Fine Gall
Fine Gall | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Príomhchathair | Sord | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 296,214 (2016) | ||||
• Dlús | 651.59 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 454.6 km² | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Contae Bhaile Átha Cliath | ||||
Cruthú | 1994 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the Mayor of Fingal (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Comhairle Contae Fhine Gall | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 1166124 | ||||
Suíomh gréasáin | fingal.ie |
Is contae riaracháin suite i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath é Fine Gall[1], nó Contae Fhine Gall. Cruthaíodh sa bhliain 1993 faoin Acht um Rialtas Áitiúil é nuair a cuireadh deireadh le Comhairle Contae Átha Cliath. Is é an ceathrú contae is mó in Éirinn le 5% den daonra. Tá 239,813 duine ina gcónaí (daonáireamh 2006) ann. Is é Sord an príomhbhaile agus tá oifigí nua-aimseartha na comhairle suite ar phríomhshráid an bhaile.
Bailte agus sráidbhailte
- An Chorr Dhubh, An Aill,
- Baile Brigín, Baile Dúill, Ballyboughal, Baile Bhlainséir, Baile Gháire, Baile Róil, Baile an Tirialaigh, Binn Éadair
- Cois Bá, Caisleán Cnucha, Cluain Aodha, Cluain Saileach, Cill Fhionntáin
- Domhnach Bat,
- Lusca
- Mullach Íde, Mullach Eadrad
- Ongar
- Port Mearnóg, Port Reachrann
- Ros–Eó
- Na Sceirí, Sord Cholmcille
Tíreolaíocht
Tá 452.7 ciliméadar cearnógach talaimh i gceantar Fhine Gall agus tá teorainneacha le Cathair Átha Cliath, le Contae Átha Cliath Theas, leis an Mhí agus le Cill Dara aige. Tá 88km de chósta aige ó Chill Fhionntáin ó dheas go Baile Brigín ó thuaidh. Draenálann Abhainn Delvin é ar an Chríoch Thuaidh, Abhainn an Bharda agus Abhainn an Mhíodúin Leathain i lár, agus Abhainn na Tulcha agus Abhainn Seantreabh ar an Imeall Theas. Is í an Life a chríoch ar an imeall iardheisceartach. Tá trí hinbhear móra faoi choimirce agus gnáthóga réisc ghoirt ann, agus trí mhórthrá déag. Tá Binn Éadair agus Gleann na Life faoi Ordú Limistéir Taitneamhachtaí Speisialta.
Tionscail
Tá tionscail bhogearraí agus chrua-earraí ríomhaireachta, earraí cógaisíochta, próiseáil bia agus ceardaíocht agus seirbhísí leictreacha/leictreonacha lonnaithe sa réigiún. Is é Fine Gall príomhréigiún táirgeadh ghairneoireachta na hÉireann. Tá na ceantair táirgthe, áfach, ag teacht faoi bhrú méadaitheach ó fhorbraíochtaí eile agus an chathair ag fás i dtreo na mbailte tuaithe. Tá Cuan Bhinn Éadair ar an chuan iascaigh is mó ar an Chósta Thoir, agus is é an cúigiú ceann is mó sa tír é. Is é Aerfort Bhaile Átha Cliath croí eacnamaíoch Fhine Gall i gcónaí agus tá tábhacht mhór náisiúnta leis mar gheall ar an mbonn fostaíochta atá aige, ar líon na bpaisinéirí a théann tríd agus ar a sheirbhísí aerlasta.
Féach freisin
Naisc
Tagairtí
- ↑ “Fine Gall/Fingal | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |