Cogaíocht cheimiceach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cogaíocht cheimiceach

Úsáid ceimiceán marfach nó díblithe mar airm is ea cogaíocht cheimiceach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Coinbhinsiúin na Háige (1899) toirmeasc ar chogaíocht cheimiceach, ach bhain na Gearmánaigh feidhm as airm cheimiceacha sa chéad chogadh domhanda in ainneoin gur shínigh siad iad. Rinne siad lón mór cogaidh d'oibreáin néarógacha sa dara cogadh domhanda chomh maith.

Rinne na Sóivéadaigh is na Meiriceánaigh an rud céanna i rith an chogaidh fhuair.

Marbache sa Fhrainc, 8 M.F. 1918

Sna 1960idí scaip na Briotanaigh oibreán flannbhuí, luibhicíd atá toscaineach do dhaoine is ainmhithe, ar na foraoisí le linn cogaidh sa Mhalae.

I Vítneam úsaideadh airm ceimiceacha ar shibhialtaigh, sa chogaíocht cheimiceach is mó riamh.

Úsaideadh airm ceimiceacha ar shibhialtaigh sa tSiria.[1]

Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 29 Aibreán gach bliain, ceiliúrtar an Lá Cuimhneacháin d’Íospartaigh Uile na Cogaíochta Ceimicí. Tháinig an Coinbhinsiún um Airm Cheimiceacha i bhfeidhm ar 29 Aibreán 1997.[2][3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Bashar al-Assad vs. Barack Obama" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-04-29.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cogaíocht cheimiceach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 155.
  3. "UCD School of Law". www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-04-29.