Jump to content

Maol Cobha mac Aodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaol Cobha mac Aodha
Beathaisnéis
Breith6 haois
Bás615 (Féilire Ghréagóra)
Ardrí na hÉireann
612 – 615
← Aodh FuariodhnachSuibhne Meann → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Néill an Tuaiscirt Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCeallach mac Maoil Chobha, Conall mac Maoil Chobha, Cacht (?) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAodh mac Ainmhireach
SiblínDomhnall mac Aodha

Ardrí na hÉireann ba ea Maol Cobha mac Aodha (Sean-Ghaeilge Máel Coba mac Áedo) (bás 615). Aodh mac Ainmhireach (bás 598) ba ea a athair, agus Domhnall mac Aodha (bás 642) a dheartháir, Ardríthe beirt a mheastar. Na bhall iad de Cenél Conaill Uí Néill an Tuaiscirt.[1][2][3] D'éirigh Maol Cobha ina thaoiseach Cenél Conaill tar éis bhás a dhearthár, Conall Cú mac Aodha, sa bhliain 604.

Dáileadh an ardríocht idir Cenél nEógain agus Cenél Conaill ó lár na 6ú haois ar aghaidh. Ba é Aodh Fuariodhnach réamhtheachtaí Mhaoil sna ríliostaí the king lists, agus tháinig seisean i gcomharbacht ar Shuibhne Meann, an bheirt de Cenél nEógain, cé go rítheaghlaigh iomaíochta. Bhí sé i réim ó 612 go 615.[4]

Sa bhliain 615, cloíodh agus maraíodh Maol Cobha ag Suibhne Meann i gCath Shliabh Troim, Tír Eoghain.[5][6][7] Insítear i dtéacsanna níos deireanaí, ámh, gur tháinig sé slán as an gcath, rinneadh file agus easpag Clochair de, agus ansin díseartach ag Droim an Iolair[8], Béal Leice, Contae Fhear Manach, agus i ndeireadh na dála fuair sé bás den phlá.[9][10][11][12][13] Is amhlaidh gur insealbhaigh Suibhne Meann Aonghas mac Colmáin mar Ardrí, in ainm ar a laghad.

Bhí beirt mhac aige a rinneadh Ardríthe díobh de réir roinnt foinsí, Ceallach (bás 658) agus Conall (bás 654). Insítear gur gharmhac Mhaoil é Dúnchad mac Cinn Fáelad, ab Oileán Í, (bás 717).

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • "Suibne Menn mac Fiachnai (d. 628)". Oxford Dictionary of National Biography (2004).
  1. Byrne, Tábla 4
  2. Charles-Edwards, Aguisín IV
  3. Mac Niocaill, lch. 153
  4. Tugtar réimeas 3 bliana sa Leabhar Laighneach agus 4 bliana i Sioncronachtaí Laud.
  5. Annála Uladh, AU 615.1
  6. Annála Tiarnaigh, AT 613.1
  7. Mac Niocaill, lch. 90
  8. Droim an Iolair ar logainm.ie
  9. The banquet of Dun na n-Gedh and The battle of Magh Rath via archive.org.
  10. Lebor gabála Érenn via archive.org
  11. Genealogiae regum et sanctorum Hiberniae via archive.org
  12. The Register of Clogher, by K. W. Nicholls, in Clogher Record, Iml. 7, Uimh. 3 (1971/1972), lch. 381
  13. Ó Daly, 1969a, ar CODECS


Réamhtheachtaí
Áed Uaridnach
Ardrí na hÉireann
608-610
Comharba
Suibne Menn