Comhdháil Chaitliceach na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Tréimhse fhéinrialtas na hÉireann idir 1642 agus 1649, le linn Chogadh na hAon Bhliana Déag ab ea Comhdháil Chaitliceach na hÉireann. I gcaitheamh an ama seo, bhí dhá thrian d’Éirinn á rialú ag an Chomhdháil, a bhí lonnaithe i gCill Chainnigh. Ba iad uaisle Caitliceacha na hÉireann, cléirigh agus ceannairí míleata a bhunaigh í tar éis Éirí Amach 1641.

Bhí parlaimint ag an gComhdháil (ar a dtugtar An Tionól Ginearálta), feidhmeannach (ar a dtugtar An Chomhairle Uachtarach), agus arm. Gheall an t-arm dílseacht don rí Séarlas I.

Bhí airm a bhí dílis do na na ríogaithe, do na pharlaiminteoirí nó do Chúnantóirí na hAlban i measc na hiamhchríocha eile a bhí faoi smacht na bProtastúnach i gCúige Uladh, i gCúige Mumhan agus gCúige Laighean. Le linn dó a bheith ann, d'fhógair an Chomhdháil cogadh i gcoinne na bparlaiminteoirí.

Sa bhliain 1648, chuaigh na Comhdhála i gcomhpháirt leis na Ríogaithe. Sa bhliain 1649, áfach, rinne arm na bparlaiminteoirí faoi Oilibhéar Cromail ionsaí ar Éirinn. Chuir sé an ruaig ar an Chomhdháil agus na ríogaithe agus chuir sé deireadh leis an gChomhdháil.

Eagar comhraic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Comhdháil Chaitliceach na hÉireann le chéile tar éis éirí amach 1641, chun an éirí amach a raibh tóir air a rialú agus chun iarracht chogaidh na gCaitliceach Éireannach a eagrú i gcoinne arm Shasanach agus na nAlbanach a bhí fágtha in Éirinn. Bhíothas ag súil go bhféadfaidís athghabháil na Sasanach nó nAlbanach á chur siar.

Ba iad an t-easpag Caitliceach, Nicholas French, agus an dlíodóir darb ainm Nicholas Plunkett a chuir an tionscnamh na Comhdhála ar bun. Chuir siad a gcuid moltaí i leith rialtais chuig uaisle Caitliceacha na hÉireann mar an Bíocunta Gormanston, Risteard de Buitléir, 3ú Bíocunta Mountgarret agus Donnchadh Mac Cárthaigh, 1í Iarla Chlann Chárthaigh & 2ú Bíocunta Muskerry. Gheallfadh na fir seo a bhfórsaí armtha féin don Chomhdháil agus chuir siad ina luí ar reibiliúnaithe eile a bheith páirteach ann.

Bhí aidhmeanna dearbhaithe na Comhdhála cosúil le haidhmeanna an Tiarna Fhéilim Rua Uí Néill, ceannaire na gcéimeanna luatha den éirí amach i gCúige Uladh, a d’eisigh Forógra Dhún Geanainn i mí Dheireadh Fómhair 1641.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]