Máirtín Ó Conaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáirtín Ó Conaill
Máirtín Ó Conaill
Eolas pearsanta
Spórt Peil Ghaelach
Ainm Béarla Martin O'Connell
Dáta breithe
Dáta báis
Áit bhreithe Contae na Mí
Airde
Leasainm
Eolas club
Club
Ionad Leath chúlaí
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
Naomh Máirtín 1970idí - 1990idí
Idirchontae
Contae An Mhí
Ionad Leath chúlaí
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
An Mhí 1980idí - 1990idí
Duaiseanna
Craobh Laighean 6
Craobh Peil Sinsearach na hÉireann 3
Sárimreoirí 4

Is iar-dhuine spóirt Éireannach é Máirtín Ó Conaill (Béarla: Martin O'Connell), a d'imir peil Ghaelach le foireann sinsir na Mí ó 1984 go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1997. Mar aitheantas ar an méid a bhain sé amach ar an bpáirc imeartha, cuimsíodh i bhFoireann Pheile na Mílaoise é.

Gairm imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

In aghaidh Chontae na hIarmhí a d'imir Ó Conaill a chéad chluiche sa chraobh thiar sa bhliain 1984. Bhí sé mar chnámh droma den fhoireann a bhuaigh Corn Mhic Uidhir dhá bhliain i ndiaidh a chéile idir 1986 agus 1987 faoi bhainisteoireacht Seán Boylan, agus arís sa bhliain 1996. Chríochnaigh sé a ghairm le sé bhua i gCraobh Laighean, trí bhua sa tSraith Náisiúnta agus bonn amháin i gCorn an tSlánchéid. Bronnadh ceithre ghradam All-Star air sna blianta 1988, 1990, 1991 agus 1996. Roghnaíodh é mar Texaco Peileadóir na Bliana agus All-Star Peileadóir na Bliana chomh maith sa bhliain chéanna.

Cé go gcuimhnítear Máirtín Ó Conaill mar fhear spóirt den chéad scoth, bhí conspóid ann sa bhliain 1996 nuair a cuireadh líomhaintí ina leith gur sheas sé ar cheann Brian Dooher i gcluiche in aghaidh Thír Eoghain, rud a bhí séanta ag Ó Conaill.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]



Foireann Pheile na Mílaoise (2000)

1 Dónal Ó Caoimh | 2 Éanna Ó Callaráin | 3 Seosamh Ó Ceocháin | 4 Seán Ó Flannagáin | 5 Seán Ó Murchú | 6 S. S. Ó Rathaille | 7 Máirtín Ó Conaill | 8 Mícheál Ó Conaill | 9 Tomás Ó Murchú | 10 Pádraig Ó Spealáin | 11 Seán Puirséil | 12 Séan Ó Néill | 13 Caoimhín Ó hIfearnáin | 14 Tomás Ó Langáin | 15 Mícheál Mac Síthigh |