David Cameron
Is polaiteoir Briotanach é Dàibhidh Camshron[1] nó David Cameron, a rugadh ar an 9 Deireadh Fómhair 1966. Tá sé ag feidhmiú mar Rúnaí Gnóthaí Eachtracha ó 2023 i leith[2]. Roimhe sin bhí sé ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Aontaithe ó 2010 go 2016, ina Cheannaire ar an bPáirtí Coimeádach ó 2005 go 2016, agus ina Cheannaire ar an bhFreasúra ó 2005 go 2010, chomh maith le bheith ina Fheisire Parlaiminte (FP) do Witney ó 2001 go 2016. Aithníonn sé mar choimeádach aon-náisiúin, agus bhí baint aige le beartais liobrálacha ó thaobh na heacnamaíochta de agus le beartais liobrálacha sóisialta araon.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh David William Donald Cameron ar an 9 Deireadh Fómhair 1966 i Londain. Tógadh i bPeasemore in Berkshire é. Ba iad Ian Donald Cameron agus Mary Fleur Mount a thuismitheoirí. D'fhreastail sé ar Ollscoil Átha na nDamh (Béarla: Oxford University) agus chuaigh leis an bpolaitíocht.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh mar bhall de pharlaimint na Ríochta Aontaithe é sa bhliain 2001. Tháinig sé i gcomharbas ar Michael Howard mar cheannaire an Pháirtí Choimeádaigh sa bhliain 2005.
Tar éis an toghcháin náisiúnta sa bhliain 2010, chuir na Coimeádaigh agus an Páirtí Daonlathach Liobrálach (a bhí faoi cheannas Nick Clegg) comhrialtas ar bun. Ar an 11 Mí na Bealtaine 2010, ceapadh Dàibhidh Camshron mar phríomh-aire na tíre. Ceapadh Clegg mar leas-phríomh-aire.
2011. Thug Dàibhidh cúnamh do na reibiliúnaigh Libiacha. Dúirt Barack Obama ar an 7 Márta 2016 go raibh praiseach d'obair i Libia, agus chuir sé cuid den locht ar Dhàibhidh Camshron.[3]
Tar éis an toghcháin náisiúnta ar an 8 Bealtaine 2015, bhí an bua ag na Coimeádaigh, gan an Páirtí Daonlathach Liobrálach, faoi cheannas Dàibhidh Camshron.[4]
Breatimeacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]De bharr reifreann a reáchtáladh ar an 23 Meitheamh 2016 agus inar vótáil 51.9% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le himeacht as an AE, bhí rún ag rialtas na Breataine tús a chur le himeacht na tíre as an AE.
D'éirigh Dàibhidh as príomh-aireacht na tíre i mí Lúnasa 2016 tar éis do mhuintir na Breataine cúl a thabhairt don Aontas Eorpach.[5]
Gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2016, chuaigh Dàibhidh i mbun gnó mar 'sainchomhairleoir bainistíochta'. Ní raibh sé saor ó locht maidir leis an gconspóid 'Greensill' a bhliain 2021.[6] Bhí sé ag stocaireacht ar pholaiteoirí i Westminster agus ag cur tionscadail éagsúla faoina mbráid. Chuaigh an ciste infheistíochta Greensill i mbá in 2021.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall O'Gallagher (11 Bealtaine 2010). "Dàibhidh Camshron na phrìomhaire" (Gaeilge na hAlban). BBC Naidheachdan - Blog Poileataigeach. Dáta rochtana: 13 Bealtaine 2010.
- ↑ "Bata agus bóthar do Braverman, Cameron ar ais ag bord an rialtais" (as ga) (2023-11-13).
- ↑ "Obama blasts Cameron, Sarkozy for Libya ‘mess’" (en). France 24 (2016-03-11). Dáta rochtana: 2021-10-09.
- ↑ independent.co.uk, 8 Bealtaine 2015
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-06-28). "An Bhruiséil réidh "inniu" le tosú ar an scarúint" (as ga).
- ↑ "Greensill scandal" (as en) (2021-08-10). Wikipedia.