Murchadh Ó Briain, Iarla Inse Chuinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMurchadh Ó Briain, Iarla Inse Chuinn

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1614
Bás1674
59/60 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmuasal Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalCunta Cuir in eagar ar Wikidata
CéileElizabeth St. Leger (1635–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteWilliam O'Brien, Dara hIarla Inse Uí Chuinn, An Bhantiarna Máire Ní Bhriain, Séarlas Ó Briain, An Bhantiarna Eilís Ní Bhriain, An Bhantiarna Nóra Ní Bhriain, Seán Ó Briain Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDiarmaid Ó Briain, 5ú Barún Inse Chuinn  agus Ellen FitzGerald (en) Aistrigh

Taoiseach de Mhuintir Bhriain ba ea Murchadh Ó Briain (c.1618 – 19 Meán Fómhair 1674), an chéad Iarla Inse Uí Chuinn. Idir na blianta 1624 agus 1654 bhí teideal an 6ú Barún Inse Uí Chuinn air. Murchadh na dTóiteán a bhí air i mbéal an ghnáthphobaill; d'fhág sé ár & argain i ngach áit dá raibh sé i gCúige Mumhan. Bhí sé ar na huaisle Protastúnacha ba mhó in Éirinn.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne sé saighdiúireacht in Arm Spáinneach na hIodáile idir na blianta 1636 agus 1639. D’fhill sé abhaile, phós iníon an Ridire William St Leger, Uachtarán Chúige Mumhan, agus rialaigh an cúige sin tar éis bhás St Leger.

Nuair a d’éirigh na hÉireannaigh amach sa bhliain 1641, chuaigh sé i leith na gcoilíneach Sasanach agus na bProtastúnach, agus choinnigh sé smacht ar Chorcaigh agus ar iardheisceart na hÉireann in ainm an Rí go dtí gur shocraigh Séamas de Buitléir, an chéad Diúc Urmhumhan, an Sos Mór i Mí Mheán Fómhair, 1643. Sa bhliain 1642 ruaig sé arm de chuid na Comhdhála faoi cheannas Ghearóid de Barra ag Cath Lios Cearúill, arm a bhí ag déanamh ar Chorcaigh.

Dealraíonn sé go raibh gráin ar leith aige ar mhórcheannasaí eile, Eoghan Rua Ó Néill. Ba mhór idir an bheirt. Bhí an Niallach ag taobhú leis na náisiúnaithe Caitliceacha, agus bhí cúis shinseartha leis an bhfaltanas freisin, sa mhéid gur maraíodh seanathair an Bhrianaigh (Murchadh eile) sa bhliain 1597 agus é ag troid le saighdiúirí a chuaigh i bpáirt le hAodh Rua Ó Néill, uncail Eoghain.

c. 1645

Fear na Parlaiminte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a theip ar an mBrianach post Uachtarán Chúige Mumhan a fháil ó Shéarlas I, post a tugadh d’Iarla Portland, tháinig colg air. D’fhill sé ar Éirinn agus chuaigh i bpáirt le lucht na Parlaiminte; ruaig sé na Caitlicigh as Corcaigh, as Eochaill agus as Cionn tSáile, agus bhuaigh ar an gComhdháil san iardheisceart.

Chreach sé Caiseal ar 15 Meán Fómhair 1647 agus rinne sé léirscrios ar Chúige Mumhan,[1] rud a tharraing Murchadh na dTóiteán air mar leasainm.

Rug sé bua mór ar arm Thiobóid Taaffe, an chéad Iarla Chairlinn, ag Cath Chnoc na nEas i Mí na Samhna 1647, bua a mhill Arm na Comhdhála i gCúige Mumhan.

Caisleán Chill Chainnigh. Ba í Cill Chainnigh príomhchathair an Chomhcheangail.

Fear an Rí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig imní air de barr an “Vóta Gan Aithisc”, vóta i bParlaimint Shasana a thug dúshlán an Rí, agus thaobhaigh sé go poiblí le Séarlas i Mí Mhárta 1648. Dúirt sé gur chóir sos cogaidh a shocrú le lucht an Chomhcheangail, ach tharla easaontas idir an tArd-Chomhairle agus ionadaí an Phápa, an tArd-Easpag Rinuccini, dá bharr.

D’fháiltigh an Brianach roimh Shéamas de Buitléir, Marcas Urmhumhan, nuair a d’fhill sé siúd ar Éirinn sa bhliain 1648, agus thacaigh sé leis an Dara Síocháin, sos cogaidh a thug na Ríogaithe agus lucht an Chomhcheangail le chéile i gcoinne Pharlaimint Shasana. Chaith an Brianach cuid mhaith de na blianta 1648 agus 1649 ag iarraidh deireadh a chur le comhrac an Niallaigh in aghaidh chomhar an Chomhcheangail agus na Ríogaithe.

Chríochnaigh an comhrac faoi shamhradh na bliana 1649, ach bhain sé de neart na Ríogaithe agus iad ag cur i gcoinne Chromail. Bhí an Brianach i láthair ag Cath Ráth Maonais nuair a buadh go dona ar na Ríogaithe, cé gur tháinig a chuid saighdiúirí ina gcúlgharda idir an fuíoll agus an namhaid.

le John Michael Wright (1617–1694)[2]

Trí mhí ina dhiaidh sin, d’ionsaigh sé na Parlaimintigh ach buadh air ag Cath an Inbhir Mhóir sa bhliain 1649, agus bhain an díomua seo go mór dá chlú. I gceann bliana bhí droch-chuma ar chás na Ríogaithe. I Mí Mhárta bhris Broghill an cath ar roinnt complachtaí a bhí dílis don Bhrianach go fóill, agus faoi Mhí na Bealtaine 1650, bhí mórán dá chuid saighdiúirí Protastúnacha eile dulta leis na Parlaimintigh. Ba ghearr go ndeachaigh an Brianach chun na Fraince ina dheoraí in éineacht leis an mBuitléarach.

Athbhunú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug an Brianach Séarlas II ar a thaobh agus rinneadh Iarla de sa bhliain 1654. Bhí sé ag troid san Iodáil in arm na Fraince agus arís sa Chatalóin i rith Chogadh na mBuanaithe sna blianta 1654 agus 1655, nuair a d’iompaigh sé ina Chaitliceach.

Nuair a tháinig Séarlas i réim, fuair an Brianach a chuid tailte ar ais i gCúige Mumhan, ach ceileadh an Uachtaránacht air toisc gur Chaitliceach é. Eisean a bhí i gceannas fórsa sluaíochta gan rath a chuir Séarlas II chun cuidiú leis na Portaingéalaigh sa bhliain 1662, agus ina dhiaidh sin chónaigh sé go suaimhneach in Éirinn go dtí lá a bháis sa bhliain 1674.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Jim Doyle (2018-09-15). "The Sack of Cashel" (en). seamus dubhghaill. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  2. "Murrough O'Brien, 1st Earl of Inchiquin | Art UK" (en). artuk.org. Dáta rochtana: 2022-09-15.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó Siochrú, Mícheál, Confederate Ireland 1642-49, Four Courts Press, Dublin 1999.
  • Lenihan, Padraig, Confederate Catholics at War 1641-49, Cork University Press, Cork 2001.
  • Ohlmeyer, Jane agus Kenyon, John (eag), The Civil Wars, Oxford University Press, Oxford 1998.
  • Canny, Nicholas, Making Ireland British 1580-1650, Oxford University Press, Oxford 2001.