Fuinneamh ianúcháin
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/ed/Ioniz_tot.gif/220px-Ioniz_tot.gif)
Is intuigthe go bhfuil greim ag reimse an núicléis ar na leictreoin uile ata thart ar an adamh neodrach nó neamhluchtaithe, agus is ga fuinneamh ianúcháin, uime sin, chun leictreon a thógáil ón adamh sin. Ós rud é go bhfuil leictreoin luchtaithe go diúltach agus go bhfuil prótóin sa núicléas luchtaithe go deimhneach, beidh aomadh eatarthu. Dá mhéad é tarraingt an núicléis, is amhlaidh is deacra a bheas sé leictreon a tharraingt ar shiúl ó adamh.
Tugtar an chéad leictreonfhiníocht - is é seo an t-athrú eantalpachta nuair a chomhshóitear aon mhól d’adaimh ghásacha ina n-iain ghásacha le lucht diúltach amháin.
Mar shampla;
- Cl(g) + e– → Cl–(g)
Tabhair do d’aire go bhfuil 2Cl(g) + 2e– → 2Cl– (g) 2 x leictreonfhiníocht de chlóirín
D’fhoirmiú na n-ian X2– ní mór luachanna an dara leictreonfhiníocht a thabhairt san áireamh.
An dara leictreonfhiníocht – seo an t-athrú eantalpachta nuair a dhéantar aon mhól d’iain ghásacha le lucht amháin diúltach a chomhshó ina iain ghásacha le lucht 2–.
Tá na luachanna seo deimhneach mar go bhfuil leictreon á ghnóthú ag speiceas atá luchtaithe go diúltach cheana féin O–(g) + e– → O2–(g)
Sainiúil do gach dúil, réasúnta íseal do na miotail alcaile (mar shampla, 500 kJ mol-1 i sóidiam) agus réasúnta ard do na halaiginí (mar shampla, 1680 kJ mol-1 i bhfluairín).
Is é an chéad fhuinneamh ianúcháin ná an fuinneamh atá de dhíth le mól amháin d’adaimh ghásacha a chomhshó ina n-iain ghásacha le lucht deimhneach amháin.
Mar shampla:
- Na(g) → Na+(g) + e−
Tabhair do d’aire gur chóir siombailí staide a thabhairt.
Is é an dara fuinneamh ianúcháin ná an fuinneamh atá de dhíth le mól amháin d’adaimh ghásacha le lucht amháin deimhneach a chomhshó ina n-iain ghásacha le lucht deimhneach dúbailte.
- Na+(g) → Na2+(g) + e−
Is é an tríú fuinneamh ianúcháin ná an fuinneamh atá de dhíth le mól amháin d’adaimh ghásacha le lucht deimhneach dúbailte a chomhshó ina n-iain ghásacha le lucht deimhneach triarach.
- Na2+(g) → Na3+(g) + e−
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- COMHAD FÍRICÍ: CEIMIC GCE, 4.1 Eantalpacht Laitíse.https://ccea.org.uk/downloads/docs/Support/Comhad%20F%C3%ADric%C3%AD%3A%20A2/2019/Comhad%20F%C3%ADric%C3%AD%3A%204.1%3A%20Eantalpacht%20Lait%C3%ADse.pdf