An Phortaingéilis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Phortaingéilis
português agus português

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais221,000,000 (2019)
Dúchasach doan Phortaingéil agus Na hAsóir
Stáitan Phortaingéil, an Bhrasaíl, an Spáinn, Angóla, Rinn Verde, an Téaváin, Tíomór Thoir, Guine Bissau, Poblacht Mhósaimbíc agus São Tomé agus Príncipe
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
teangacha Iodál-Iartharacha
teangacha Rómánsacha Iartharacha
teangacha Gall-Ibéaracha
teangacha Ibéar-Rómánsacha
teangacha Iar-Ibéaracha
Galician-Portuguese (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir na Portaingéilise agus aibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheInternational Portuguese Language Institute (en) Aistrigh, Community of Portuguese Language Countries (en) Aistrigh, Brazilian Academy of Letters (en) Aistrigh agus Sciences Academy of Lisbon (en) Aistrigh
Staidéar agPortuguese studies (en) Aistrigh
Stairhistory of Portuguese (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1pt
ISO 639-2por
ISO 639-3por
Glottologport1283
Linguasphere51-AAA-a
Ethnologuepor
ASCL2302
IETFpt

Is í an Phortaingéilis teanga náisiúnta na Portaingéile, chomh maith le 5 dtír neamhspleách eile ar fud an domhain. Labhraíonn timpeall is 280 milliún duine ó dhúchas í ar fud an domhain, agus céad milliún eile mar dhara teanga nó mar theanga iasachta. Mar sin, tá sí ar theangacha móra an domhain, agus meastar go bhfuil sí ar an tséú teanga is líonmhaire cainteoirí.

Chuaigh an teanga ar fud an domhain nuair a bhunaigh na Portaingéalaigh a n-impireacht choilíneach. Inniu, tá sí ar an tseachtú teanga is líonmhaire cainteoirí. Is í an Phortaingéilis atá ó dhúchas ag duine as gach beirt i Meiriceá Theas, cé nach labhraítear ach in aon tír amháin í - an Bhrasaíl, ar ndóigh.

Cé go bhfuil dlúthghaol ag an bPortaingéilis leis an Spáinnis, rud atá le haithint ar an ngramadach ach go háirithe, tá fuaimeanna na teanga níos cosúla leis an bhFraincis agus leis an gCatalóinis, nó bíonn gutaí doiléire agus gutaí srónacha le cloisteáil sa Phortaingéilis.

Mar cheann de theangacha móra an domhain, is léir gur teanga mhór litríochta agus filíochta í freisin. Is é an cur síos a thug duine d'fhilí móra na Brasaíle ar a theanga dhúchais ná bláth deireanach Latium, chomh fiáin, chomh hálainn.

Stór focal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair an Phortaingéilis an chuid is mó dá stór focal ón Laidin, ar ndóigh, ach thairis sin, tá focal Araibise, Bascaise, Ceilteacha agus Gearmáinice (ó na Viseagotaigh) ann.

Ar ndóigh, cloistear a lán focal ó na teangacha bundúchasacha sa Bhrasaíl. Bhí an-trádáil ag na Portaingéalaigh sa Chian-Oirthear, tráth, agus ba ansin a d'fhoghlaim siad an focal Sínise chá, tae. (Le fírinne, is ionann chá agus "tae" mar fhocail, ach tháinig siad ó chanúintí difriúla Sínise.)

Sa Bhrasaíl, bhí an teanga bhundúchasach Nheengatulingua geral ("teanga ghinearálta") á labhairt go coitianta faoin tuath, fiú ag sliocht na nEorpach, agus is iomaí focal a tháinig ón teanga sin, go háirithe ainmneacha na n-ainmhithe, na n-éan agus na bplandaí. (Inniu, ní chloisfeá an lingua geral ach i gcorr-áit sa Bhrasaíl. Teanga Tupi-Guaraní í a bhfuil gaol aici le Guaráinis Pharagua.)

Gramadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an briathar an chuid is deacra de ghramadach na Portaingéilise, mar is dual do theanga Rómánsach.

Cá labhraítear Portaingéilis?[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Bhrasaíl[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Portaingéilis an t-aon teanga oifigiúil sa Bhrasaíl.

Angóla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is teanga oifigiúil í an Phortaingéilis in Angóla.

Mósaimbíc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an Phortaingéilis an t-aon teanga oifigiúil i Mósaimbíc. Bhí eolas ar an bPortaingéilis ag 50̥% den daonra sa bhliain 2007 ach ó dhúchas ag 3% (1998).

An Fhrainc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 650,000 duine de shíolrach na Portaingéile ina gcónaí ann.[1]

São Tomé agus Príncipe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Portaingéilis an teanga oifigiúil i São Tomé agus Príncipe. Tá 98% den daonra ábalta í a labhairt.

Tíortha eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Astráil[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2001 bhí Portaingéilis ina theanga dhúchais ag 23,688 duine san Astráil.

Ceanada[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2011 bhí Portaingéilis ina theanga dhúchais ag 211,335 duine i gCeanada ( 219,275 duine i 2006).

Guine Bissau[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Portaingéilis an teanga oifigiúil i bPoblacht Guine Bissau, ó dúchas ag 11-14% den daonra.

An Ghuine Mheánchiorclach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is teanga oifigiúil í an Phortaingéilis sa Ghuine Mheánchiorclach chomh maith leis an Spáinnis agus an Fhraincis.

Macau[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is teanga oifigiúil í an Phortaingéilis i Macau, ag 0.6% den daonra.

An Namaib[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé nach bhfuil an Phortaingéilis oifigiúil sa Namaib, measadh i 2011 go raibh sí ina theanga dhúchais ag timpeall 100,000 (4-5% den daonra).

S.A.M.[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir American Community Survey 2006-2010 bhí an Phortaingéilis á labhairt ag 684,493 duine i S.A.M.. Bhí thart ar 26.5% (181,437) na cainteoirí ina gcónaí i Massachusetts.

Tíomór Thoir [cuir in eagar | athraigh foinse]

Teanga oifigiúil i dTíomór Thoir. Measadh i 2012 go raibh 35% den daonra Tíomór Theas ábalta Portaingéilis a léamh, scríobh agus í a labhairt.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "L'essentiel sur... les immigrés et les étrangers  | Insee". www.insee.fr. Dáta rochtana: 2021-03-13.