Prionsabal Aufbau

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sealbhaíonn leictreoin scealla agus foscealla an adaimh i gcomhréir le prionsabal Aufbau.

Deirtear i bPrionsabal Aufbau, (ón nGearmáinis : Aufbauprinzip prionsabal tógála ), ar a dtugtar Riail Aufbau freisin, nuair atá an t-adamh nó an ian sa bhunstaid, go líonann leictreoin fithiseáin adamhacha den leibhéil fuinnimh is ísle a bhíonn ar fáil, sula sealbhaíonn siad leibhéil níos airde. Mar shampla, líontar an fosceall 1s sula líontar an fosceall 2s. Ar an mbealach seo, déanann leictreoin den adamh nó den ian na cumraíochtaí leictreoin is cobhsaí gur féidir. Sampla is ea an chumraíocht 1s 2 2s 2 2p 6 3s 2 3p 3 don adamh fosfair, rud a chiallaíonn go bhfuil 2 leictreon ag an bhfosceall 1s, agus mar sin de.

Léirítear iompar leictreon le prionsabail eile de chuid na fisice adamhaí, amhail Riail Hund agus prionsabal eisiaimh Pauli. Dearbhaíonn Riail Hund más rud é go bhfuil fithiseáin iolracha den fhuinneamh céanna ar fáil, glacfaidh leictreoin fithiseáin éagsúla ina n-aonar sula líontar aon cheann faoi dhó. Má líontar ceann faoi dhó, éilíonn Prionsabal Eisiaimh Pauli go gcaithfidh guairní dhifriúla a bheith ag leictreoin a líonann an fithiseán céanna (+1/2 agus −1/2).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]