Cath na Binne Boirbe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cath na Binne Boirbe
Cogaí an Triúr Rríocht
Cath na Binne Boirbe

Eoghan Rua Ó Néill

Dáta: 5 Meitheamh 1646
Áit: An Bhinn Bhorb Contae Thír Eoghain, Ulaidh
Toradh: Bua d'fórsaí Chónaidhmeach na nÉireannach
Céilí comhraic
Cónaidhmeach na nÉireannach Cúanantóirí Albanacha agus coilínigh Sasanacha agus Albanacha
Ceannasaithe
Eoghan Rua Ó Néill Robert Monro
Slua
5,000 6,000
Taismigh
~300 marbh ~2-3,000 marbh nó gortaithe go dona

Troideadh Cath na Binne Boirbe ar an 5 Meitheamh, 1646, le linn Chogadh na hAon-déag mBliana, láthair chogaidh na hÉireann de chuid Chogaí an Triúr Ríocht. Bhí fórsaí Chónaidhmeach na nÉireannach faoi Eoghan Rua Ó Néill agus Cúanantóir Albanach agus arm Angla-Éireannach faoi Robert Monro. Chuir bua fhórsaí na Cónaidhme críoch leis an chath agus le dóchas na nAlbanach Éire a chloí agus a socrú reiligiúnach a fhorchur ann.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig arm na nAlbanach i dtír i gCúige Uladh sa bhliain 1642, d'fhonn na lonnaitheoirí Albanacha a chosaint ó na sléachtanna a lean Éirí Amach 1641. Bhí súil freisin acu an tír a chloí, an Caitliceachas a scrois agus an Preispitéireachas a fhorchur mar an reiligiún stáit. Thuirling siad ag Carraig Fhearghais agus nasc siad suas le arm lonnaitheoirí na Breataine a bhí lonnaithe i nDoire agus a bhí faoi stiúir Robert Stewart. Ghlan siad na reibiliúnaithe Gaelacha amach as Ulaidh sa bhliain 1643, ach ní raibh siad in ann dul chun cinn ó dheas de lár-Ulaidh, a bhí i seilbh Eoghan Rua Ó Néill, ginearáil Chónaidhmeach na nÉireannach in Ulaidh. Rinne an dá thaobh robáil agus mharaigh siad sibhialtaigh i gcríoch a n-namhaid, ionas go raibh sa bhliain 1646, saghas 'idirthalamh' nó 'latrach an áir' idir na taobhanna freasúracha. B'é barúil Uí Néill faoin léirscrios "nach raibh cuma an fhásaigh ar Ulaidh ach cuma ifrinn". Cé gur lean na trí arm ag ruathar isteach i bhfearann a chéile, ní raibh ceachtar acu in ann go leor soláthairtí a eagrú chun seilbh a choinneáil ar aon chríoch a bhí gafa acu.

Sa bhliain 1646, tháinig fórsaí Monro agus Stewart le chéile, agus rinne siad mór-ruathar isteach ar chríoch na Comhdhála. Dar le roinnt cuntais, iarracht a bhí ann chun ceanncheathrú na Comhdhála i gCill Chainnigh a ghabháil; ach deir foinsí eile nach raibh i gceist ach ruathar mór. Ar scor ar bith, bhí fórsa comhcheangailte na mBriotanach chomh láidir agus 6,000. Bhí deich reisimintí coisithe ag Monro, sé as Alban agus ceathrar as Sasana nó ina Angla-Éireannaigh, agus 600 macra Protastúnach as Ulaidh. Go dtí seo, sheachain Ó Néill, a bhí ina ghinearáil an-aireach, cath cóirithe a troid. Mar sin féin, chuir díreach Nuinteas an Phápa go hÉirinn, Giovanni Battista Rinuccini, muscaeid, lón lámhaigh agus airgead chun a chuid saighdiúirí a íoc chuige. Cheadaigh sé seo dó 5,000 fear a ligean chun troda - arm a bhéas beagán níos lú ná a namhaid. Bhí sé chanóin i seilbh na gCúanantór, cé nach raibh aon cheann ag lucht na Comhdhála.