Astaróideach 2000 SG344
Astaróideach 2000 SG344 | |
---|---|
Ainmniú sealadach | 2000 SG344 |
Cineál | astaróideach agus réad neas-Domhanda |
Grúpa mionphláinéid | Aten asteroid (en) |
Fionnachtaí | David J. Tholen |
Dáta fionnachtana | 2000, Réadlann Mauna Kea |
Réad tuismitheora | an Ghrian |
Aois | 13 Meán Fómhair 2023 |
Sonraí fithiseacha | |
Féach ar an staid reatha | |
Apaipsis | 1.04266 AU[1] |
Pearaipsis | 0.91202 AU (arg (ω): 275.54022)[1] |
Ais mhór a | 0.97733950716188 AU[2] |
Éalárnacht e | 0.066888 0.066832599101248[2] |
Tréimhse fhithiseach P | 352.91214875198 d[2] |
Meán-Aimhrialtacht M | 179.6549 °[1] |
Claonadh i | 0.11280937557364 °[2] |
Fad an nóid éirithigh Ω | 191.75303015754 °[2] |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Dearbhmhéid | 24.7[1] |
Mais | 71,000 t |
Catalóga réalteolaíochta | |
Aitheantóir JPL | 3054374 |
Tá na réalteolaithe ag tuar go sroichfidh astaróideach réasúnta mór comharsanacht an domhain. SG344 nó "Dreigeoideach 2030" atá mar ainm ar an astaróideach seo, agus tá a lorg á leanúint ag réalteolaithe ar fud an domhain. Ceapann na réalteolaithe go sroichfidh an t-astaróideach comharsanacht an domhain i Mí Mheán Fómhair na bliana 2030.
Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meastar go bhfuil SG344 chomh mór le hárasán, idir 30m agus 70m ar trastomhas.
Ní fios an oighear, nó gairbhéal, nó carraigeacha móra nó iarann atá ann. Más oighear nó gairbhéal atá ann, is má bhuaileann sé leis an domhan, dhealódh sé ó chéile agus dhófaí go hiomlán san atmaisféar é, sula sroichfidh sé dromchla an domhain. Ní dhéanfaidh sé dochar ar bith agus í chuirfeadh sé sin isteach ar an domhan ar chor ar bith.
Ach más carraigeach nó miotalach é, agus má bhuaileann SG344 i gcoinne an domhain (tá seans amháin as 417 go dtarlóidh sé sin), d'fhéadfadh pléasc cúpla meigeatonna tarlú, céad oiread níos cumasaí ná an buama adamhach a mhill Hiroshima na Seapáine i 1945: bheadh a leithéid inchurtha leis an imbhualadh astaróidigh a tharla i dTunguska na Sibéire i 1908.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]I Mí Mheán Fómhair na bliana 2000 tháinig réalteolaithe ar astaróideach réasúnta mór.[3] Tháinig D. J. Tholen, and R. J. Whiteley ar SG344 ar 29 Meán Fómhair 2000.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 “JPL Small-Body Database”. Dáta rochtana: 17 Eanáir 2024.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 “JPL Small-Body Database”. Dáta rochtana: 17 Eanáir 2024.
- ↑ An tÉolaí (2002). "GAEILGE - ARDLEIBHÉAL - PÁIPÉAR II". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dreigeoideach 2030". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 222.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann leis astaróideach é an t-alt seo Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |