Dúile sárthroma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Dúile le huimhreacha adamhacha níos mó ná 112. Ní tharlaíonn siad go nádúrtha. Is é úráiniam (uimhir adamhach 92) an dúil nádúrtha is troime. Cruthaíodh dúile níos troime trí imbhuailtí fuinniúla idir núicléis dúl le huimhreacha adamhacha níos lú. Faoi 1994 ba í an dúil ba throime ná meitneiriam, leis an uimhir adamach 109. I 1999 d'imbhuail eolaithe sa Rúis sprioc plútóinaim le cailciam chun dúil 114 a chruthú, agus an bhliain chéanna i gCalifornia chruthaigh eolaithe dúil 116 trí luaidhe a imbhualadh le crioptón. An-ghearrshaolach a bhíonn na dúile sárthroma, agus ní fios fós an bhfuil uastroime dúile ann nach féidir a shárú.