Séarlas I, Rí Shasana, na hÉireann agus na hAlban
Bhí Séarlas I (19 Mí na Samhna 1600 - 30 Eanáir 1649) ina rí ar Shasana, Albain agus Éirinn. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair, Séamus I Shasana. Bhí sé i gcóróin ó 27 Márta 1625 go dtí gur chuir fórsaí na Parlaiminte chun báis é ar 30 Eanáir 1649. Nuair a tháinig deireadh leis an Interregnum faoi cheannas Oilibhéir Cromail, cuireadh an mhonarcacht ar bun arís agus cuireadh an mac ba shine leis i réim, mar Sheárlas II.
Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Réimeas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 7 Meitheamh 1628, thug Séarlas I a aontú d'Achainí um Chearta[1][2].
Den chuid is mó, léirigh an Achainí an tuairim a bhí ag na Tiarnaí agus na Teachtaí go raibh na rudaí seo a leanas in éadan dhlí Shasana, gan cead na Parlaiminte:[3]
- cánacha a ghearradh (iasachtaí éigeantacha don Choróin san áireamh),
- príosúnacht nó bású nach dtarlaíonn de réir "próis chuí an dlí",
- an dlí míleata a chur i bhfeidhm do shibhialtaigh seachas in aimsir chogaidh nó reibiliúin agus
- saighdiúirí agus mairnéalaigh a chur ar billéad go héigeantach.

Dá thairbhe sin, ba chéim bhunúasach an Achainí i bhforbairt smaointeoireachta Sasanaí & Mericeánaí maidir leis an tsaoirse agus rialachas bunreachtúil.
An Cogadh Cathartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bású
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoin mbliain 1648, bhí an Chéad Chogadh Cathartha i Sasana críochnaithe agus an Pharlaimint i réim, a bhuíochas ar Oilibhéar Cromail agus ar cheannairí cumasacha eile. Faoi dheireadh na bliana, ní raibh fágtha sa Pharlaimint ach feisirí ar mhian leo Séarlas I a thriail ar chúiseamh tréasa (dhíbir an Coirnéal Thomas Pride an chuid eile). Thaobhaigh Cromail leis na feisirí a raibh triail uathu (an “Rump”), agus bhí sé féin orthu siúd a shínigh barántas báis an Rí. Básaíodh Séarlas I ar 30 Eanáir 1649.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ""Achainí um Chearta"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-06-07.
- ↑ nó "Achainí an Chirt"
- ↑ "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-07.
- Daoine a rugadh i 1600
- Básanna i 1649
- Baill Eaglais na hÉireann
- Cogadh na hAon Bhliana Déag
- Daoine curtha chun báis
- Daoine faoi mhíchumas
- Eaglais Shasana
- Mairtírigh Éireannacha
- Mairtírigh Sasanacha
- Na Stiúbhartaigh
- Naoimh Bhreatnacha
- Naoimh Éireannacha
- Ridirí
- Ríthe na hÉireann
- Ríthe na nAlbanach
- Uaisleacht Eorpach