Joseph Louis Gay-Lussac
Ceimicí is fisiceoir a rugadh i St Léonard na Fraince ab ea Joseph Louis Gay-Lussac (1778-1850). Chuaigh sé in airde i mbalúin arís is arís eile chun staidéar a dhéanamh ar an maighnéadas domhanda agus samplaí aeir ag airdí éagsúla a bhailiú len iad a anailísiú. Óna chuid taighde, dhíorthaigh sé dlí na dtoirteanna, a dtugtar dlí Gay-Lussac air, i 1808. Is é an dlí seo ná nuair a chuingríonn dhá ghás le chéile, cuingríonn siad de réir toirte ar aon dul lena gcuingriú de réir maise. Mar shampla, nuair a chuingríonn 1 g hidrigine le 8 g ocsaigine, faightear 9 g galuisce mar thoradh. Nuair a chuingríonn 2 m3 hidrigine le 1 m3 ocsaigine, is é 3 m3 galuisce an toradh. Uaidh seo, dhíorthaigh Avogadro coincheapanna na maise adamhaí, na maise móilíní, agus an mhóil.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Joseph Louis Gay-Lussac". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 308.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |