Lady Gregory
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Isabella Augusta Persse 15 Márta 1852 Baile Locha Riach |
Bás | 22 Bealtaine 1932 80 bliana d'aois Páirc na Cúile |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht |
Gairm | teangeolaí, dírbheathaisnéisí, dialannaí, aistritheoir, file, drámadóir, scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 1903 – |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne |
|
Teaghlach | |
Céile | William Henry Gregory (1880, 1880–) |
Páiste | Robert Gregory |
Athair | Dudley Persse agus Frances Barry |
Drámadóir, béaloideasóir agus bainisteoir amharclainne Angla-Éireannach ba ea Isabella Augusta, Lady Gregory, nó An Bantiarna Gregory uaireanta (15 Márta, 1852 - 22 Bealtaine, 1932), née Isabella Augusta Persse.[1]
In éineacht le W. B. Yeats agus daoine eile, bhí sí ar dhuine acu siúd a bhunaigh Amharclann Liteartha na hÉireann sa bhliain 1899, agus Amharclann na Mainistreach sa bhliain 1904.
Scríobh Lady Gregory a lán drámaí do na hamharclanna nua, agus í ag tarraingt ar thobar mhiotaseolaíocht na hÉireann le haghaidh inspioráide. Bhí baint nach beag ag an ábhar seo le féiniúlacht mhuintir na hÉireann a mhúnlú sa 20ú haois.[2]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tús a Shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saolaíodh Gregory i mBaile an Róistigh (Creig an Róistigh), Contae na Gaillimhe. Ba í an iníon is óige don teaghlach uasalaicme Angla-Éireannach Persse. Bhí a máthair, Frances Barry, gaolta leis an Viscount Guillamore agus is eastáit 6,000 acra a bhí ina teach teaghlaigh, Baile an Róistigh agus é suite idir an Gort agus Baile Locha Riach. (Loscadh an teach go talamh níos déanaí i rith Cogadh Cathartha na hÉireann).
Tógadh Augusta i dteaghlach Protastúntach den uas-mheánaicme. Fuair Gregory a cuid oideachas sa bhaile. ach is beag aird a tugadh uirthi le hais a deartháireacha agus chaitheadh sí uaireanta fada ag léamh léi féin. Nuair nach mbíodh sí ag léamh, d’éisteadh sí go géar leis na scéalta béaloidis agus miotaseolaíochta a d’insíodh a feighlí Caitliceach, Mary Sheridan, di. Bhí tionchar mór ag an buime teaghlaigh seo, Caitliceach agus Gaeilgeoir dúchasach, ar Gregory. Chuir Mary í ar an eolas faoi stair agus finscéalta an ceantar áitiúil. Bhí Mary amach sna blianta agus cuimhne aici ar bheith ag bualadh le Raiftearaí an file nuair a bhí sí óg.
Ba mhinic a théadh sí go dtí an Gort chun paimfléid Fiannaíochta a cheannach ann agus dánta is amhráin de chuid lucht Éire Óige a léamh. Ba mhór idir an t-ábhar sin agus saothar na bhfilí móra Sasanacha, saothar a léadh sí le fonn chomh maith céanna.[2]
Pósadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós sí an Ridire William Henry Gregory (1816-1892), le eastát i bPáirc na Cúile, gar don Ghort. Baintreach fir trí scór a bhí ina pholaiteoir i Sasana ab ea é.
Bhí oideachas an-mhaith aige agus bhí suim aige sna healaíona agus liteartha. Bhí leabharlann agus bailiúchán ealaíne ollmhór aige ina theach i bPáirc na Cúile, agus bhí an Bhantiarna Gregory ar bís iad seo a fheiceáil.
Phós siad ar an 4 Márta 1880 i Séipéal Naomh Matha i mBaile Átha Cliath, agus in aois 27 bliain di agus 63 dó (bhí Sir William 35 bliain níos sine ná Augusta).
Bhí Sir Williiam díreach tar éis éirigh as a phost mar Ghobharnóir ar an tSiolóin (Srí Lanca anois) agus bhí sé tar éis cúpla téarma a dhéanamh mar Theachta Parlaiminte i gcomhair Contae na Gaillimhe.
Nuair a tháinig sí go Páirc na Cúile ar dtús, bhí ceist na talún go mór i mbéal an phobail agus thuig sí sula i bhfad go raibh sí ar thaobh na dtionóntaí bochta, rud a d’fhágfadh go gcaithfeadh sí snámh in aghaidh easa ó thaobh a haicme féin agus tuairimí na haicme sin.[2]
Londain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí teach ag Sir William i Londain chomh maith, agus chaith an bheirt acu go leor ama thall ansin.
D'eagraigh siad salón liteartha chuile seachtain sa teach agus d'fhreastail go leor pearsa lárnach sna healaíona agus liteartha ar na salóin, ar nós Robert Browning, Lord Tennyson, John Everertt Millais agus Henry James.
Saolaíodh an t-aon pháiste a bhí ag Lady Gregory agus Sir William, Robert Gregory, sa bhliain 1881.
Nuair a cailleadh a fear sa bhliain 1892, cheannaigh sí teach i Sasana le go bhféadfadh sí a bheith in éineacht lena mac, Robert, a bhí ar scoil ann.
Thart faoin am seo a thosaigh sí ag cur suime san ealaín, sa pholaitíocht agus san fhilíocht. Dá shaibhre a saol dá mbarr, ní foláir nó chuimhnigh sí ar a feighlí Mary Sheridan agus ar a cuidse scéalta, óir bheartaigh sí dul abhaile chun béaloideas agus miotaseolaíocht a bhailiú ó mhuintir na tuaithe.[2]
Luathscríbhneoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thaistil an teaghlach Gregory timpeall an domhain. Chuaigh siad ar cuairt go dtí an tSíolóin (Srí Lanca), an India, an Spáinn, an Iodáil agus an Éigipt. Agus iad san Éigipt, bhí caidreamh rúnda ag an Bhantiarna leis an bhfile Sasanach Wilfred Scawen Blunt agus scríobh sí sraith de dhánta grá, A Women's Sonnets, mar thoradh ar seo.
Athbheochan
[cuir in eagar | athraigh foinse]Casadh W.B. Yeats uirthi i Londain agus nuair a thuig sí an tsuim a bhí aige sa bhéaloideas, thug sí cuireadh dó teacht in éineacht léi agus í ag dul ó theach go teach ag bailiú agus ag trascríobh scéalta. I mí Iúil na bliana 1896, shocraigh siad a n-aghaidh a thabhairt ar Ghaeltacht Thuaisceart na Mumhan agus Dheisceart Chúige Chonnacht.
Toisc nach raibh mórán Gaeilge ag Yeats ná mórán tuisceana aige ar an gcosmhuintir, shuíodh sé síos go ciúin in aice le Gregory agus í ag labhairt le muintir na háite. Ansin, sa tráthnóna, chuireadh Gregory Béarla ar an méid a bhailigh sí níos túisce sa ló. Ba as an ábhar seo a fuair Yeats spreagadh do go leor dá shaothar féin.[2]
Chaith Lady Gregory a lán ama ina teach cónaithe I bPáirc na Cúile, Co. na Gaillimhe le linn an ama seo, agus ba thearmann do scríbhneoirí é - chaith William Butler Yeats gach samhradh ann ar feadh fiche bliain.[3]
Ar deireadh, d’fhéach sí le Béarla a chur ar a cuid bailiúchán a bhí ar aon dul le Béarla mhuintir na tuaithe ag an am, rud a d’fhágfadh go mbeadh teacht agus tuiscint ag an gcuid is mó de mhuintir na hÉireann ar litríocht ársa na Gaeilge i dtús an fichiú haois.
Bhí toradh ar a cuid tóraíochta; idir 1902 agus 1904, foilsíodh Cuchulain of Muirthemne, Poets and Dreamers agus Gods and Fighting Men. Tháinig an Book of Saints and Wonders ar an bhfód ansin i 1906, mar a bhfuil cuntas ar thraidisiún na Críostaíochta in Éirinn ‘according to the old writings and the memory of the people of Ireland’. Sa bhailiúchán seo, insítear scéalta miotaseolaíochta ar Naomh Pádraig agus ar naoimh eile na hÉireann, a fhíonn gnéithe de thraidisiún na Págántachta agus na Críostaíochta le chéile.
Ba é magnum opus Lady Gregory ná Visions and Beliefs in the West of Ireland, a foilsíodh i 1920.[2]
Náisiúnachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé go raibh sí mar chuid den uasaicme Angla-Éireannach, d'aithin sí tábhacht na teanga agus an chultúir agus sa deireadh, thug sí tacaíocht don chúis náisiúnach i gcoinne chreidimh a haicme.
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maraíodh mac na Bantiarna Gregory i rith an Chéad Chogadh Domhanda agus é ag déanamh seirbhís mar phíolóta, eachtra a chuaigh i bhfeidhm ar W.B Yeats agus scríobh sé trí dhánta mar gheall ar
- "An Irish Airman Forsees His Death",
- "In Memory of Major Robert Gregory" agus
- "Shepherd and Goatherd."
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Drámaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Twenty Five (1903)
- Spreading the News (1904)
- Kincora: A Play in Three Acts (1905)
- The White Cockade: A Comedy in Three Acts (1905)
- Hyacinth Halvey (1906)
- The Doctor in Spite of Himself (1906)
- The Canavans (1906)
- The Rising of the Moon (1907)
- Dervorgilla (1907)
- The Workhouse Ward (1908)
- The Rogueries of Scapin (1908)
- The Miser (1909)
- Seven Short Plays (1909)
- The Image: A Play in Three Acts (1910)
- The Deliverer (1911)
- Damer’s Gold (1912)
- Irish Folk History Plays (First Series 1912, Second Series 1912)
- McDonough’s Wife (1913)
- The Image and Other Plays (1922)
- The Dragon: A Play in Three Acts (1920)
- The Would-Be Gentleman (1923)
- An Old Woman Remembers (1923)
- The Story Brought by Brigit: A Passion Play in Three Acts (1924)
- Sancha’s Master (1927)
- Dave (1927)
Saothair eile agus Aistriúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Arabi and His Household (1882)
- Over the River (1887)
- A Phantom’s Pilgrimage, or Home Ruin (1893)
- ed., Sir William Gregory, KCMG: An Autobiography (1894)
- ed., Mr Gregory’s Letter-Box 1813-30 (1898)
- ed., Ideals in Ireland: A Collection of Essays written by AE and Others (1901)
- Cuchulain of Muirthemne: The Story of the Men of the Red Branch of Ulster (1902)
- Ulster (1902)
- Poets and Dreamers: Studies and Translations from the Irish (1903)
- Gods and Fighting Men (1904)
- A Book of Saints and Wonders, put down here by Lady Gregory, according to the Old Writings and the Memory of the People of Ireland (1906)
- The Kiltartan History Book (1909)
- A Book of Saints and Wonders (1906)
- Our Irish Theatre: A Chapter of Autobiography (1913)
- Kiltartan Poetry Book, Translations from the Irish (1919)
- Visions and Beliefs in the West of Ireland (1920)
- Hugh Lane’s Life and Achievement, with some account of the Dublin Galleries (1921)
- Case for the Return of Sir Hugh Lane’s Pictures to Dublin (1926)
- Seventy Years (1974).
Tá teacht anois ar Cuchulain of Muirthemne agus Gods and Fighting Men in aon leabhar amháin. Lady Gregory’s Complete Irish Mythology.
An Raidió
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an raidió, bhí Cyril Cusack agus Aisteoirí Chéitinn páirteach in Dúirtse Dáirtse leis an mBantiarna Gregory (Cyril Cusack a léirigh an dráma raidió seo sa bhliain 1933).[4]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Beathaisnéis ar ainm.ie: Augusta Gregory
- Lady Gregory ar "Our Irish Theatre"
- "Visions and Beliefs in the West of Ireland", le Lady Gregory
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Gregory, (Isabella) Augusta | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-03-29.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 Kevin Hickey (17 Márta 2017). "Na Fianna agus Naomh Pádraig – tugaimis a ceart do Lady Gregory" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-29.
- ↑ Conradh na Gaeilge Londain (15 Márta 2023). "Nuacht Mhall: Cothrom an Lae - (Gaillimh)" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-03-29.
- ↑ "Ó hALMHAIN, Diarmuid (1908–1980)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-03-29.