Harold Wilson
Cuma
(Athsheolta ó Harold wilson)
Polaiteoir Briotanach ab ea Arthur Harold Wilson, (11 Márta 1916-24 Bealtaine 1995), a rugadh Wilson i Huddersfield, do James Herbert Wilson agus Ethel Wilson. Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe ba ea é idir 1964 agus 1970, agus arís idir 1974 agus 1976. Bhí sé ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre idir 1963 agus 1976.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 1970idí, bhí Wilson ag fulaingt leis an ngalar Alzheimer (sna caogaidí a bhí sé ag an am).[1] Bhíodh sé ag ól, fiú roimh dhíospóireachtaí móra parlaiminte.[2] Síorchaiteoir ba ea é chomh maith. D’éag sé ar an 24 Bealtaine 1995. Bhuail ailse na drólainne é chomh maith le galar Alzheimer srl.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Claonpháirteachas idir na fórsaí cosanta agus na dílseoirí: fianaise nua" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-05-24.
- ↑ "Dia idir sinn agus Príomh-Airí breoite na Breataine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-05-24.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |