Maistín
Madra mór baile. Ar dtús, aon mhadra mór, ach anois ceann de 3 phór: an seanmhaistín Sasanach (fionnadh gearr mílítheach, cosa is eireaball fada, ceann trom le cluasa gearra ar luascadh, soc is gialla domhain), an maistín Tibéadach atá tearc, agus an tósa Seapánach. Úsáidtear an t-ainm don tarbhmhaistín freisin.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |