Bróimín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachBróimín

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Bróimín sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachBr
Uimhir adamhach35
Mais adamhach79.904
Peiriad, Grúpapeiread 4
halaiginí
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht3
Ga ianach1.96, 0.31, 0.25 agus 0.39
Stair
AimsitheoirCarl Jacob Löwig agus Antoine Jérôme Balard
Fionnachtain1825
Eapainmbréan

Is é an bróimín dúil cheimiceach uimhir a 35, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Br. Ceann de na halaiginí é, agus mar sin, is dúil sách leictridhiúltach é - is é sin, tá sé de chlaonadh ann lucht diúltach leictreachais a ghlacadh chuige agus an leictreon a bhaint den dúil eile. Le brú is le teocht an tseomra, tá an bróimín ina leacht donndearg a bhfuil boladh láidir tachtach as. Cosúil leis an gclóirín, oibríonn an bróimín go dochrach ar na scamhóga, agus mar sin, is nimh é, agus é ina dhúil.

Ba iad an Francach Antoine Balard agus an Gearmánach Carl Jacob Löwig a d'aithin an bróimín mar dhúil ar leith, beag beann ar a chéile, i lár na 1820idí. Tháinig Balard ar bhróimídí i luaith feamainne ó na portaigh i gcóngar do Montpellier. Bhí an cineál seo feamainne - díreach cosúil le ceilp na hÉireann! - saibhir in iaidín, agus mar sin, dhóití é le hiaidín a tháirgeadh. Fuair sé amach go raibh an t-iaidín truaillithe le dúil anaithnid a bhí idir eatarthu idir an clóirín agus an t-iaidín, agus is é an t-ainm a bhaist sé uirthi ná muride, as muria na Laidine a chiallaíonn "sáile". Maidir le Löwig, d'aonraigh seisean bróimín as na salainn mhianracha in uisce an tobair áitiúil ina chathair dhúchais, Bad Kreuznach. Nuair a foilsíodh an leagan deifnídeach de thuarascáil thaighde Balard, bhí ainm na dúile athraithe go bróimín aige. Dúirt sé féin gurbh é "Monsieur Anglada", pé hé féin, a mhol dó an t-ainm a athrú. De réir foinsí eile, áfach, ba é an t-eolaí cáiliúil Francach Joseph Louis Gay-Lussac a cheap an t-ainm nua.

Móilín dé-adamhach é móilín an bhróimín agus é ina dhúil. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná -I, nó mar is dual do na halaiginí, tá seacht leictreon ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus ní theastaíonn uaidh ach ceann amháin leis an ochtréad cobhsaí a bhaint amach. Ocsaídeoir láidir atá ann freisin, agus é ag imoibriú leis an gcuid is mó de na miotail le bróimídí miotail a dhéanamh.

Tá dhá iseatóp chobhsaí ag an mbróimín, mar atá, 79Br (50.69 % de bhróimín an dúlra) agus 81Br (49.31 %). Tá meáchan adamhach an bhróimín suite timpeall ar 80 aonad, mar sin, ach níl an t-iseatóp 80Br le fáil sa dúlra. Le fírinne, is iseatóp as pabhar radaighníomhach é nach maireann a leathré ach ocht nóiméad déag.

Tá trí ocsaigéad ag an mbróimín, ach ní féidir aon cheann acu a aonrú - níl teacht orthu ach i dtuaslagáin uisce. Is iad an t-aigéad fobhrómúil HBrO, an t-aigéad brómach HBrO3 agus an t-aigéad sárbhrómach HBrO4. Cé nach bhfuil na haigéid féin cobhsaí, tá sé furasta go leor iain fhobhróimíte BrO- agus iain bhrómáite BrO3- a chruthú: nuair a thuaslagfar bróimín san uisce, gheofar iain fhobhróimíte chomh maith le hiain bhróimíde:

Br2 + H2O -> Br- + BrO- + 2 H+

Cosúil leis an ian fochlóiríte a chruthaítear ar an mbealach céanna i dtuaslagáin uisce an chlóirín, is ocsaídeoir láidir é an t-ian fobhróimíte, agus é ina thuarthóir mhaith. Má théitear an tuaslagán suas, áfach, gheofar iain bhrómáite, BrO3-. Ní féidir, áfach, an bróimín a ocsaídiú go sárbhrómáit BrO4- gan dul i dtuilleamaí fluairínózóin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]