Nasc hidrigine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Samhail de nasc hidrigine idir móilíní uisce

Aomadh idirmhóilíneach idir leictreon leictridhiúltach in adamh amháin agus núicléas leictridhearfach hidrigine in adamh eile. Is iad na naisc hidrigine ina bhfuil adaimh fluairín is láidre, ach is coitianta iad siúd ina bhfuil adaimh ocsaigine. Tá siad seo tábhachtach chun airíonna an uisce a thuiscint. Is féidir go mbeidh naisc hidrigine i bhfeidhm taobh istigh de mhóilín ar leith (mar shampla, bíonn ról mór ag naisc hidrigne inmheánacha mar seo i gcinneadh struchtúr tríthoiseach gach próitéine). Luaitear an nasc hidrigine mar cheann de na naisc thánaisteacha cheimiceacha, mar mhalairt ar na naisc phríomhúla atá níos láidre. Is é nasc van der Waals an dara ceann.[1]

Is cineál speisialta idirghníomhú buan déphol-déphol é nascadh hidrigine a tharlaíonn idir móilíní ina bhfuil adamh hidrigine nasctha le nítrigin, ocsaigin nó fluairín. Is fórsa idirmhóilíneach é nasc hidrigine atá measartha láidir i gcomparáid le cinn eile, fórsa idir:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Nasc hidrigine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 477.