Lise Meitner
Cuma
Fisiceoir a rugadh i Vín ab ea Lise Meitner (7 Samhain 1878 - 27 Deireadh Fómhair 1968). Le Otto Hahn (1879-1968) d'fhionn sí an dúil radaighníomhach prótaictiniam (Pa) i 1917. Bhí uirthi teitheadh ó na Naitsithe as Beirlín don tSualainn i 1938, agus díreach ina dhiaidh sin d'fhionn Hahn bairiam radaighníomhach. Le Otto Frisch (1904-1979), a nia, rinne sí amach gur trí eamhnú núicléach a cruthaíodh an bairiam radaighníomhach seo. Creideann cuid mhaith daoine gurbh éagóir é nár roinn Lise Meitner Duais Nobel sa cheimic a bhuaigh Otto Hahn i 1944. Le déanaí ainmníodh an dúil (shaorga) leis an uimhir adamhach 109 aisti: meitnéiriam (Me).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Lise Meitner". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 450.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |