J. M. W. Turner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJ. M. W. Turner

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) William Turner
Beathaisnéis
Breithc. 23 Aibreán 1775
Maiden Lane, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Nollaig 1851
76 bliana d'aois
Cheyne Walk, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisCalar
Áit adhlacthaArdeaglais Naomh Pól Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh Ríoga na nEalaíon Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreDearcealaíona, péintéireacht, ealaín tírdhreacha agus maisiú
Suíomh oibre Vín
Leiden
Rotterdam
An Háig
Haarlem
Delft
Dordrecht
Amstardam
Utrecht
Rheinfelden
Dún Éideann
Londain
Luzern
Chester
Zürich
Briostó
Malmesbury
An Veinéis
An Róimh
Lyon
Páras
Rouen
Dieppe
An Bheilg
Prág
Torino
Beirlín
Heidelberg
Napoli
Dresden
Flórans
Konstanz
Bologna
Twickenham Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, línitheoir, amharc-ealaíontóir, déantóir priontaí, péintéir tírdhreacha, maisitheoir, maisitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraPéintéireacht radharc mara, péintéireacht staire agus ealaín tírdhreacha
GluaiseachtRómánsachas
Mac/iníon léinn de chuidJoshua Reynolds agus Thomas Malton
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Musicbrainz: 47cb71ff-bcf9-41b1-8532-9689f59763e1 Discogs: 2234939 Find a Grave: 6205 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba ealaíontóir Rómánsúil Sasanach é Joseph Mallord William Turner. Rugadh é i Maiden Lane in Covent Garden, Londain, ar an 23 Aibreán 1775. William Gay Turner ab ainm dá athair agus Mary Marshal ab ainm dá mháthair.

Tháinig tinneas intinne ar a mháthair agus é óg, b’fhéidir de bharr bhás a dheirféar óige agus iníon a mháthar, Helen Turner. Fuair sí siúd bás in Bedlam, teach na ngealt.

D'fhág an scéal seo an teaghlach chomh suaite sin gur cuireadh Turner go dtí teach a uncail ar thaobh a mháthar in Brentford, baile a bhí tamall siar ó Londain ar bhruach Abhainn an Támais. Is anseo a tháinig suim aige sa phéintéireacht. An bhliain dár gcionn chuaigh sé ar scoil in Margate ar chósta Kent.

Chuaigh sé isteach i scoil ullmhúcháin Acadamh Ríoga n hEalaíona sa bhliain 1789 agus é ceithre bliana déag d’aois, agus ghlac an tAcadamh leis an bhliain dár gcionn. Ar dtús chuir sé suim san ailtireacht, ach d'áitigh an t-ailtire Thomas óg Hardwick air leanúint den phéintéireacht. An bhliain dár gcionn taispeánadh an chéad uiscedhath ag Turner ag an Taispeántas Samhraidh. Sa bhliain 1796 taispeánadh an chéad phictiúr ola a rinne sé, Iascairí ar an bhFarraige.

"The Fighting Téméraire tugged to her last Berth to be broken up", 1838

In ainneoin a ndearna Turner de phictiúir iontacha ola, is iad a chuid uiscedhathanna tírdhreacha na saothair is mó clú dá chuid. Tugtar "ealaíontóir an tsolais" air. Tá an-cháil ar fad ar na bpictiúr a rinne sé den Téméraire agus í á tarraingt chun áit a briste, pictiúr atá le feiceáil i nDánlann Náisiúnta Shasana, Londain.

Shiúil Turner an Eoraip, taisteal a thosaigh sa Fhrainc agus san Eilvéis sa bhliain 1802, agus chuaigh sé ag déanamh staidéir sa Louvre i bPáras an bhliain chéanna. Is iomaí cuairt a thug sé ar an Veinéis freisin.

Is mór an cúnamh a fuair é ó Walter Ramsden Fawkes, cara maith leis a bhí ina chónaí in Farnley Hall in aice le Otley in Yorkshire. Chuaigh Turner go dtí Otley den chéad uair sa bhliain 1797 in aois a fhiche bliain. Chuaigh áilleacht an cheantair i bhfeidhm go mór air agus is minic a thug sé cuairt air ina dhiaidh sin. Fuair sé spreagadh chun Hannabal ag Trasnú na hAlpa a dhéanamh ó stoirm a chonaic sé agus é ag Farnley Hall.

Ba mhinic Turner ar cuairt ag George O’Brien Wyndham, an Tríú Iarla Egremont, i dTeach Petworth in West Sussex. Rinne sé pictiúir den cheantar máguaird agus de cheantar Sussex ar fad.

Nuair a chuaigh Turner in aois d’éirigh sé saghas aisteach. Is beag dlúthchara a bhí aige seachas a athair, a bhí in aontíos leis le tríocha bliain. D'fhág bás a athar sa bhliain 1822rian an-trom air, agus ó shin amach thagadh babhtaí gruaime air. Níor phós sé riamh ach bhí beirt iníon aige le Sarah Danby, iníon a rugadh sa bhliain 1801 agus iníon eile a rugadh sa bhliain 1811.

Fuair sé bás i dteach Danby ar an naoú lá déag de Nollag 1851.

Foinse[cuir in eagar | athraigh foinse]