Cogadh na hAon Bhliana Déag
Cogaí na dTrí Ríocht | |
---|---|
Cineál | cogadh |
Dáta | 17 haois |
Áit | Ríoghacht Éireann |
Tír | Éire |
Rannpháirtithe | Comhdháil Chaitliceach na hÉireann, Maolcheann agus Cavalier |
Tharla Cogadh na hAon Bhliana Déag ar a dtugtar Cogaí na Comhdhála Éireannaí, in Éirinn idir 1641 agus 1653.
Láthair chogaí na dTrí Ríocht in Éirinn a bhí ann, sraith de chogaí cathartha i ríochtaí na hÉireann, Shasana agus na hAlban – iad ar fad á rialú ag Séarlas I. Bhí gnéithe polaitiúla, creidimh agus eitneacha ag baint leis an gcoimhlint agus troideadh í faoi chúrsaí rialachais, úinéireachta talún, saoirse reiligiúin agus leithcheal ar bhonn creidimh. Ba iad na príomhcheisteanna ná an raibh an chumhacht pholaitiúil ba mhó ag Caitlicigh na hÉireann nó ag Protastúnaigh na Breataine, agus an raibh an chuid is mó den talamh faoi úinéireacht acu, agus an mbeadh Éire ina ríocht féinrialaithe faoi Shéarlas I nó faoi réir na parlaiminte i Sasana.
Ba í an choimhlint ba mhilltí i stair na hÉireann agus ba chúis le 200,000-600,000 bás de bharr troda chomh maith le gorta agus galar a bhain le cogadh.[1]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh an cogadh sa bhliain 1641 in Éirinn le éirí amach na gCaitliceach Éireannach, a rinne iarracht smacht a ghabháil ar riarachán Shasana in Éirinn. Theastaigh uathu a chur leis an leithcheal frith-Chaitliceach, chun féinrialachas na hÉireann a mhéadú, agus Plandálacha na hÉireann a thabhairt ar ais.féinrialtas na hÉireann a mhéadú, agus Plandálacha na hÉireann a laghdú. Theastaigh uathu freisin cosc a chur ar ionradh a rinne Parlaiminteoirí frith-Chaitliceacha Sasanacha agus Cúnantóirí na hAlban, a bhí ag cur in aghaidh an rí.
Mhaígh ceannaire na reibiliúnach Féilim Ó Néill go raibh tairiscint an rí á déanamh aige, ach cháin an rí Séarlas an t-éirí amach tar éis dó briseadh amach. D'fhorbair an t-éirí amach ina choimhlint eitneach idir Caitlicigh na hÉireann ar thaobh amháin, agus coilínigh Phrotastúnacha Sasanacha agus Albanacha ar an taobh eile. Tharla sléachtanna i gCúige Uladh sna chéad chúpla mí seo.
Bhunaigh ceannairí na gCaitliceach 'Comhdháil Chaitliceach na hÉireann' i mBealtaine 1642, a smachtaigh agus a rialaigh an chuid is mó d’Éirinn, agus a chuimsigh Caitlicigh Ghaelacha agus na Sean-Ghaill araon. Sna míonna agus sna blianta ina dhiaidh sin throid Caitlicigh na Comhdhála i gcoinne Ríogaithe, Parlaiminteoirí, agus arm a sheol Cúnantóirí na hAlban, agus bhain gach taobh úsáid as beartaíochtaí an rualoiscthe.
Chabhraigh easaontais maidir le conas déileáil leis an éirí amach chun tús a chur le Cogadh Cathartha Shasana i lár na bliana 1642. D'údaraigh an rí caibidlíochtaí rúnda leis na lucht na Comhdhála, as a d'eascair sos cogaidh idir an dá thaobh i Meán Fómhair 1643 agus tuilleadh caibidlíochta.
Sa bhliain 1644, tháinig turas míleata de chuid na Comhdhála i dtír in Albain chun cabhrú leis na Ríogaithe ansin. Lean lucht na Comhdhála orthu ag troid leis na Parlaimintí in Éirinn, agus bhain siad an bua go cinntitheach ar arm na gCúnantóirí i gCath na Binne Boirbe.
Sa bhliain 1647, d'fhulaing na lucht na Comhdhála líon mór buaite ag na bParlaiminteoirí ag Cath Chnoc Dhongan, ag Caiseal agus ag Cnoc na nOs. Spreag sé seo lucht na Comhdhála chun comhaontú a dhéanamh leis na Ríogaithe. Rinne an comhaontú deighilt idir na Comhdhálachaí, agus chuir an troid eatarthu féin bac ar a gcuid ullmhúcháin chun cur i gcoinne ionradh na bParlaiminteoirí.
I mí Lúnasa 1649, rinne arm mór na bParlaiminteoirí Sasanach, faoi cheannas Oilibhéar Cromail, ionradh ar Éirinn. Chuir sé faoi léigear agus ghabh sé go leor bailte ón gcomhghuaillíocht Chónaidhme-Ríogaíocha. Mharaigh arm Chromail go leor saighdiúirí agus sibhialtach tar éis ruathar a thabhairt ar bhailte Dhroichead Átha agus Loch Garman.
Gabhadh príomhchathair na Comhdhála Cill Chainnigh, i mí an Mhárta 1650, agus buaileadh an Comhaontas Cónaidhmeach-Ríogaíocha sa deireadh nuair a gabhadh Gaillimh i mBealtaine 1652.
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lean lucht na Comhdhála ar aghaidh lena bhfeachtas treallchogaíocht go dtí Aibreán 1653. Mar thoradh air seo, maraíodh sibhialtaigh go forleathan agus scrios arm Shasana bia-ábhair, agus ba chúis leo freisin ráig den phlá bhúbónach.
Tar éis an chogaidh, bhí Éire i seilbh agus ionghafa le Comhlathas Shasana, poblacht a mhair go dtí 1660. Cuireadh an Caitliceachas faoi chois,[2] coigistíodh an chuid is mó de thalamh a bhí faoi úinéireacht na gCaitliceach, agus cuireadh na mílte reibiliúnach Éireannach go dtí Indiacha Thiar na Breataine mar sheirbhísigh faoi dhintiúr, nó chuaigh isteach in airm Chaitliceach san Eoraip.
Sna 1650idí luath, bhí arm Chromail gan díol, agus bhí airgead ag dul dóibh siúd a thug iasachtaí móra airgid chun díoltas a bhaint amach ar Chaitlicigh in Éirinn a d’ionsaigh Protastúnaigh sa bhliain 1641. Shocraigh Cromail ar thailte a thabhairt do Shasanaigh a thacaigh leis an Pharlaimint agus do shaighdiúirí a throid ar a shon sa Chogadh Cathartha.[3][4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Éirí Amach 1641
- Comhdháil Chaitliceach na hÉireann
- Creachadh Chaisil, 1647
- Cromail in Éirinn 1649-1650
Daoine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Eleven Years War 1641–52 – A Brief Overview".
- ↑ Ba Phiúratánach é Cromail a ndúradh faoi gur ghinearál sárchliste ach míthrócaireach é a raibh an dearg- ghráin aige ar Chaitlicigh. Rinne sé iarracht ar an chreideamh Caitliceach in Éirinn a scriosadh agus chuir sé lear mór sagart chun báis (cogg.ie "Plandáil in Éirinn")
- ↑ "Act for the Settlement of Ireland 1652" (as en) (2024-05-10). Wikipedia.
- ↑ cogg.ie (2014). "Plandáil in Éirinn". Dáta rochtana: 2024.