Meitniriam
| Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha |
|---|---|
| Meitniriam sa tábla peiriadach | |
| Siombail cheimiceach | Mt agus Une |
| Uimhir adamhach | 109 |
| Peiriad, Grúpa | peiread 7 grúpa 9 |
| Airíonna fisiceacha | |
| Dlús | kg/m⁻³ |
| Stair | |
| Aimsitheoir | Gesellschaft für Schwerionenforschung |
| Fionnachtain | 29 Lúnasa 1982 |
| Eapainm | Lise Meitner |
Is é an meitniriam dúil cheimiceach uimhir a 109 i dtábla peiriadach na ndúl agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Mt. Tá sé suite taobh thíos den iridiam sa tábla peiriadach, is é sin, sa naoú grúpa, ach is deacair a rá an bhfuil saintréithe ceimiceacha an mheitniriam cosúil leis an iridiam ar aon nós, nó is dúil radaighníomhach é a dtagann meath uirthi chomh luath is nach féidir mórán a fháil amach faoi iompraíocht cheimiceach na dúile. Is é an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an meitniriam ná Mt-278, agus déanann maisuimhir an iseatóip sin gnó an mheáchain adamhaigh don mheitniriam.
Ba iad Peter Armbruster agus Gottfried Münzenberg a bhí i gceannas ar an bhfoireann in Darmstadt sa Ghearmáin, san Institiúid um Thaighde ar na hIain Throma, a ghin an chéad adamh meitniriam. An t-ainm atá ar an dúil inniu, is tagairt é do Lise Meitner, agus dheimhnigh Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) é sa bhliain 1997.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |