leith Jeffares go raibh sé claonta i leith an Éireannaigh ach tarraingíodh an liamhain sin siar níos déanaí. Trí bliana a chaith Hutchinson sa chomhaltacht agus cuireadh eagrán iomlán d'iris thábhachtach filíochta na hOllscoile, Poetry & Audience amach mar eagrán teoranta agus gan ann ach a chuid filíochta.

Ó 1977 go 1978 bhí an clár Óró Domhnaigh á chur le chéile agus á láithriú aige, clár ina raibh meascán d'fhilíocht, de cheol agus de bhéaloideas, ar an stáisiún raidió náisiúnta RTÉ. Bhí colún seachtainiúil Gaeilge san iris RTÉ Guide ar feadh deich mbliana. Foilsíodh cnuasach eile dá chuid aistriúchán, liricí seanGhaeilge a d'aistrigh sé i gcomhar le Melinta Cataldi go hIodáilis. I 1989, tháinig cnuasach nua Béarla amach, Climbing the Light, ina raibh aistriúcháin ón nGaeilge, ón Iodáilis agus ón Ghailisís, chomh maith le leabhar filíochta Gaeilge, Le Cead na Gréine. Aistriúcháin i mBéarla ar dhánta Gaeilge a bhí sa chnuasach The Soul that Kissed the Body (1990). Barnsley Main Seam (1995) an t-ainm a bhí ar chnuasach i mBéarla a foilsíodh i 1995.

Bhí sé ina chomheagarthóir agus ina bhunaitheoir ar an iris litríochta Cyphers, agus bronnadh Gradam an Bhuitléirigh air ar son son a chuid scríbhneoireachta sa bhliain 1969. Rinneadh ball den Aos Dána de agus bronnadh cnuas air a chuir ar a chumas leanúint ar aghaidh leis an scríbhneoireacht.

Fuair sé bás ar an 14 Eanáir, 2012.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaeilge agus Béarla[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Josep Carner: Poems (Oxford, The Dolphin Press, 1962)
  • Tongue Without Hands (Dublin, The Dolmen Press, 1963)
  • Faoistin Bhacach (Baile Átha Cliath, An Clóchomhar, 1968)
  • Expansions (The Dolmen Press, 1969)
  • Watching the Morning Grow (Dublin, The Gallery Press, 1972) ISBN 0-904011-00-3
  • The Frost is all Over (The Gallery Press, 1975) ISBN 0-902996-34-7
  • Selected Poems (Oldcastle, Co Meath, The Gallery Press, 1980) ISBN 0-904011-28-3
  • Climbing the Light (The Gallery Press, 1985) ISBN 0-904011-86-0
  • The Soul that Kissed the Body: Selected Poems in Irish with translations into English (Dublin, The Gallery Press, 1990) ISBN 1-85235-060-1
  • Le Cead na Gréine, (An Clóchomhar, 1992)
  • Barnsley Main seam (The Gallery Press, 1995) ISBN 1-85235-155-1
  • Collected Poems (The Gallery Press, 2002) ISBN 1-85235-312-0
  • Done Into English: Collected Translations (Dublin, The Gallery Press, 2003) ISBN 1-85235-315-5
  • At Least For A While (The Gallery Press, 2008) ISBN 1-85235-448-0
  • Mooie rode zijden liefde/Beautiful red silk love, bilingual: English/Dutch, translators: Joris Iven and Peter Flynn (Demer Press, ePublisher, Belgium, 1st ed. 2010, 2nd ed. 2012) ISBN 978-90-813070-9-3

Teangacha eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh eagráin dá chuid filíochta i dteangacha éagsúla:

  • El Alma Que Besó Al Cuerpo, aistriúcháin le Pilar Salamanca (Madrid: Hiperión, 1994);
  • L’anima che bacio il corpo / Pearse Hutchinson; poesie scelte a cura di Melita Cataldi; traduzioni dall’irlandese e dall’inglese di Rosangela Barone, Melita Cataldi e Marco Sonzogni (Torino: Trauben, 1999);
  • Achnasheen: Corenta e catro poemas irlandeses, translations by Kathleen March and Luis Martul (Santiago di Compostela: Noitarenga, 2002);
  • Cîtec de cimpoi / Pearse Hutchinson; traducere de Christian Tămaş (Iaşi, Romania: Ars Longa, 2003);
  • Lenda, translations by Robert Neal Baxter, (Santiago di Compostela: Amastra-N-Gallar, 2004);
  • Poèmes / Pearse Hutchinson, edition trilingue irlandais, anglais et français, présentés et introduits par Bernard Escarbelt et *Pádraig Ó Gormaile (sur CD version sonore en irlandais par le poète lui-même (Villeneuve d’Ascq: Presses Universitaires du Septentrion, 2008).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]