Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann sa Pheil
Cineál | comórtas spóirt |
---|---|
Spórt | peil Ghaelach |
Eagraí | Cumann Lúthchleas Gael |
Rannpháirtithe | 34 |
Áit agus dáta | |
Tír | Éire |
Dátaí | 1887 – |
Séasúr | An Bhealtaine – |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh | gaa.ie… |
Is é Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann sa Pheil an chraobh is tábhachtaí sa pheil Ghaelach. Eagraíonn Cumann Lúthchleas Gael an chraobh seo gach bliain. Glacann foireann ó gach contae in Éirinn (ach amháin Contae Chill Chainnigh) páirt sa chraobh, chomh maith le foirne ó Londain agus ó Nua-Eabhrac.
Formáid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Imrítear craobh i ngach cúige in Éirinn (glacann Londain agus Nua-Eabhrac páirt i gCúige Chonnacht). Roimh 2001, chuaigh na buaiteoirí sna craobhacha seo díreach ar aghaidh go cluichí leathcheannais na hÉireann. Anois ní mór dóibh imirt i gcluichí ceathrú ceannais. Bíonn ar na foirne a chailleann cluiche i gcraobh na gcúigí cluichí a imirt eatarthu féin agus go dtí go bhfuil ceithre fhoireann fágtha le dul ar aghaidh go dtí na cluichí ceathrú ceannais, áit a imríonn siad in aghaidh na foirne a bhuaigh craobhacha na gcúigí. Leanann Craobh na hÉireann ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais.
Bíonn an cluiche ceannais ar siúl ar an Domhnach deireanach i mí Mheán Fómhair. Imríonn an dá fhoireann i gcoinne a chéile i bPáirc an Chrócaigh, agus is é seo an cluiche is tábhachtaí agus an duais is mó sa spórt. Bíonn Uachtarán na hÉireann, an Taoiseach agus daoine tábhachtacha eile ag freastal ar na himeachtaí freisin. Bronntar Corn Sam Mhic Uidhir ar an bhfoireann a bhuann cluiche ceannais na hÉireann. Tá níos mó craobhacha buaite ag foireann na Ríochta nó Contae Chiarraí ná foireann ar bith eile.
Cluichí ceannais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Buaiteoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foireann | Líon | Blianta | |
---|---|---|---|
1 | Ciarraí | 37 | 1903, 1904, 1909, 1913, 1914, 1924, 1926, 1929, 1930, 1931, 1932, 1937, 1939, 1940, 1941, 1946, 1953, 1955, 1959, 1962, 1969, 1970, 1975, 1978, 1979, 1980, 1981, 1984, 1985, 1986, 1997, 2000, 2004, 2006, 2007, 2009, 2014 |
2 | Baile Átha Cliath | 24 | 1891, 1892, 1894, 1897, 1898, 1899, 1901, 1902, 1906, 1907, 1908, 1921, 1922, 1923, 1942, 1958, 1963, 1974, 1976, 1977, 1983, 1995, 2011, 2013, 2015, 2016 |
3 | Gaillimh | 9 | 1925, 1934, 1938, 1956, 1964, 1965, 1966, 1998, 2001 |
4 | An Mhí | 7 | 1949, 1954, 1967, 1987, 1988, 1996, 1999 |
5 | Corcaigh | 7 | 1890, 1911, 1945, 1973, 1989, 1990, 2010 |
6 | An Cabhán | 5 | 1933, 1935, 1947, 1948, 1952 |
6 | An Dún | 5 | 1960, 1961, 1968, 1991, 1994 |
6 | Loch Garman | 5 | 1893, 1915, 1916, 1917, 1918 |
7 | Cill Dara | 4 | 1905, 1919, 1927, 1928 |
7 | Tiobrad Árann | 4 | 1889, 1895, 1900, 1920 |
8 | Tír Eoghain | 3 | 2003, 2005, 2008 |
8 | An Lú | 3 | 1910, 1912, 1957 |
8 | Maigh Eo | 3 | 1936, 1950, 1951 |
8 | Uíbh Fhailí | 3 | 1971, 1972, 1982 |
9 | Dún na nGall | 2 | 1992, 2012 |
9 | Luimneach | 2 | 1887, 1896 |
9 | Ros Comáin | 2 | 1943, 1944 |
10 | Ard Mhacha | 1 | 2002 |
10 | Doire | 1 | 1993 |
Nóta: Ní raibh craobh na hÉireann ar siúl i 1888 de bharr turas i Meiriceá.
Is síol a bhaineann le spórt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |