Eilimint thrasúránach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tugtar eilimint thrasúránach ar dhúil le huimhir adamhach níos mó ná 112. Ní tharlaíonn siad go nádúrtha. Is é úráiniam (uimhir adamhach 92) an dúil nádúrtha is troime. Cruthaíodh dúile níos troime trí imbhuailtí fuinniúla idir núicléis dúl le huimhreacha adamhacha níos lú. Faoi 1994 ba í an dúil ba throime ná meitniriam, leis an uimhir adamhach 109. I 1999 d'imbhuail eolaithe sa Rúis sprioc plútóiniam le cailciam chun dúil 114 a chruthú, agus an bhliain chéanna i gCalifornia chruthaigh eolaithe dúil 116 trí luaidhe a imbhualadh le crioptón. An-ghearrshaolach a bhíonn na dúile sárthroma, agus ní fios fós an bhfuil uastroime dúile ann nach féidir a shárú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dúile sárthroma". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 227.