An Ghiúdais
Teanga Ghearmáinice í an Ghiúdais atá bunaithe ar chanúintí Gearmáinise an Iarthair, go háirithe ar na canúintí a labhraítear i ngleann na Réine. Bhí sí á labhairt ag na Giúdaigh Ghearmánacha a shocraigh síos sa Pholainn faoi dheireadh na meánaoiseanna le teacht slán ó na géarleanúintí ní b'fhaide siar. Faoi thionchar na Polainnise agus na dteangacha eile in Oirthear na hEorpa, d'athraigh an Ghiúdais go mór, agus d'fhorbair a teanga scríofa go neamhspleách ar an nGearmáinis eile. Mar sin, ní mór a rá inniu gur teanga ar leith atá ann seachas canúint na Gearmáinise.
Tá sé le haithint go soiléir i gcónaí ar an nGiúdais gur canúint ó Iarthar na Gearmáine atá ann, áfach. Mar shampla, deirtear eppes as Giúdais in áit etwas "rud éigin", agus is foirm é eppes a chloistear ina lán canúintí san Iarthar (ebbes a deirtear i Lucsamburg, mar shampla).
Is í aibítir na hEabhraise a úsáidtear leis an nGiúdais a bhreacadh síos, agus tá an teanga breac le focail iasachta ón Eabhrais, mar is dual do theanga Ghiúdach.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tús a staire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Breacadh an chéad abairt Giúdaise síos i leabhar urnaithe sa bhliain 1272:
Giúdais | גוּט טַק אִים בְּטַגְֿא שְ וַיר דִּיש מַחֲזֹור אִין בֵּיתֿ הַכְּנֶסֶתֿ טְרַגְֿא |
Traslitriú | gut tak im betage se vaer dis makhazor in beis hakneses trage |
Trascríobh, de réir is mar a thrascríobhtar Meán-Ard-Ghearmáinis de ghnáth | guot tac im betage swer dis makhazor in beis hakneses trage |
Gaeilge | Go mbreaca lá breá ar an té a iompróidh an leabhar urnaithe seo isteach sa tsionagóg. |
Tá an rann beag seo timpeallaithe ag téacs glan-Eabhraise. Is féidir a aithint air gurb é an cineál Giúdaise a bhí á labhairt san am ná gnáth-Mheán-Ard-Ghearmáinis agus í breac le hiasachtaí Eabhraise cosúil le makhazor, leabhar urnaithe, agus beis hakneses (is mar beit ha-kneset a fhuaimnítear i Nua-Eabhrais é), sionagóg, nó "teach cruinnithe", "teach pobail".
Sa cheathrú haois déag thosaigh borradh éigin ag teacht faoi litríocht na Giúdaise. San aois sin agus sa chéad aois eile chuaigh téacsanna éagsúla Giúdaise i gcló: amhráin, dánta agus téacsanna greannmhara i meascán Gearmáinise agus Eabhraise. San am chéanna thosaigh na Giúdaigh ag cur leaganacha Giúdaise de litríocht shaolta Ghearmánach i bprionta freisin. Is é an sampla is luaithe de ná Dukus Horant, dán fada eipiceach agus é bunaithe ar mhóitíf Ghearmánach.
Clóbhuailteoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a tháinig an preas prionta in úsáid, is léir gur chuir sé go mór leis an bhfoilsitheoireacht Giúdaise freisin. Ceann de na leabhair ba thábhachtaí dár cuireadh i gcló sa tséú haois déag a bhí sa Bovo-Bukh ("Bovo-Leabhar" nó "Leabhar faoi Bovo") le hElia Levita. Is é Levita an chéad údar Giúdaise is aithnid dúinn ina ainm. Scríobh sé an leabhar go luath sa tséú haois déag, ach níor foilsíodh an chéad eagrán ach sa bhliain 1541. Bhí an-ráchairt ar an mBovo-Bukh, áfach, agus tháinig dhá scór atheagrán i gcló, ar a laghad. Rómáns laochais agus ridireachta atá ann, agus é bunaithe ar an scéal Normannach Fraincise faoin laoch úd Boeve de Haumtone - nó Sir Bevis of Hampton, mar is eol do lucht an Bhéarla é. Saothar tábhachtach eile ón tréimhse chéanna é Widuwilt nó Kinig Artus Hof, agus mar a deir an dara teideal, is scéal Artúraíochta é. Tá an saothar seo bunaithe ar Wigalois, rómáns a tháinig ó pheann Wirnt von Grafenberg i ré na Meán-Ard-Ghearmáinise. Scríbhneoir mór le rá eile a bhí in Avraham ben Schemuel Pikartei, a d'fhoilsigh athinsint Giúdaise de leabhar Iób sa bhliain 1557.
Ní bhíodh na mná sa tsochaí thraidisiúnta Aisceanásaíoch in ann Eabhrais a léamh, nó ní raibh cead acu freastal ar na scoileanna Eabhraise. Scéal eile áfach go raibh léamh agus scríobh na Giúdaise acu. Mar sin tháinig litríocht sa teanga sin ar an bhfód agus í dírithe ar na mná ach go háirithe. Is dócha gurbh iadsan ba mhó a léadh rómánsaí ridireachta cosúil leis an mBovo-Bukh, agus thairis sin, scríobhtaí saothair chráifeacha sa teanga lena n-aghaidhsan, ar nós Tseno Ureno - cé gur Giúdais atá sa leabhar féin, Eabhrais atá sa teideal, agus is é is brí leis ná "Tagaigí go bhfeice sibh" - tagairt atá ann do Laoi na Laoithe 3:11 sa tSean-Tiomna: Tagaigí go bhfeice sibh, a iníona Iarúsailéim... Tá teanga Tseno Ureno i bhfad níos glaine ó iasachtaí Eabhraise ná, cuir i gcás, Giúdais na fichiú haoise, ó bhí an leabhar dírithe ar mhná nach raibh léann ná Eabhrais acu, agus chomh moch sin i bhforbairt na Giúdaise ní dheachaigh na hiasachtaí léannta greamaithe go smior sa teanga go fóill. Tugtar "Bíobla na mBan" ar Tseno Ureno go minic, nó is saothar teagascúil é a mhíníonn an Sean-Tiomna agus an dlí Giúdach do na mná.
19ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa 19ú haois, tháinig forbairt mhór ar an nGiúdais de réir mar a fuasclaíodh na Giúdaigh ó dhlíthe a choinnigh scartha amach iad ón gcuid eile den tsochaí (dlíthe a chuir cosc orthu ceirdeanna airithe a chleachtadh, cuir i gcás, nó dul chun cúnaithe in áiteanna áirithe).[1]
Faoi 1850 bhí litríocht Ghiúdaise bheo bheathach tagtha chun cinn inar díríodh ar fhadhbanna a bhain le saol Giúdach na linne ar n6s na bochtaineachta, an fhrith-Sheimíteachais agus staid an reiligiúin i ndomhan a bhí ag athrú go tapa. I measc na gcarachtar ar tugadh léiriú orthu sna scéalta bhí mionghadaithe, ceoltóirí taistil agus an Fear Déiri Tevye, patrarc a dhéanann a dhícheall cloí leis an gcreideamh agus cultúr traidisiúnta a fhad is atá an saol seachtrach ag brú isteach air agus a chuid iníonacha achrannacha ag iarraidh éalú ó laincisí an traidisiúin agus a rogha fir a phósadh.
Baineadh leas as an nGiúdais ar chúiseanna polaitiúla freisin. Chuir grúpaí airithe an t-oideachas nua-aimseartha chun cinn sa Ghiúdais mar mhalairt ar an oideachas traidisiúnta Eabhraise a bhí dírithe ar dhianstaidéar ar an mBíobla agus a rinne faillí sna hábhair scoile shaolta a thabharfadh deiseanna saoil do Ghiúdaigh.[1]
20ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí 13 mhilliún cainteoirí Giúdaise ann ach mharaigh na Naitsithe 6 mhilliún Giúdach a raibh Giúdais mar phríomhtheanga ag a bhformhór. Go leor acu siúd a tháinig slán, theith Siad chun na Palaistíne, ach ní raibh stát Iosrael i bhfách leis an nGiúdais: mheas na Síónaigh gurbh i an Eabhrais fíor-theanga an phobail Ghiúdaigh.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 An Gael / angaelmagazine.com (Fómhar 2024). "An Ghiúdais" (en-US). MagCloud. Dáta rochtana: 2024-10-07.