Féilim Ó Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSir
Féilim Ó Néill

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1603
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1653
49/50 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh, tarraingíodh, dícheannadh, agus rinneadh ceathrúna de/di)
Ball Parlaiminte i bParlaimint na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois
Gairm mhíleata
CoinbhleachtÉirí Amach 1641
Eile
Céileunknown Magennis (en) Aistrigh
An Bhantiarna Jean Gordon (1649–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteGórdún Ó Néill
 ( An Bhantiarna Jean Gordon)
Gríobha Ní Néill
 ( unknown Magennis (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairToirdhealbhach Ó Néill  agus Catherine O'Neill
Ciontaíodh iTréas Cuir in eagar ar Wikidata

Ceannaire ar na Gaeil a d'éirigh amach i gCúige Uladh i 1641 ab ea Féilim Ó Néill, (a bhásaigh i 1653) as Cionn Aird i dTír Eoghain.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba de shliocht Uí Néill, taoisigh Thír Eoghain, Féilim, mac mic le Éinrí Óg Ó Néill a bhí ar an bhfíorbheagán den sliocht sin a raibh talamh fós acu i dTír Eoghain tar éis na Plandála. Ba mar gur thaobhaigh Einrí Óg leis na Sasanaigh in aghaidh Uí Néill, Aodh Mór, i gCogadh na Naoi mBliana, a ceadaíodh dó an talamh sin a choinneái i gCionn Ard ar bhruach na hAbhann Móire. Fuair sé oiliúint mar dhlíodóir i King's Inns Shasana, agus teachta de chuid pharlaimint na hÉireann a bhí ann sna 1630dí.

Éirí Amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní hé amháin go raibh míshásamh ar an líon daoine a cuireadh as seilbh a gcuid talún le linn na Plandála, ach bhí na Caitlicigh, agus na Gaeil ach go háirithe, a bhí fós i seilbh talún faoi bhagairt go leanúnach ag parlaimint Phrotastúnach Shasana in Éirinn. I ndeireadh na 1630dí agus i dtús na 1640dí, agus ráflaí á leathadh go raibh plandáil nua á beartú, chuaigh Féilim Ó Néill i bpáirt le Caitlicigh eile i gcomhcheilg chun Baile Átha Cliath agus bailte eile a ghabháil agus ceannas a bhaint amach, agus é d'aidhm acu a gcearta mar Chaitlicigh agus féinrialtas a éileamh in ainm an . Bhí Féilim Ó Néill freagrach as an ionsaí ar bhailte Chúige Uladh. Chinn ar lucht na comhcheilge Baile Átha Cliath a ghabháil nuair a ghabh na húdaráis beirt díobh, Mag Uidhir agus Mac Mathúin, roimh an éirí amach. D'éirigh Féilim agus muintir an tuaiscirt amach mar sin féin, ach ba ghearr go raibh smacht caillte aige ar na Gaeil a chuaigh san ionsaí ar na plandóirí a bhí i seilbh a gcuid tailte. Nuair a chinn ar Fhéilim Ó Néill tuaisceart agus oirthear an chúige a ghabháil ghluais sé ó dheas in aghaidh Bhaile Átha Cliath. Rinne siad iarracht Droichead Átha a ghabháil ar dtús, ach chinn orthu, agus scaipeadh formhór a gcuid fórsaí.

Comhairle Chill Chainnigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leath an t-éirí amach ar fud na tíre agus, faoi earrach na bliana 1642 bhí an tír cés moite de na ceantair timpeall ar Bhaile Átha Cliath, Corcaigh, Doire agus oirthear Chúige Uladh i seilbh na gceannairceach. Bhunaigh na huaisle Caitliceacha Comhdháil Chill Chainnigh a bhí mar rialtas de facto neamhspleách ar an tír go dtí 1649. Bhí Féilim Ó Néill ina theachta de chuid na parlaiminte I 1642, tar éis briseadh tubaisteach in aghaidh na nAlbanach i nGleann Mhic Coinn, láimh le Ráth Bhoth, tháinig Eoghan Rua Ó Néill (mac dearthár le hAodh Mór Ó Néill) i dtír le buíon d'iar-oifigigh ó Reisimint Uí Néill de chuid na Spáinne, agus toghadh é ina ghinearál ar arm na nUltach in áit Fhéilim Uí Néill. Cé go raibh teannas idir an dá Niallach throid Féilim Ó Néill faoi cheannas Eoghain Rua ina dhiaidh sin. Bhris sé go hoifigiúil le hEoghan Ruadh i 1648 nuair a thaobhaigh sé leis na ríogaithe.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Cathartha i Sasana tháinig Oilibhéar Cromail go hÉirinn ar cheann arm na parlaiminte i 1649, agus taobh istigh de dhá bhliain ghlac sé ceannas ar an tír. Tar éis bhás Eoghain Ruaidh ba é Easpag an Chlochair, Éibhear Mac Mathúna, a cuireadh i gceannas ar armna nUltach. Bualadh arm na nUltach go tubaisteach i Scairbh Sholais i 1650. Cé go raibh Féilim Ó Néill páirteach sa chath, d'éalaigh sé an t-ár. Chosain sé Dún Chnoc Séarlas i dTír Eoghain in aghaidh arm na parlaiminte. Gabhadh é ar an 4 Feabhra 1653 i gcaisleán an Rocháin i dTír Eoghain. Tugadh go Baile Átha Cliath é, ciontaíodh as tréas é, agus crochadh é.

Féilim Ó Néill sa Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cosúil gurb é rúnaí agus séiplíneach Fhéilim Uí Néill, Toirdhealbhach Ó Mealláin, a scríobh an cuntas Cín Lae Ó Mealláin ina bhfuil cuntas ar an gcogadh agus ar imeachtaí Fhéilim Uí Néill ach go háirithe.[1] Déantar léiriú ar Fhéilim Ó Néill mar charachtar stairiúil san úrscéal Dún na Cinniúna le hAnnraoi Ó Liatháin. Is ar an gcosaint a rinne sé ar Dhún Chnoc Séarlas atá an t-úrscéal bunaithe.[2] Tá cur síos ar bhriseadh arm Fhéilim Uí Néill i gCath Ghleann Mhic Coinn i 1642 san úrscéal An Cléireach le Darach Ó Scolaí.[3]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

^ 'Cín Lae Ó Mealláin', Annalecta Hibernica III, Coimisiún Láimhscríbhinní na hÉireann, 1931

^ Dún na Cinniúna, Annraoi Ó Liatháin, Sáirséal & Dill 1966

^ An Cléireach, Darach Ó Scolaí, Leabhar Breac, 2007