Creachadh Chaisil, 1647
Cuma
| ||||
| Cineál | creach | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Cogadh na hAon Bhliana Déag | |||
| Dáta na bliana | 15 Meán Fómhair 1647 | |||
| Suíomh | Caiseal, Éire | |||
| Tír | Comhdháil Chaitliceach na hÉireann | |||
| Rannpháirtí | ||||
Tharla Creachadh Chaisil (nó Sléácht Chaisil) ar 15 Meán Fómhair 1647, le linn Chogadh na hAon Bhliana Déag, nuair a rinne Murchadh Ó Briain (nó an Iarla Inse Chuinn) scrios iomlán ar gharastún na Comhdhála, a bhí lonnaithe ar Charraig Phádraig.
Gníomh mínáireach a bhí ann, fiú le linn bhlianta corracha na 17ú haoise. Rinne Murchadh léirscrios ar Chúige Mumhan le linn an ama seo,[1] rud a tharraing Murchadh na dTóiteán air mar leasainm.
Gabhadh agus cuireadh chun báis seachtar sagart, Theobald Stapleton (Teabóid Gálldubh) san áireamh. Deir John Lynch in De Praesulibus Hiberniae go raibh uisce coisricthe á chroitheadh ag Teabóid ar na saighdiúirí a bhí ar tí a mharaithe.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Jim Doyle (2018-09-15). "The Sack of Cashel" (en). seamus dubhghaill. Dáta rochtana: 2022-09-16.
- ↑ "STAPLETON, Theobald (c.1589–1647)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-09-15.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
