Halaigin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Halaiginí)
Jump to navigation Jump to search
Suíomh na n-alaiginí sa tábla peiriadach - Grúpa 17

Grúpa dúl ar chlár peiriadach na ndúl le 7 bhfiúsleictreon is ea na Halaigíní. Cuimsíonn siad fluairín(F), clóirín (Cl), bróimín (Br), iaidín (I), agus an dúil shaorga astaitín (At). Féadfaidh an eilimint 117 a cruthaíodh go saorga, teinisín (Ts), a bheith ina halaigine freisin. San ainmníocht nua-aimseartha AIGCF, tugtar grúpa 17 ar an ngrúpa seo.

Ciallaíonn an t-ainm "halaigine" "salainnghinteach." Nuair a imoibríonn halaiginí le miotail, táirgeann siad raon leathan salainn, lena n-áirítear fluairíd chailciam, clóiríd sóidiam (salann boird coitianta), bróimíd airgid agus iaidíd photaisiam.

Is é an grúpa halaiginí an t-aon ghrúpa sa tábla peiriadach ina bhfuil dúile i dtrí cinn de staideanna an damhna ag teocht agus brú caighdeánach. Cruthaíonn na halaiginí go léir aigéid nuair atá siad nasctha le hidrigin. De ghnáth táirgtear an chuid is mó de halaiginí ó mhianraí nó ó shalainn. Is minic a úsáidtear na halaiginí ata sa lár - clóirín, bróimín, agus iaidín - mar dhífhabhtáin. Is iad na horgánabhróimídí an aicme is tábhachtaí de na lasairmhoillitheacha, cé go bhfuil halaiginí eiliminteacha contúirteach agus is féidir leo a bheith tocsaineach marfach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chomh luath le 1529, bhí a fhios ag ceimiceoirí go raibh an mianra fluairít Thuig ceimiceoirí luatha go bhfuil dúil nár aimsíodh i gcomhdhúile fluairín, ach nach raibh siad in ann í a haonrú. Sa bhliain 1860, sheol George Gore, poitigéir Sasanach, sruth leictreachais trí aigéad hidreafluarach agus is dócha go ndearna sé fluairín, ach ní raibh sé in ann a thorthaí a chruthú ag an am. Sa bhliain 1886, rinne Henri Moissan, poitigéir i bPáras, leictrealú ar dhéfhluairíd photaisiam a bhí tuaslagtha i bhfluairíd hidrigine ainhidriúil, agus d’éirigh leis fluairín a haonrú.[1] Bhí an aigéad hidreaclórach ar eolas ag ailceimiceoirí agus luath-cheimiceoirí. Níor táirgeadh clóirín eiliminteach, áfach, go dtí 1774, nuair a théadh Carl Wilhelm Scheele an aigéad hidreaclórach le dé-ocsaíd mhangainéise. Thug Scheele “dephlogistische Salzsäure” (Gaeilge: aigéad hidreaclórach dífhlógastach) ar an dúil, agus is é sin an chaoi a raibh clóirín ar eolas le 33 bliain. Sa bhliain 1807, rinne Humphry Davy imscrúdú ar chlóirín agus fuair sé amach gur fíordhúl é. Cuingrithe leis an aigéad hidreaclórach nó leis an aigéad sulfarach i gcásanna áirithe, chruthaigh clóirínan gás, a d'úsáideadh le linn an Dara Cogadh Domhanda toisc go raibh an gás nimhiúil.

D'aimsigh Antoine Jérôme Balard bróimín sna 1820idí. D'aimsigh Balard bróimín trí ghás clóirín a rith trí shampla de sháile. Ar dtús, mhol sé an t-ainm muride don dúil nua, ach d’athraigh L’Académie française ainm na dúile go bróimín. [1]

D'aimsigh Bernard Courtois iaidín, a bhí ag úsáid luaithreamháin feamainne mar chuid de phróiseas chun sailpítear a mhonarú. De ghnáth, bhruith Courtois an luaithreamhán feamainne le huisce chun clóiríd photaisiam a ghiniúint. Sa bhliain 1811, áfach, chuir Courtois aigéad sulfarach lena phróiseas agus fuair sé amach gur tháirg a phróiseas múichí chorcra a chomhdhlúthaigh i gcriostail dhubha. Ag ceapadh gur dúil nua iad na criostail seo, sheol Courtois samplaí chuig poitigéirí eile lena n-imscrúdú. Chruthaigh Joseph Gay-Lussac gur dúil nua í iaidín.[1]

Sa bhliain 1931, mhaígh Fred Allison gur aimsigh sé dúil 85 le meaisín maighnéadoptúil, agus d’ainmnigh sé an dúil alabamine, ach bhí sé contráilte faoi. Sa bhliain 1937, mhaígh Rajendralal De gur aimsigh sé dúil 85 i mianraí, agus ghlaoigh sé dakine uirthi, ach bhí dul amú air freisin. Níor éirigh le hiarracht Horia Hulubei agus Yvette Cauchois teacht ar an dúil 85 sa bhliain 1939 trí speictreascópachta, mar aon le hiarracht sa bhliain chéanna le Walter Minder, a d'aimsigh gné cosúil le iaidín mar thoradh ar bhéite-mheath pholóiniam. D'éirigh le Tháirg Dale R. Corson, K.R. Mackenzie, agus Emilio G. Segrè an dúil 85 a tháirgeadh sa bhliain 1940, trí bhiosmat a thuairgneáil le cáithníní alfa. .[1]

Sa bhliain 2010, d'éirigh le foireann faoi stiúir an fhisiceora núicléaigh Yuri Oganessian ina raibh eolaithe ón Chomh-Institiúid um Thaighde Núicléach (Rúisís: Объединённый институт ядерных исследований), Saotharlann Náisiúnta Oak Ridge, Saotharlann Náisiúnta Lawrence Livermore, agus Ollscoil Vanderbilt teinisín-294 a dhéanamh, tri adaimh bheircéiliam-249 a thuairgneáil le hadamh cailciam-48 . Ó bhí 2019 ann, is í an dúil is déanaí a thángthas ar.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1811, mhol an poitigéir Gearmánach Johann Schweigger go gcuirfí an t-ainm "halogen" - a chiallaíonn "salainnghinteach.", ó αλς [als] "salann" agus γενειν [genein] "gin" - in ionad an ainm "clóirín", a bhí molta ag an gceimiceoir Sasanach Humphry Davy.[2] Bhí an lá ag an ainm "clóirín" ar deireadh.[3] Sa bhliain 1826, áfach, mhol an poitigéir Sualannach Baron Jöns Jacob Berzelius an téarma “halaigine” do na heilimintí fluairín, clóirín, agus iaidín, a tháirgeann substaint cosúil le salann sáile nuair a fhoirmíonn siad comhdhúil le miotal alcaileach.[4][5]

Tá an foirceann -ín (-ine sa Bhéarla) ar na hainmneacha go léir. Tagan an t-ainm fluairín ón bhfocal Laidineach fluere, rud a chiallaíonn "sreabh", toisc go raibh sé díorthaithe ón mianraí fluairít, a úsáideadh mar fhlosc sa mhiotalóireacht. Tagann an t-ainm clóirín ón bhfocal Gréigise χλωρος clóraos, rud a chiallaíonn "glasbhuí". Tagann an t-ainm bróimín ón bhfocal Gréigise βρῶμος bromos, rud a chiallaíonn "bréantas ". Tagann an t-ainm iaidín ón bhfocal Gréigise ἰοειδής iodes, rud a chiallaíonn "corcairghorm". Tagann an t-ainm astatine ón bhfocal Gréigise αστατος, astatos, rud a chiallaíonn "éagobhsaí".[1]teinisín ainmnithe i ndiaidh stát SAM de Tennessee.

Saintréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceimiceacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taispeánann na halaiginí treochtaí i nascfhuinneamh ceimiceach ag bogadh ó bhun go barr an cholúin 7 san tábla peiriadach, ach amháin le fluairín ag imeacht beagán ón gconair. Leanann fluairín treocht ina bhfuil an nascfhuinneamh ceimiceach is airde aige i gcomhdhúile le hadaimh eile, ach tá naisc cheimiceacha an-lag aige laistigh den mhóilín dé-adamhach F2. Ciallaíonn sé seo go laghdaíonn imoibríocht na ndúl níos faide síos i ngrúpa 17 sa tábla peiriadach mar gheall ar mhéid na n-adamh ag méadú.[6]

Nascfhuinnimh na n-alaiginí (kJ/mol)[7]
X X2 HX BX3 AlX3 CX4
F 159 574 645 582 456
Cl 243 428 444 427 327
Br 193 363 368 360 272
I 151 294 272 285 239

Tá na halaiginí an-imoibríoch, agus dá bhrí sin is féidir leo, i gcainníochtaí leordhóthanacha, a bheith díobhálach nó marfach d’orgánaigh bhitheolaíocha. Ard-leictridhiúltacht na n-adamh is cúis leis an imoibríocht ard seo, toisc a lucht núicléach ardéifeachtach. Ós rud é go bhfuil seacht fiúsleictreon ag na halaiginí ar a leibhéal fuinnimh is forimeallaí, is féidir leo leictreon a fháil trí imoibriú le hadaimh na ndúl eile chun riail an ochtréid a shásamh. Fluairín is ea an dúil is imoibríche de na dúile go léir; is é an t-aon dhúil atá níos leictridhiúltaí ná ocsaigin, ionsaíonn sé ábhair, ach ab é sin a bhéas támh, mar ghloine, agus cruthaíonn sé comhdhúile leis na triathgháis a bhíonn támh de ghnáth. Is gás creimneach agus an-tocsaineach é. Tá imoibríocht an fhluairín mór sin, sa chaoi má úsáidtear nó má stóráiltear é in earraí gloine saotharlainne, féadfaidh sé imoibriú le gloine i láthair méideanna beaga uisce chun teitreafluairíd sileacain (SiF4) a dhéanamh. Mar sin, caithfear fluairín a láimhseáil le substaintí mar Teflon (atá ina orgánafluairín ann féin), gloine thar a bheith tirim, nó miotail cosúil le copar nó cruach, a chruthaíonn ciseal cosanta de fluairíd ar a ndromchla.

Ligeann imoibríocht ard fluairín cuid de na nascanna is láidre is féidir a chur ar bun, go háirithe le carbón. Mar shampla, nascann fluairín le carbón agus tá sé thar a bheith frithsheasmhach in aghaidh ionsaithe teirmeacha agus ceimiceacha agus tá leáphointe ard aige.

Móilíní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Móilíní halaigine dé-adamhacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cruthaíonn na halaiginí móilíní dé-adamhacha homanúicléacha (rud nach bhfuil cruthaithe le haghaidh an astaitín). Mar gheall ar fhórsaí idirmhóilíneacha réasúnta lag, tá clóirín agus fluairín mar chuid den ghrúpa ar a dtugtar "gáis eiliminteacha".

halaigin móilín struchtúr samhail d(X−X) / pm
(pas gásach)
d(X−X) / pm
(pas soladach)
fluairín
F2
Difluorine-2D-dimensions.png
Fluorine-3D-vdW.png
143
149
clóirín
Cl2
Dichlorine-2D-dimensions.png
Chlorine-3D-vdW.png
199
198
bróimín
Br2
Dibromine-2D-dimensions.png
Bromine-3D-vdW.png
228
227
iaidín
I2
Diiodine-2D-dimensions.png
Iodine-3D-vdW.png
266
272

Ní bhíonn na dúile chomh imoibríoch agus bíonn leáphointí níos airde acu de réir mar a mhéadaíonn an uimhir adamhach. Fórsaí scaipthe Londain níos láidre is cúis leis na leáphointí níos airde.

Comhdhúile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na hailídí hidrigine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh faoi deara go n-imoibríonn na halaiginí go léir le hidrigin chun hailídí hidrigine a dhéanamh. Maidir le fluairín, clóirín, agus bróimín, tá an t-imoibriú seo i bhfoirm:

H 2 + X 2 → 2HX

Mar sin féin, is féidir iaidíd hidrigine agus astaitín hidrigine a dheighilt ina gcomhchodanna. [8]

De réir a chéile ní bhíonn na frithghníomhartha hidrigine-halaigine chomh imoibríoch i dtreo na halaiginí is troime. Tá imoibriú fluairín-hidrigine pléascach fiú nuair a bhíonn sé dorcha agus fuar. Tá imoibriú clóirín-hidrigine pléascach freisin, ach i láthair solais agus teasa amháin. Níl imoibriú bróimín-hidrigine chomh pléascach céanna; ach pléascann sé nuair a bhíonn sé nochtaithe do lasracha. Ní imoibríonn iaidín agus astaitín ach go páirteach le hidrigin, ag cruthú cothromaíochtaí. [8]

Cruthaíonn gach halaiginí comhdhúile dénártha le hidrigin ar a dtugtar na hailídí hidrigine: fluairíd hidrigine (HF), clóiríd hidrigine (HCl), bróimíd hidrigine (HBr), iaidíd hidrigine (HI), agus astatíd hidrigine (HAt). Cruthaíonn na comhdhúile seo go léir aigéid nuair a mheasctar iad le huisce. Is é fluairíd hidrigine an t-aon hailíd hidrigine a chruthaíonn nascanna hidrigine. Is aigéid láidre iad an t-aigéad hidreaclórach, an t-aigéad hidreaclórach, an t-aigéad hidreafileach, agus an t-aigéad hidrastaiteach, ach is aigéad lag é an t-aigéad hidreafluarach. Is greannaitheoirí gach ceann de na hailídí hidrigine. Tá fluairíd hidrigine agus clóiríd hidrigine an-aigéadach. Úsáidtear fluairíd hidrigine mar cheimiceán tionsclaíoch, agus tá sé an-tocsaineach, agus is cúis leis éidéime scamhógach agus dochar do chealla.[9] Ceimiceán contúirteach é clóiríd hidrigine freisin. Féadfaidh análú an gháis, le níos mó ná caoga cuid in aghaidh an mhilliúin de chlóiríd hidrigine, duine a mharú. Tá bróimíd hidrigine níos tocsainí fós agus níos greannmhaire ná clóiríd hidrigine.[10] Is féidir le análú gáis le níos mó ná tríocha cuid in aghaidh an mhilliúin de bhróimíd hidrigine a bheith marfach do dhaoine.[11] Tá iaidíd hidrigine tocsaineach, cosúil le hailídí hidrigine eile.[12]

Na hailídí mhiotalacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is eol go n-imoibríonn na halaiginí go léir le sóidiam chun fluairíd sóidiam, clóiríd sóidiam, bróimíd sóidiam, iaidíd sóidiam, agus astatíd sóidiam a chruthú. Táirgeann imoibriú sóidiam téite le halaiginí lasracha glefhlannbhuí. Tá imoibriú sóidiam le clóirín i bhfoirm:

2Na + Cl2 → 2NaCl

Imoibríonn iarann ​​le fluairín, clóirín, agus bróimín chun hailídí Iarainn (III) a chruthú. Tá na n-imoibrithe seo i bhfoirm:

2Fe + 3X 2 → 2FeX 3

Mar sin féin, nuair a imoibríonn iarann ​​le iaidín, ní chruthaínn sé ach iaidíd iarainn (II).

Fe + I 2 → FeI 2

Is féidir le olann iarainn imoibriú go tapa le fluairín chun an ábhair bháin fluairíd iarann ​​(III) a chruthú, fiú i dteochtaí fuara. Nuair a thagann clóirín i dteagmháil le hiarann ​​téite, imoibríonn siad chun an iarainn dhubh Cl[Fe](Cl)Cl clóiríd iarainn (III) a chruthú. Mar sin féin, má tá na coinníollacha imoibrithe tais, beidh táirge donnrua mar thoradh ar an imoibriú seo. Is féidir le hiarann ​​imoibriú le bróimín freisin chun bróimíd iarainn (III) a dhéanamh. Tá an comhdhúil seo donnrua i ndálaí tirime. Níl imoibriú iarainn le bróimín níos imoibríche ná a imoibriú le fluairín nó clóirín. Is féidir le hiarann ​​te imoibriú le iaidín freisin, ach cruthaíonn sé iaidíd iarainn (II). Féadfaidh an comhdhúil seo a bheith liath, ach tá an t-imoibriú éillithe i gcónaí le barraíocht iaidíde. Níl imoibriú iarainn le iaidín chomh bríomhar sin ná a imoibriú leis na halaiginí níos éadroime.[8]

Comhdhúile idir-halaigine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá comhdhúile idir-halaigine i bhfoirm XY n áit a bhfuil X agus Y ina halaiginí agus is n a haon, a trí, a cúig nó a seacht. Bíonn dhá halaigin éagsúil ar a laghad i gcomhdhúile idir-halaigine. Is féidir idir-halaiginí móra, mar ClF 3 a tháirgeadh trí imoibriú halaigine íne a bhfuil idir-halaigin níos lú aici mar ClF. Is féidir gach idir-halaigin seachas IF 7 a tháirgeadh trí halaiginí íona a chur le chéile go díreach faoi dhálaí éagsúla. [13]

Is gnách go mbíonn idir-halaiginí níos imoibríche ná na móilíní halaigine dé-adamhacha go léir seachas F 2 toisc go mbíonn nascanna idir-halaigine níos laige. Mar sin féin, bíonn na hairíonna ceimiceacha idir-halaiginí beagnach mar an gcéanna le hairíonna na halaiginí dé-adamhacha. Is éard atá i go leor idir-halaiginí ná hadamh amháin nó níos mó d'fhluairín nasca le halaigine níos troime. Is féidir le clóirín nascadh le suas le 3 adamh fluairín, is féidir le bróimín nascadh le suas le cúig adamh fluairín, agus is féidir le iaidín nascadh le suas le seacht n-adamh fluairín. Is gáis chomhfhiúsacha an chuid is mó de na chomhdhúile idir-halaigine. Mar sin féin, is leachtanna iad roinnt idir-halaiginí, mar shampla BrF3, agus is solaid iad go leor halaiginí ina bhfuil iaidín ann.

Comhdhúile orgánahalaigine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá adamh halaigine i go leor comhdhúile orgánacha sintéiseacha cosúil le polaiméirí plaisteacha, agus cúpla comhdhúile nádúrtha; tugtar comhdhúile halaiginithe nó hailídí orgánacha orthu seo. Is é clóirín an halaigin is flúirsí in uisce na farraige, agus is é an t-aon cheann atá ag teastáil i méideanna réasúnta mór (mar iain chlóiríd) ag daoine. Mar shampla, tá ról lárnach ag iain chlóiríd i bhfeidhm na hinchinne trí idirghabháil a dhéanamh ar ghníomh an tarchuradóra choisctheach GABA agus úsáidtear iad freisin chun aigéid ghoile a tháirgeadh. Teastaíonn iaidín i rianmhéideanna chun hormón thíoróidigh mar tíorocsaín. Déantar organohalogens a shintéisiú freisin tríd an frithghníomhú teibíocht núicléifileach

Comhdhúile polahalaiginithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is comhdhúile monaraithe go tionsclaíoch iad comhdhúile polahalaiginithe a bhí malartaithe le halaiginí iomadúla. Tá go leor acu an-tocsaineach agus bithcharnaithe i ndaoine, agus tá raon feidhme an-leathan acu. Cuimsíonn siad défheinilí pholaclóirínithe (DFPanna), éitirí dhéfheiníle pholabróimínithe (ÉDFPanna), agus comhdhúile shárfhluairínithe (CSFanna), chomh maith le go leor comhdhúile eile.

Imoibrithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imoibrithe le huisce[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imoibríonn fluairín go bríomhar le huisce chun ocsaigin (O2) agus fluairíd hidrigine (HF) a tháirgeadh:[14]

F2(g) + 2 H2O(l) → O2(g) + 4 HF(aq)

Tá uasintuaslagthacht ca. 7.1 g Cl2 in aghaidh an kg d'uisce ag teocht chomhthimpeallach (21 °C) ag clóirín. Imoibríonn clóirín tuaslagtha chun aigéad hidreaclórach (HCl) agus aigéad hipeaclórúil a chruthú, tuaslagán is féidir a úsáid mar dhífhabhtán nó thuarthóir: [15]

Cl2(g) + H2O(l) → HCl(aq) + HClO(aq)

Tá intuaslagthacht de 3.41 g in aghaidh an 100 g uisce ag bróimín, [20] ach imoibríonn sé go mall chun bróimíd hidrigine (HBr) agus aigéad hipobróimíúil (HBrO) a dhéanamh:[16]

Br2(g) + H2O(l) → HBr(aq) + HBrO(aq)

Intuaslagann iaidín ag an íosleibhéal in uisce (0.03 g / 100 g d'uisce ag 20 & nbsp; ° C) agus ní imoibríonn sé leis. [17]Mar sin féin, cruthóidh iaidín tuaslagán uiscí i láthair iain iaidíde, amhail trí iaidíd photaisiam (KI) a chur leis, toisc go ndéantar an t-ian trí-iaidíd.


Airíonna fisiciúla agus adamhacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é atá sa tábla thíos achoimre ar phríomh-airíonna fisiceacha agus adamhacha na halaiginí. Na sonraí atá marcáilte le comharthaí ceiste, tá siad neamhchinnte nó an is meastacháin bunaithe go páirteach ar threochtaí peiriadacha seachas ar bhreathnuithe iad.

Halaigin Meáchan adamhach caighdeánach
(u)[n 1][19]
Leáphointe
(K)
Leáphointe
(°C)
Fiuchphointe
(K)[20]
Fiuchphointe
(°C)[20]
Dlús
(g/cm3sg 25 °C)
Leictridhiúltacht
(Pauling)
An Chéad Fhuinneamh ianúcháin
(kJ·mol−1)
Ga comhfhiúsach
(pm)[21]
Fluairín 18.9984032(5) 53.53 −219.62 85.03 −188.12 0.0017 3.98 1681.0 71
Clóirín [35.446; 35.457][n 2] 171.6 −101.5 239.11 −34.04 0.0032 3.16 1251.2 99
Bróimín 79.904(1) 265.8 −7.3 332.0 58.8 3.1028 2.96 1139.9 114
Iaidín 126.90447(3) 386.85 113.7 457.4 184.3 4.933 2.66 1008.4 133
Astaitín [210][n 3] 575 302 ? 610 ? 337 ? 6.2–6.5[22] 2.2 ? 887.7 ? 145[23]
Teinisín [294][n 4] ? 623-823[24] ? 350-550[24] ? 883[24] ? 610[24] ? 7.1-7.3[24] - ? 743[25] ? 157[24]
Z Dúil Líon na leictreon / na sceall
9 fluairín 2, 7
17 clóirín 2, 8, 7
35 bróimín 2, 8, 18, 7
53 iaidín 2, 8, 18, 18, 7
85 astaitín 2, 8, 18, 32, 18, 7
117 teinisín 2, 8, 18, 32, 32, 18, 7 (tuartha)[26]

Iseatóip[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá iseatóp nádúrtha cobhsaí amháin ag fluairín, fluairín-19. Mar sin féin, tá rianmhéideanna ann den iseatóip radaighníomhach fluairín-23, a tharlaíonn trí braisle-mheatha nó tromcháithnín-mheatha de phrótachtainiam-231. Thángthas ar ocht n-iseatóp déag de fluairín san iomlán, agus maiseanna adamhacha idir 14 agus 31 acu. Tá dhá iseatóp cobhsaí nádúrtha ag clóirín, clóirín-35 agus clóirín-37. Mar sin féin, tá rianmhéideanna ann sa nádúr, an iseatóp clóirín-36, a tharlaíonn trí argón-36 a scilligeadh. Thángthas ar 24 iseatóp de chlóirín san iomlán, le maiseanna adamhacha idir 28 agus 51. [27]

Tá dhá iseatóp cobhsaí nádúrtha de bhróimín ann, bróimín-79 agus bróimín-81. Thángthas ar 33 iseatóp de bhróimín san iomlán, agus maiseanna adamhacha idir 66 agus 98 acu. Tá iseatóp cobhsaí amháin d'iaidín, iaidín-127 ann. Mar sin féin, tá rianmhéideanna ann den iseatóp radaighníomhach iaidín-129, a tharlaíonn trí scilligeadh agus ó mheath radaighníomhach úráiniam i miantaí. Cruthaíodh roinnt iseatóp radaighníomhach eile iaidín go nádúrtha freisin trí mheatha úráiniam. Thángthas ar 38 iseatóp iaidín san iomlán, agus maiseanna adamhacha idir 108 agus 145 acu.

Níl aon iseatóip chobhsaí d'astaitín ann. Mar sin féin, tá ceithre iseatóp radaighníomhach d'astaitín, a tharlaíonn go nádúrtha ann, a tháirgtear trí mheatha radaighníomhaigh úráiniam, neiptunium agus plútóiniam. Is iad na hiseatóip seo na astaitín-215, astaitín-217, astaitín-218, agus astaitín-219. Thángthas ar 31 iseatóp d'astaitín san iomlán, agus maiseanna adamhacha idir 191 agus 227 acu.

Níl ach dhá raidiseatóp sintéiseach ar eolas ag teinisín, teinisín 293 agus teinisín-294.

Táirgeadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó chlé go deas: clóirín, bróimín, agus iaidín ag teocht an tseomra. Is gás é clóirín, is leacht é bróimín, agus is solad é iaidín. Ní fhéadfaí fluairín a áireamh san íomhá mar gheall ar a imoibríocht ard, agus astaitín agus teinisín mar gheall ar a radaighníomhaíocht.

Táirgtear thart ar sé mhilliún tonna méadrach den mhianra fluairít fluairíd chailciam, CaF2 gach bliain. Táirgtear ceithre chéad míle tonna méadrach d’aigéad hidreafluarach gach bliain. Faightear an gás fluairín as an aigéad hidreafluarach a tháirgtear mar fhotháirge i monarú an aigéid fosfaraigh. Táirgtear thart ar 15,000 tonna méadrach den ghás fluairín in aghaidh na bliana. [1]. Is é an mianra hailít an mianra is minice a úsáidtear le haghaidh clóirín a fháil, ach baintear na mianraí carnaillít agus silvít le haghaidh clóirín freisin. Trí an tsáile a leictrealú, tairgtear daichead milliún tonna méadrach clóirín gach bliain. [1] Táirgtear thart ar 450,000 tonna méadrach bróimín gach bliain. Táirgtear 50% den bhróimín sna Stáit Aontaithe, 35% in Iosrael, agus an chuid is mó den bhfuílleach sa tSín. Go stairiúil, táirgeadh bróimín trí aigéad sulfarach agus púdar tuaratha a mheascadh le sáile nádúrtha. Sa lá atá inniu ann, áfach, táirgtear bróimín trí leictrelaithe, modh a cheap Herbert Dow. Is féidir bróimín a tháirgeadh freisin trí chlóirín a chur trí uisce na farraige agus ansin aer a chur tríd an uisce farraige.

Sa bhliain 2003, táirgeadh 22,000 tonna méadrach iaidín. Táirgeann an tSile 40% den iaidín go léir a tháirgtear, táirgeann an tSeapáin 30%, agus táirgtear méideanna níos lú sa Rúis agus sna Stáit Aontaithe. Go dtí na 1950idí, baineadh iaidín as ceilp. Sa lá atá inniu ann, áfach, táirgtear iaidín ar bhealaí eile. Bealach amháin a tháirgtear iaidín is ea trí dhé-ocsaíd sulfair a mheascadh le mhianta níotráite, ina bhfuil roinnt iadáití. Baintear iaidín as ceantar gáis nádúrtha freisin.[1]

Táirgtear teinisín trí bHeircéiliam-249 agus cailciam-48 a chomhleá.

Feidhmeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dífhabhtáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidtear clóirín agus bróimín araon mar fhabhtáin le haghaidh uisce inólta, linnte snámha, créachta úra, spánna, mias agus dromchlaí. Maraíonn siad baictéir agus miocrorgánaigh eile a d’fhéadfadh a bheith díobhálach trí phróiseas ar a dtugtar steiriliú. Úsáidtear a n-imoibríocht freisin i dtuaradh. Is í hipeaclóirít sóidiam, a tháirgtear ó chlóirín, an comhábhar gníomhach i bhformhór na dtuarthóirí fabraice, agus úsáidtear tuarthóirí díorthaithe ó chlóirín i dtáirgeadh roinnt táirgí páipéir. Imoibríonn clóirín le sóidiam freisin chun clóiríde sóidiam a chruthú, is é sin salann mín.

Soilsiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cineál lampaí gealbhruthacha iad lampaí hailigine a úsáideann filiméid tungstain i mbolgáin a bhfuil méideanna beaga halaigine iontu, mar iaidín nó bróimín curtha leis. Dá bharr, is féidir lampaí a tháirgeadh atá i bhfad níos lú ná lampaí leictreacha filiméid ag an vatacht chéanna. Laghdaíonn an gás tanú an fhiliméid agus dhubhaigh an taobh istigh den bholgán agus da bharr sin, bíonn bolgán ann a bhfuil saol i bhfad níos mó aige. Breonn lampaí hailigine ag teocht níos airde (2800 go 3400 ceilvin) le dath níos gile ná bolgáin ghealbhruthacha eile. Éilíonn sé seo, áfach, bolgáin a mhonarú as grianchloch chomhleáiteseachas gloine shilice chun an bhriste a laghdú.

Comhábhair druga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar thoradh ar adamh halaigine a ionchorprú sa phríomhdhruga féideartha, is féidir analógacha atá níos lipifilí de ghnáth agus níos lú intuaslagtha in uisce, a fháil,[28] i bhfionnachtain drugaí, Mar thoradh air sin, úsáidtear adamh halaigine chun treá a fheabhsú tríscannán agus déchiseal lipidí. Is dá thoradh seo, go bhfuil claonadh ann go carnfaidh roinnt drugaí halaiginithe i bhfíochán saille.

Braitheann imoibríocht cheimiceach adamh halaigine ar a bpointe neasachta leis an bpríomhbhall agus nádúr na halaigine. Tá grúpaí halaigine aramatacha i bhfad níos imoibríche ná grúpaí halaigine alafatacha, ar féidir leo imoibríocht cheimiceach nach beag a thaispeáint. Maidir le nascanna alafatacha carbóin-halaigine, is é an nasc C-F an nasc is láidre agus is lú imoibríocha go ceimiceach ná nascanna C-H alafatacha. Tá na nascanna alafatacha-halaigine eile níos laige, a n-imoibríocht ag méadú ar an tslí thíos an tabla pheiriadaigh. Is gnách go mbíonn siad níos imoibríche go ceimiceach ná na nascanna C-H alafatacha. Mar thoradh air sin, is iad na malartuithe halaigine is coitianta ná na grúpaí fluairín agus clóirín aramatacha is lú imoibríocha.

Ról bitheolaíoch[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear ainiain fhluairíde in eabhair, cnámha, fiacla, fuil, uibheacha, fual agus gruaig orgánaigh. D’fhéadfadh go mbeadh ainiain fhluairíde i méideanna an-bheaga riachtanach do dhaoine. [29] 0.5 milleagram fluairín in aghaidh an lítir d’fhuil an duine. Tá fluairín 0.2 go 1.2% i gcnámha an duine. Tá timpeall 50 csb de fluairín i bhfíochán an duine. Tá idir 3 agus 6 gram de fluairín i ngnáthdhuine de 70 cileagram.[1]

Tá ainiain chlóiríd riachtanach do líon mór speiceas, daoine san áireamh. Is é 10 go 20 csm tiúchan clóirín i meáchan tirim gránbharr, agus i bprátaí tá tiúchan clóiríd 0.5%. Bíonn drochthionchar ar fhás na bplandaí ag leibhéil clóiríd san ithir a thagann faoi bhun 2 csm. Tá clóirín 0.3% ar an meán i bhfuil an duine. De ghnáth bíonn 900 csm de chlóirín i gcnámh an duine. Tá timpeall 0.2 go 0.5% clóirín i bhfíochán an duine. Tá 95 gram de chlóirín san iomlán i ngnáthdhuine a bhfuil 70 cileagram meáchain ann.[1]

Tá roinnt bróimín i bhfoirm an ainiain bhróimíde i ngach orgánach. Níor cruthaíodh ról bitheolaíoch don bróimín i ndaoine, ach tá comhdhúile orgánabróimín i roinnt orgánach. De ghnáth, itheann daoine 1 go 20 milleagram de bhróimín in aghaidh an lae. De ghnáth, bíonn 5 csm de bhróimín i bhfuil an duine, 7 csm de bhróimín i gcnámha an duine, agus 7 csm de bhróimín i bhfíochán an duine. Tá 260 milleagram de bhróimín i ngnáthdhuine a bhfuil 70 cileagram meáchain ann .[1]

Fuarthas astaitín, cé go bhfuil sé an-ghann, i micreagraim ar domhan. Is de dhéantús an duine amháin é teinisín agus níl aon róil eile aige sa nádúr.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.00 1.01 1.02 1.03 1.04 1.05 1.06 1.07 1.08 1.09 1.10 Emsley, John (2011). "Nature's Building Blocks". 
  2. "Nachschreiben des Herausgebers, die neue Nomenclatur betreffend" (in de) (1811). Journal für Chemie und Physik 3 (2): 249–255.  On p. 251, Schweigger proposed the word "halogen": "Man sage dafür lieber mit richter Wortbildung Halogen (da schon in der Mineralogie durch Werner's Halit-Geschlecht dieses Wort nicht fremd ist) von αλς Salz und dem alten γενειν (dorisch γενεν) zeugen." (One should say instead, with proper morphology, "halogen" (this word is not strange since [it's] already in mineralogy via Werner's "halite" species) from αλς [als] "salt" and the old γενειν [genein] (Doric γενεν) "to beget".)
  3. "J. S. C. Schweigger: His Romanticism and His Crystal Electrical Theory of Matter" (1971). Isis 62 (3): 328–338. doi:10.1086/350763. 
  4. In 1826, Berzelius coined the terms Saltbildare (salt-formers) and Corpora Halogenia (salt-making substances) for the elements chlorine, iodine, and fluorine. See: "Årsberättelser om Framstegen i Physik och Chemie" (in sv) (1826) 6. Stockholm, Sweden: P.A. Norstedt & Söner.  From p. 187: "De förre af dessa, d. ä. de electronegativa, dela sig i tre klasser: 1) den första innehåller kroppar, som förenade med de electropositiva, omedelbart frambringa salter, hvilka jag derför kallar Saltbildare (Corpora Halogenia). Desse utgöras af chlor, iod och fluor *)." (The first of them [i.e., elements], the electronegative [ones], are divided into three classes: 1) The first includes substances which, [when] united with electropositive [elements], immediately produce salts, and which I therefore name "salt-formers" (salt-producing substances). These are chlorine, iodine, and fluorine *).)
  5. The word "halogen" appeared in English as early as 1832 (or earlier). See, for example: Berzelius, J.J. with A.D. Bache, trans., (1832) "An essay on chemical nomenclature, prefixed to the treatise on chemistry," The American Journal of Science and Arts, 22: 248–276 ; see, for example p. 263.
  6. Page 43, Edexcel International GCSE chemistry revision guide, Curtis 2011
  7. Greenwood y Earnshaw, 1998, lch. 804.
  8. 8.0 8.1 8.2 "/otherreactions.html Frithghníomhartha éagsúla na halaiginí".
  9. "Facts about hydrogen fluoride" (2005).
  10. "Hydrogen chloride".
  11. "Hydrogen bromide".
  12. "Poison Facts:Low Chemicals: Hydrogen Iodid".
  13. "Chemistry Of Interhalogen Compounds" (2007). 
  14. The Oxidising Ability of the Group 7 Elements. http://www.chemguide.co.uk/inorganic/group7/halogensasoas.html
  15. The Oxidising Ability of the Group 7 Elements. http://www.chemguide.co.uk/inorganic/group7/halogensasoas.html
  16. Properties of bromine. http://www.bromaid.org/hand_chap1.htm
  17. Iodine MSDS.http://hazard.com/msds/mf/baker/baker/files/i2680.htm
  18. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  19. 19.0 19.1 19.2 19.3 "Atomic weights of the elements 2009 (IUPAC Technical Report)" (2011). Pure Appl. Chem. 83 (2): 359–396. doi:10.1351/PAC-REP-10-09-14. 
  20. 20.0 20.1 "CRC Handbook of Chemistry and Physics" (2003). Boca Raton, FL: CRC Press. 
  21. Slater, J. C. (1964). "Atomic Radii in Crystals". Journal of Chemical Physics 41 (10): 3199–3205. doi:10.1063/1.1725697. Bibcode1964JChPh..41.3199S. 
  22. "Predicting the properties of the 113–120 transactinide elements" (1981). The Journal of Physical Chemistry 85 (9): 1177–86. doi:10.1021/j150609a021. 
  23. https://www.thoughtco.com/astatine-facts-element-ar-606501
  24. 24.0 24.1 24.2 24.3 24.4 24.5 https://www.thoughtco.com/element-117-facts-ununseptium-or-uus-3880071
  25. https://www.webelements.com/tennessine/atoms.html
  26. "The Chemistry of the Actinide and Transactinide Elements" (2006). The Chemistry of the Actinide and Transactinide Elements. Dordrecht, The Netherlands: Springer Science+Business Media. doi:10.1007/978-94-007-0211-0. Bibcode2011tcot.book.....M. 
  27. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Bloic Foirgníochta an Dúlra
  28. Thomas, G. (2000). "Medicinal Chemistry an Introduction". John Wiley & Sons, West Sussex, UK. 
  29. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".


Earráid leis an lua: <ref> tags exist for a group named "n", but no corresponding <references group="n"/> tag was found