Drew Binsky

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDrew Binsky

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Bealtaine 1991
32 bliana d'aois
Dallas, Texas, Texas Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Wisconsin–Madison - Bachelor of Economics (en) Aistrigh (–2013) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheScottsdale, Arizona
Bancác
Súl
Airde170 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfísbhlagálaí, léiritheoir teilifíse, cruthaitheoir YouTube, travel blogger (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2015 –

Suíomh gréasáindrewbinsky.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: drewbinsky Instagram: drewbinsky Youtube: UC0Ize0RLIbGdH5x4wI45G-A Cuir in eagar ar Wikidata
Tíortha atá cuairt tugtha ag Drew orthu

Is blagálaí agus fís-bhlagálaí taistil Meiriceánach é Drew Goldberg, ar a dtugtar Drew Binsky air fosta, (a rugadh ar 24 Bealtaine, 1991). Déanann Binsky a chuid taistil a dhoiciméadú ar a chainéal YouTube agus ar chuntais meán sóisialta eile. Faoi Mhárta 2020, bhí cuairt tugtha aige ar 191 tír agus bhí beartaithe aige cuairt a thabhairt ar gach tír ar domhan faoi Mheitheamh 2020 go dtí gur chuir paindéim COVID-19 a thurais go dtí an cúpla thír dheireanach ar fionraí. Bhí Curiarracht Domhanda Guinness don chuid is mó de chuairteanna ar Shuíomhana Oidhreachta Domhanda UNESCO i 24 uair an chloig aige ó 2016 go 2019.[1]

Óige agus oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Binsky leis an ainm Drew Goldberg i Dallas, Texas, SAM agus d’fhás sé suas i Scottsdale, Arizona, SAM.[2] Is leasainm de bhunadh Giúdach Gearmánach a thug a theaghlach dó é "Binsky".[3] D’fhreastail sé ar Ollscoil Wisconsin-Madison, agus bhain sé céim san eacnamaíocht agus san fhiontraíocht amach in 2013.[4] Le linn a bhliana sóisearaí ar an ollscoil, ghlac sé páirt i gclár staidéir thar lear i bPrág, An tSeic.[5] Rinne sé staidéar ansin ar feadh seimeastar,[6] agus lena linn sin thaistil sé chuig níos mó ná 20 tír fud fad na hEorpa, agus shocraigh sé slí bheatha a dhéanamh as taisteal.[7]

Slí Bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh dó críochnú leis an ollscoil ghlac Goldberg post ag teagasc Béarla i Seoul sa Chóiré Theas. Chaith sé 18 mí ansin, agus thaistil sé go 20 tír san Áise le linn na tréimhse sin. D'éirigh sé as a phost teagaisc i mí Eanáir 2015 agus dhírigh sé ar thaisteal go lánaimseartha ina dhiaidh sin. Faoi Dheireadh Fómhair 2015, bhí cuairt tugtha aige ar 73 tír san iomlán.[8] Chomh maith leis sin chuir sé tús le blag darb ainm "The Hungry Partier"[9] (ar a tugadh "Drew Binsky" air ina dhiaidh sin) agus thosaigh sé ag déanamh taifead dá chuid taistil ar Instagram agus Snapchat.

In 2017, cheannaigh a ghirseach, Deanna Sallao, ceamara dó agus spreag sin é le físeáin a chruthú agus iad a phostáil ar a chainéal YouTube (ar a dtugtar "Drew Binsky" air fosta). Is minic a uaslódálann sé físeáin chuig an cainéal. I mí na Bealtaine 2017, d'uaslódáil sé físeáin de thuras eagraithe chun na Cóiré Thuaidh ar a chainéil YouTube agus Facebook. Chruinnigh na físeáin os cionn 10 milliún amharc. Thosaigh Binsky ag saothrú airgid ó ioncam fógraíochta ar YouTube agus Facebook agus ghlac sé páirt i gcomhpháirtíochtaí urraithe le brandaí éagsúla. Tá os cionn 4 mhilliún leantóir aige ar na meáin shóisialta agus tá dhá Churiarracht Domhanda Guinness aige: ag tabhairt cuairt ar an mhéid is mó suíomhanna Oidhreachta UNESCO i dtréimhse 24 uair an chloig agus an pacáil cáis is gaiste a dhéanamh.[10] In 2018, thosaigh sé ag cónaí i mBancác na Téalainne .[11]

In 2020, d’fhógair Binsky go n-eisofar clár faisnéise fána chuid taistil darb ainm Border 197.[12]


Bhain sé a thír deireanach atá ina bhall de na Náisiúin Aontaithe, An Araib Shádach, amach ar an 29ú Deireadh Fómhair 2021.[13]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-26.
  2. Melissa Shannahan (21 Meitheamh 2016). "Drew Binsky: How a Scottsdale blogger went around the world on Snapchat, Instagram". Dáta rochtana: 15 Eanáir 2021.
  3. Debra Killalea (1 Bealtaine 2017). "Three days in North Korea: Drew ‘Binsky’ Goldberg’s video aims to change the way you see the DPRK". Dáta rochtana: 18 Feabhra 2021.
  4. Uptin Saiidi (18 Márta 2019). "His parents wanted him to get a corporate job, until he made $154,000 in one year". CNBC Make It. Dáta rochtana: 15 Eanáir 2021.
  5. Elizabeth Thomas (8 Eanáir 2019). "https://www.asianage.com/life/more-features/080119/drew-drawn-to-the-world-map.html". Dáta rochtana: 18 Feabhra 2021.
  6. Mollie Goodfellow (14 Deireadh Fómhair 2015). "MAN DEDICATES HIS 20S TO TRAVELLING THE WORLD - THEN LISTS HIS WORST EXPERIENCES". Dáta rochtana: 18 Feabhra 2021.
  7. Mandira Wijerathna (20 Eanáir 2019). "Travelling with Drew Binsky". Dáta rochtana: 18 Feabhra 2021.
  8. Mollie Goodfellow (23 Deireadh Fómhar). "THE BEST COUNTRIES IN THE WORLD TO VISIT (ACCORDING TO A MAN WHO'S BEEN TO 73 OF THEM)". Dáta rochtana: 18 Feabhra 2021.
  9. Emily Chan (4 Samhna 2015). "Lessons from the road: Tips from a 24-year-old who's travelled to 74 countries". Dáta rochtana: 18 Feabhra 2021.
  10. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en-US). www.timesofisrael.com.
  11. Anasuya Menon (9 Eanáir 2019). "On board with Drew Binsky". Dáta rochtana: 10 Iúil 2019.
  12. "Cóip cartlainne". drewbinskydocumentary.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-06-12. Dáta rochtana: 2021-02-18.
  13. "Drew Bimsky - Instagram". www.instagram.com (2021-10-29). Dáta rochtana: 2021-11-03.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]