Darragh Ó Sé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dara Ó Sé)
Infotaula de personaDarragh Ó Sé
Beathaisnéis
Breith1 Aibreán 1975
48 bliana d'aois
Ceann Trá, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí, duine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Peileadóir is ea Darragh Ó Sé, a rugadh ar an 1 Aibreán 1975. As Contae Chiarraí dó agus is ceantálaí é ó thaobh ghairm de. Imríonn sé lena chlub, an Ghaeltacht, agus d'imir sé le foireann Chiarraí idir 1994 agus 2009. Imreoirí mór agus láidir atá ann, d'éirigh sé as an imirt idirchontae agus é fós ag barr an spóirt, agus é ag imirt a chluiche deireanach i gcluiche ceannais na bliana 2009 sa bhua in éadan Chorcaí. Tá níos mó cluichí imeartha aige sa chraobh ná aon pheileadóir eile riamh. Bronnadh gradaim All-Star air trí uaire, cé nár bhain sé an gradam úd Peileadóir na Bliana amach riamh.

Ag tús na bliana 2010, bhí caint agus ráflaí sna meáin nach mbeidh Ó Sé ag filleadh ar an bhfoireann, ach bhí sé amhlaidh sa bhliain 2009 chomh maith agus tháinig sé ar ais. Agus é faoi agallamh le Dara Ó Cinnéide ar Raidió na Gaeltachta ar an 17 Feabhra 2010, scaoil Ó Sé an nuacht go raibh sé ag éirí as chun níos mó ama a chaitheamh lena chlann. D'admhaigh sé nach mbeidh sé furasta a bheith ag féachaint ar chúrsaí mar chuid de lucht leanta na foirne sna cluichí móra, ach dhearbhaigh sé go bhfuil an-mhuinín agus meas aige sna pheileadóirí óga atá ag teacht i gcomharbacht air.[1] Fuair sé ardmholadh ó laoch Chiarraí Jack Ó Sé a dúirt go raibh an-mheas aige air, agus gur ambasadóir a bhí ann do Chiarraí ar feadh sé bliana déag.[2]

Nia an iar-imreora Páidí Ó Sé atá ann, agus imríonn a dheartháireacha Tomás agus Marc sna foirne chéanna.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]