Jump to content

Baile Átha Cliath Thiar-Meán (Dáilcheantar)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Átha Cliath Thiar-Meán

Suíomh
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú2002
Aitheantóir tuairisciúil

Is Dáilcheantar 5 suíochán (in 2024) é Baile Átha Cliath Thiar-Meán[1] - Na bruachbhailte Baile Phámar, Cluain Dolcáin, Leamhcán, Teach Sagard agus Ráth Cúil.[2]

Frances Fitzgerald, FG, 2014
Emer Higgins, 2022

Olltoghchán 2011

Roinn Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre na suíochán go cothrom eatarthu in 2011, ach tá rudaí athraithe go mór ó shin.

Olltoghchán 2016

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Eoin Ó Broin (Sinn Féin), Frances Fitzgerald (FG), John Curran (FF) agus Gino Kenny (Dlúthphartíocht–Pobal Roimh Bhrabús). Theip ar Derek Keating (FG) agus Joanna Tuffy (LO)

D'éirigh le Mark Ward (SF), suíochán an FPE Frances Fitzgerald (FG) a bhuachan sa bhfothoghchán i dtús mhí na Nollag 2019.[3]

Olltoghchán 2020

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Emer Higgins (Fine Gael), Eoin Ó Broin (Sinn Féin), Gino Kenny (Dlúthphartíocht–Pobal Roimh Bhrabús) agus Mark Ward (Sinn Féin). Bhí Eoin Ó Broin (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 11,842 vóta agus a chomrádaí Mark Ward (SF) a bhí sa dara háit le 7,621 vóta. Toghadh Eoin Ó Broin (SF) ar an gcéad chomhaireamh agus nuair a roinneadh a fharasbarr toghadh Mark Ward (SF) ar an dara comhaireamh. Cé go raibh John Curran (FF) chun cinn ar Emer Higgins (FG) agus ar Gino Kenny (PsB) sa gcéad chomhaireamh, níor aistríodh mórán vótaí chuige agus chaill sé a shuíochán le 706 vóta.[4]

Olltoghchán 2024

San Olltoghchán 2024, bhí síneadh curtha leis na teorainneacha agus suíochán breise le líonadh dá réir. Sheas 17 iarrthóir, ina measc an ceathrar Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Eoin Ó Broin (SF) agus Mark Ward (SF), Emer Higgins (FG) agus Gino Kenny (PsB).[5]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Paul Gogarty (Nspl), Shane Moynihan (FF), Eoin Ó Broin (SF) agus Mark Ward (SF), agus Emer Higgins (FG).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Dublin Mid-West (Dáil constituency)
  2. Donncha Ó hÉallaithe (Feabhra 5 2020). "TOGHCHÁN 2020: Sinn Féin ag fiach go láidir ar an dá shuíochán i mBaile Átha Cliath Thiar Meán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-28.
  3. Donncha Ó hÉallaithe (Feabhra 5 2020). "TOGHCHÁN 2020: Sinn Féin ag fiach go láidir ar an dá shuíochán i mBaile Átha Cliath Thiar Meán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-28.
  4. Donncha Ó hÉallaithe (28 Samhain 2024). "Idir mhaith agus olc d’Fhianna Fáil in iarthar na hardchathrach, an-seans ag Coppinger filleadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-28.
  5. Donncha Ó hÉallaithe (28 Samhain 2024). "Idir mhaith agus olc d’Fhianna Fáil in iarthar na hardchathrach, an-seans ag Coppinger filleadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-28.