Leibhéil fuinnimh
Jump to navigation
Jump to search
Na luachanna fosaithe scoite fuinnimh i gcórais chandamacha. I ngnáthchórais mheicniúla, mar mhalairt, is féidir luachanna éagsúla leanúnacha a bheith iontu, gan leibhéil scoite. An staid a bhfuil an t-íosleibhéal fuinnimh inti, tugtar an bhunstaid uirthi. Mar shampla, ní féidir leis na leictreoin in adamh ach a bheith ag leibhéil scoite ghlana. Maidir le hadamh ina bhunstaid, níl ach leictreoin bhunstaide ann. Má ionsúnn an t-adamh sin fuinneamh, ardófar leictreon leis go dtí leibhéal ceadaithe níos airde, agus deirtear go bhfuil an t-adamh sin i staid flosctha.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |