Mick O'Connell
| Beathaisnéis | |||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Breith | (en) Michael O'Connell 4 Eanáir 1937 88 bliana d'aois Oileán Dairbhre, Éire | ||||||||||||||||
| Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
| Gairm | imreoir peile Gaelaí | ||||||||||||||||
| Spórt | peil Ghaelach | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | |||||||||||||||||

Is iar-pheileadóir é Mícheál Ó Conaill (4 Eanáir 1937-), nó Mick O'Connell. Ciarraíoch is ea é agus d'imir sé le foireann a chontae ó 1956 go 1973. Lúaitear é mar dhuine de na peileadóirí is fearr riamh.
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]As Oileán Dairbhre do Mhícheál Ó Conaill. Rugadh é sa bhliain 1937. Iascaire agus feirmeoir ab ea a athair. Théadh sé go Sasana tráth den saol ag obair ‘ar an mBeet’. Séasúr phróiseála an bhiatais i Sasana a bhí i gceist, ó Dheireadh Fómhair go Feabhra sna blianta idir 1949 agus deireadh na 1970idí.[1]
Tá Ó Conaill pósta, agus tá mac darbh ainm Diarmuid orthu. Scríobh sé a dhírbheathaisnéis, A Kerry Footballer, sa bhliain 1974.
Peil
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’imir Ó Conaill i gCraobh Peil Sinsearach na hÉireann don chéad uair i 1956. Bhuaigh sé Craobh na Mumhan i 1958, 1959, 1960, 1961, 1962, 1963, 1964, 1965, 1968, 1969, 1970 agus 1972. agus craobh na hÉireann i 1959, 1962, 1969 agus 1970.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Maitias Ó Cosgordha agus Mick O Connell – fathaigh fir" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-08-03). Dáta rochtana: 2025-08-04.
