Prionsabal eisiaimh Pauli

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Prionsabal a d'fhógair Wolfgang Pauli i 1925, nach ceadaithe d'aon dá leictreon (nó aon dá fheirmíón eile) an staid chandamach cheannann chéanna a shealbhú. Is gá an prionsabal seo chun míniú cén fáth nach dtiteann leictreoin uile an adaimh ar a chéile chuig staid amháin. Is cloch coirnéil de chuid na teoirice candamaí é.