Eliezer Ben-Yehuda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Eliezer Ben-Yehuda.1905

Iriseoir agus teagascóir a bhí in Eliezer Ben-Yehúda (Eabhrais: אֱלִיעֶזֶר בֶּן־יְהוּדָה). Bhí ról lárnach aige in athbheochan na hEabhraise[1]. B'eisean an chéad duine a thug faoin teanga a labhairt lena chuid clainne. Bhí sé ina eagarthóir ar nuachtán Eabhraise agus scríobh sé foclóir cáiliúil sa teanga sin.

Luathshaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Ben-Yehúda leis an ainm Eliezer Isaac Perelman Elianov in Luzhky, sa Liotuáin, ar 7 Eanáir 1858. Rinne Ben-Yehúda staidéar i bpáirt le raibí ar ghramadach na teanga. Bhí sé ina aistritheoir freisin. Bhí suim aige i leabhair de chuid scríbhneoirí a raibh an smaoineamh acu litríocht shaolta na hEabhraise a athbheochan agus go mbeadh sí ina teanga nua-aimseartha.

Cosúil le go leor buachaillí Giúdacha a tógadh in Oirthear na hEorpa ag an am, bhí sé i dteagmháil leis an Eabhrais scrioptúrach agus leis an Talmud ar feadh 9 mbliana. In aois a trí bliana, thosaigh sé ag staidéar na dtéacsanna móra liotúirgeacha ar nós an Tórá. Fuair sé oiliúint reiligiúnda fearacht mórchuid na bpáistí Giúdacha uilig lena linn, agus ba chuid lárnach den oideachas seo teanga na sinsear a fhoghlaim.

Ó bhí gealladh ar leith faoi Eliezer mar scoláire, cuireadh ar scoil traenála na raibíocha é. Ní raibí a rinneadh de, áfach, ó tharla barraíocht dúile is sainte aige i léann saolta na gCríostaithe. Bhí an t-athrú intinne seo ag teacht go dlúth le spiorad an ama i measc na nGiúdach óg in Oirthear na hEorpa, agus gluaiseacht an léinn shaolta, an ghluaiseacht Hascalah, ag dul i gcion orthu ó laethanta Mhoses Mendelssohn amach. D'éirigh Eliezer óg as scoil na raibíocha le cromadh go hiomlán ar an scolaíocht shaolta mar dhalta eachtrach ar mheánscoil Rúiseach.

Sa bhliain míle ocht gcéad a hocht ndéag is trí scór, agus Eliezer óg ag cur an tsnasa dheireanaigh ar a thréimhse meánscoile, chuaigh na Rúisigh chun cogaíochta ar Impireacht Otamánach na Tuirce le lámh chuidithe a shíneadh chuig na Bulgáraigh, agus iadsan ag iarraidh saoirse a bhaint amach i ndiaidh na cianta cairbreacha a chaitheamh faoi smacht na dTuirceach. Chuir a gcathsan draíocht ar Eliezer, agus é ag cur na ceiste air féin an dtiocfadh leis na Giúdaigh stát dá gcuid féin a chur ar bun agus an tseanteanga a chur i mbéal an phobail athuair.

Tar éis bhás a ​​athar, nuair a bhí sé cúig bliana d'aois, d'fhág a mháthair faoi chúram a uncail é.

Eliezer Ben-Yehuda ag obair ar a fhoclóir

In éis an Rúis a fhágáil dó, chuir Eliezer faoi i bPáras. I 1878, chuaigh sé chun staidéar a dhéanamh ar an leigheas i bPáras. Ach tar éis trí bliana stad sé dá chuid staidéir nuair a tholg sé an eitinn.

Go gairid ina dhiaidh sin thug sé aghaidh ar an bPalaistín. Ag an am seo, sa bhliain míle ocht gcéad a haon is ceithre scór, bhí sé tosaithe cheana bolscaireacht a dhéanamh ar na hirisí Eabhraise le cúis an tSiónachais a chur chun cinn.

Bhí sé meáite fosta gan ach Eabhrais a labhairt le Giúdach ar bith dá gcasfaí air sa Phalaistín feasta. Ós rud é go raibh breacaireacht léinn reiligiúnach, ar a laghad, ag formhór mór na nGiúdach, bhíodh na daoine simplí féin in ann freagra a thabhairt ar a chuid cainteanna Eabhraise.

Teaghlach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Leag Ben-Yehúda an-bhéim ar labhairt na hEabhraise sa teaghlach. Nuair a rugadh a chéad mhac dó, rinne sé mór-iarrachtaí ionas nach gcloisfeadh an mac aon teangacha eile seachas an Eabhrais timpeall air.

Ní cheadaíodh Eliezer dá chuid cuairteoirí féin aon teanga eile a úsáid agus an páiste ag tabhairt cluais. Itamar Ben Avi ab ainm don pháiste, agus b'eisean an chéad chainteoir dúchais leis na céadta bliain anuas. Is é is brí le Ben Avi ná "Mac M'Athara Féin" (ben = mac, 'av = athair, -i = mo), ach is féidir Avi ('BY i litreacha na hEabhraise) a léamh mar ghiorrúchán de Eliezer Ben Yehúda ('LYcZR BN YHWDH i litreacha na hEabhraise). Ag tabhairt suas a chlainne dó ba mhinic a chrothnaíodh Ben-Yehúda téarmaí uaidh le cúrsaí tógála na bpáistí a chardáil, ach de réir mar a bhraitheadh sé focal uaidh chumadh sé é.

Tá scéal ann fiú gur thug Ben-Yehúda amach dá bhean chéile toisc gur chan sí amhrán lena mac ina teanga dhúchais trí dhearmad.

Teagasc[athraigh | athraigh vicithéacs]

Eliezer Ben-Yehuda agus a bhean (tar éis pósadh athuair), Hemda née Jonas, 1905

Ní leor fear amháin ná a chlann féin le teanga úr a chur á labhairt ag muintir na tíre uilig. Bhí gá le hobair ghníomhach chraobhscaoilte na teanga. Mar sin, rinne Ben-Yehúda cuid mhaith bolscaireachta. Rinne Ben-Yehúda iarracht, tionchar a imirt ar theaghlaigh eile a bhí ina gcónaí gar dó ach is beag an rath a bhí air. Ag an am céanna, bhí sé ag éileamh ar na raibíocha is na múinteoirí ar fud na Palaistíne gach aon ábhar léinn a theagasc trí mheán na hEabhraise.

Fuair Ben-Yehúda féin áiméar seal múinteoireachta a dhéanamh ar scoil reiligiúnach in Iarúsailéim, Cé gur chuir a dhrochshláinte cúl air an téarma réamhshocraithe a chríochnú (eitinn a bhí ag goilliúint air le fada) d'éirigh le Ben-Yehúda na páistí a iompú chun Eabhraise chomh hiomlán agus gur thosaigh siad ag plé ghnáthchúrsaí an tsaoil le chéile as Eabhrais.

Chuaigh dícheall is dúthracht Bhen Yehúda an oiread sin i bhfeidhm ar mhúinteoirí na tíre agus gur chinn a lán acu aithris a dhéanamh ar a dhea-shampla: theagascfaidís an Eabhrais feasta mar a bheadh gnáthurlabhra an phobail inti seachas teanga léannta amháin.

I dtosach b'éigean do na múinteoirí áiseanna teagaisc dá ndéantús féin a sheiftiú do na páistí, nó ní raibh téacsleabhair ann ná foclóirí téarmaíochta le haireagáin na nua-aoise a ainmniú as Eabhrais. Fadhbanna tromchúiseacha a bhí anseo, ach fuasclaíodh iad, agus sa deireadh thiar thall tháinig glúin de dhaoine óga ar an bhfód agus iad sásta an saol laethúil comhaimseartha a phlé as Eabhrais. Agus bhí an teanga féin ar a dtoil acu.

Iriseoireacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Faoin am céanna bhí Ben-Yehúda gnóthach ina iriseoir fosta, nó ba dóigh leis gur trí mheán an nuachtáin ab fhearr a chraobhscaoilfeadh sé na focail nuachumtha ar fud na Palaistíne. Ar an mbealach seo d'fhoghlaimeodh na Giúdaigh scéalta iriseoireachta fá dtaobh de na cúrsaí reatha a léamh is a chardáil le chéile sa tseanteanga. Ós rud é go raibh formhór mór na nGiúdach ábalta ciall a bhaint as Eabhrais scríofa siúd is nach raibh labhairt na teanga acu, bhíodar in ann nuacht Bhen Yehúda a thuiscint. Chonaiceadar lena súile féin go raibh sracadh san Eabhrais go fóill, agus acmhainn inti cur síos ar shaol a linne féin.

Taighde[athraigh | athraigh vicithéacs]

Foclóir Ben-Yehuda

In Aibreán 1879, d'fhoilsigh Ben-Yehúda a chéad alt polaitiúil, "Ceist Shuntasach", éileamh a bhí ann aiséirí Iosrael a chur ar bun ar chríocha Iosrael leis an Eabhrais mar theanga, mar ní raibh aon náisiún gan teanga choitianta, dar leis. Foilsíodh alt leis dar teideal She'elah Lohatah (“Ceist Atá ag Dó na Geirbe”) i 1879. San alt seo, a thionscain gluaiseacht an tSiónachais pholaitiúil, d’fhéadfá a rá, maíonn sé nach féidir leis an Eabhrais a bheith ann mar theanga athbheoite, ach amháin má fhilleann an náisiún Giúdach ar thalamh a sinsear.

Foclóirí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Le téarmaíocht nua-aimseartha na hEabhraise a dhíolaim is a chaighdeánú chuaigh Ben-Yehúda i gceann foclóiríochta. Chuir sé bun leis an obair seo roimh aistriú go dtí an Phalaistín dó, agus de réir a chéile d'eascair seacht n-imleabhar déag aisti. Déanta na fírinne chuaigh de an foclóir a chríochnú roimh a bhás, agus b'iad a mhac is a bhean chéile a chuir an dlaíóg mhullaigh air.

D'éag Ben-Yehúda in Iarúsailéim ar an 16 Nollaig 1922.

Stamp of Israel - Eliezer Ben-Yehuda.jpg

Oidhreacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

2014

Ní ina aonar a d'oibrigh Ben-Yehúda lá a shaoil ach oiread, nó nuair a bhíodh call leis chuireadh sé gairm scoile ar lucht an tsaineolais le ceisteanna ar leith idir théarmaíocht is fhuaimniú, idir cheartlitriú is phoncaíocht a réiteach.

Mar sin, tháinig bun le Comhairle na hEabhraise, as ar fhás Acadamh na hEabhraise. Is é an tAcadamh seo an t-údarás oifigiúil in Iosrael inniu a dhéanann scagadh ar nua-fhorbairtí na teanga is a mholann téarmaí nua le húsáid.

Gaeilge[athraigh | athraigh vicithéacs]

Scríobh Muiris Ó Laoire leabhar dar teideal "Athbheochan na hEabhraise - Ceacht don Ghaeilge" faoi athbheochan theanga na hEabhraise.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. tháinig an ghluaiseacht léinn udaí Hascala ar an fhód i ndeireadh an ochtó haois déag.