Úsáideoir:MALA2009/Téamh domhanda
Is é is téamh domhanda ann an méadú ar mheánteocht an aeir atá gar do dhromchla an Domhain agus ar mheánteocht aigéin an Domhain ó lár an 20ú haois ar aghaidh agus an chaoi a leanfaidh an méadú seo ar aghaidh as seo amach.
Tháinig méadú 0.74 ± 0.18 °C (1.33 ± 0.32 °F) ar theocht dhromchla an Domhain le linn an 100 bliain roimh 2005. Dar leis an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), is ríchosúil gurb é is cúis leis an méadú ar an teocht ó lár an 21ú haois den chuid is mó ná an méadú ar chomhchruinnithe gáis cheaptha teasa antrapaigineacha. Is cosúil gur tháinig méadú beag ar theocht an Domhain mar thoradh ar fheiniméin nádúrtha amhail comhathrú gréine agus bolcáin ón aimsir réamhthionsclaíoch go 1950 agus gur tháinig laghdú beag ar an teocht ansin ó 1950 ar aghaidh. Thacaigh breis agus 30 cumann eolaíochta agus acadamh eolaíochta, lena n-áirítear na hacadaimh náisiúnta eolaíochta go léir sna tíortha is mó atá tionsclaithe, leis na bunchonclúidí sin. Chuir mionlach beag i gcoinne na gconclúidí sin, ach aontaíonn formhór mór na n-eolaithe a bhíonn ag plé leis an athrú aeráide le príomhchonclúidí an IPCC.
Tugann réamh-mheastacháin a bhaineann le samhlacha aeráide le tuiscint go dtiocfaidh méadú de bhreis ar 1.1 go 6.4 °C (2.0 to 11.5 °F) ar theocht dhromchla an Domhain le linn an 21ú haois. Níltear cinnte maidir leis an meastachán seo toisc gur úsáideadh meastacháin éagsúla ar astuithe de gháis cheaptha teasa amach anseo, agus gur úsáideadh samhlacha a raibh íogaireachtaí aeráide éagsúla ag baint leo. Níltear cinnte ach oiread maidir le roinnt nithe eile, mar shampla an méid a bheidh an téamh domhanda agus athruithe gaolmhara difriúil ó réigiún go réigiún ar fud an domhain. In ainneoin go ndíríonn formhór an taighde ar an tréimhse suas go 2100, d’fhéadfadh sé go leanfaidh an téamh aeráide ar aghaidh ar feadh níos mó ná míle bliain, fiú mas rud é go gcuirfear stop leis an méadú ar astuithe de gháis cheaptha teasa. Is é is cúis leis sin cumas mór teasa na n-aigéan agus an méid ama a fhanann CO2 san atmaisféar.
Mar thoradh ar théamh domhanda méadóidh an méid uisce sna farraigí agus tiocfaidh athrú ar mhéid agus ar phatrún na frasaíochta, agus is cosúil go n-éireoidh na réigiúin fásaigh fhothrópaiceacha níos mó. Chomh maith leis sin, is cosúil go mbeidh crapadh san Artach agus go scaoilfear gás meatáin ón réigiún sin dá bharr; go dtarlóidh imeachtaí aimsire a bheidh níos géire ná mar a bhí ann roimhe seo; go dtiocfaidh athruithe ar tháirgeacht talmhaíochta; go dtiocfaidh athruithe ar bhealaí trádála; go mbeidh na hoighearshruthanna ag cúlú; go rachaidh speicis áirithe in éag; agus go mbeidh athruithe ar raonta na veicteoirí a bhaineann le galar.
Bíonn plé ann i measc an phobail agus sa saol polaitiúil i gcónaí maidir le dul i ngleic le téamh domhanda. Is é seo a leanas an méid is féidir a dhéanamh: maolú chun astuithe sa bhreis a laghdú; oiriúnú chun an damáiste a bhaineann le téamh domhanda a laghdú; agus geo-innealtóireacht chun téamh domhanda a aisiompú. Tá Prótacal Kiótó sínithe agus daingnithe ag formhór rialtais náisiúnta an domhain; is é is aidhm don Phrótacal sin astuithe de gháis cheaptha teasa a laghdú.
Iarmhairt cheaptha teasa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déantar taighde i gcónaí ar na cúiseanna a bhaineann leis an téamh domhanda atá ag tarlú le déanaí. Tá eolaithe ar aon intinn gurb é an méadú ar gháis cheaptha teasa san atmaisféar mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an duine is cúis leis an téamh domhanda arna thabhairt faoi deara ó thús ré na tionsclaíochta den chuid is mó, agus nach míniú sásúil é gurb iad cúiseanna nádúrtha is cúis leis. Is léir sin má chuirtear an 50 bliain atá díreach caite san áireamh go háirithe. Ba sa tréimhse seo a tharla an méadú ba mhó ar ghás ceaptha teasa san atmaisféar agus baineann na tomhais is iomláine atá ann ó thaobh athrú aeráide de leis an tréimhse chéanna.
D’aimsigh Joseph Fourier an iarmhairt cheaptha teasa sa bhliain 1824 agus ba é Svante Arrhenius a rinne imscrúdú uirthi den chéad uair sa bhliain 1896. Is é atá ann ná an próiseas ina n-ionsúnn agus ina n-aistíonn gáis san atmaisféar radaíocht infridhearg agus ina n-éiríonn atmaisféar íochtarach agus dromchla an domhain níos teo dá bharr. Admhaítear gurb ann don iarmhairt cheaptha teasa. Is é an ní nach bhfuiltear ró-chinnte de ná cén éifeacht a bhíonn ann ar iarmhairt cheaptha teasa nuair a mhéadaítear ar gháis cheaptha teasa áirithe san atmaisféar de bharr ghníomhaíochtaí an duine.
Méaduithe le déanaí ar dhé-ocsaíd charbóin (CO2) san atmaisféar. De réir na dtomhas míosúil CO2, tagann athruithe beaga ar an leibhéal CO2 san atmaisféar gach séasúr agus tá an leibhéal CO2 san atmaisféar ag méadú in aghaidh na bliana i gcoitinne. Bíonn an leibhéal is airde ann gach bliain agus an t-earrach sa Leathsféar Thuaidh ag druidim chun deiridh agus laghdaíonn an leibhéal le linn shéasúr fáis an Leathsféir Thuaidh mar glanann plandaí roinnt CO2 den atmaisféar. Ar an Domhan, is iad na príomhgháis cheaptha teasa ná galuisce, arb é is cúis le 36 – 70 faoin gcéad den iarmhairt cheaptha teasa é (níl scamaill san áireamh anseo); dé-ocsaíd charbóin (CO2), arb í is cúis le 9 – 26 faoin gcéad í; meatán (CH4), arb é is cúis le 4 – 9 faoin gcéad é; agus ózón, arb é is cúis le 3 – 7 faoin gcéad é.
Mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an duine ón réabhlóid thionsclaíoch ar aghaidh, tá méadú tagtha ar an leibhéal de gháis cheaptha teasa éagsúla san atmaisféar; fórsáil radantach sa bhreis an toradh atá air sin de bharr CO2, meatáin, ózón trópaisféarach, clórafluaracarbóin (CFCanna) agus ocsaíd nítriúil. Tá méadú 36% agus 148% faoi seach tagtha ar an leibhéal CO2 agus meatáin san atmaisféar ó thús na réabhlóide tionsclaíche i lár an 18ú haois. Is airde na leibhéil sin ná na leibhéil a bhí ann tráth ar bith le linn an 650,000 bliain atá caite; bhíothas in ann sonraí iontaofa maidir leis an tréimhse seo a fháil ó chroíleacáin oighir. Tá fianaise gheolaíoch níos indírí ar fáil chomh maith agus dá bharr na bhfianaise seo, creidtear gurb é chomh fada siar le 20 milliún bliain ó shin ó bhí na léibhéil CO2 san atmaisféar chomh hard sin. Is é dó breosla iontaise is cúis le 75 faoin gcéad den mhéadú ar CO2 de bharr ghníomhaíochtaí an duine thar an 20 bliain atá caite. Athrú ar an gcaoi a mbaintear leas as talamh agus dífhoraoisiú go háirithe is cúis leis an gcuid eile den mhéadú den chuid is mó.
Táthar ag ceapadh go leanfaidh leibhéil CO2 ag méadú mar thoradh ar dhó leanúnach breoslaí iontaise agus ar athrú ar an gcaoi a mbaintear leas as an talamh. Ardóidh na leibhéil de réir forbairtí eacnamaíocha, socheolaíocha, teicneolaíocha agus nádurtha amach anseo agus ní féidir a bheith cinnte maidir le nádúr beacht na bhforbairtí sin. Tugann Tuarascáil Speisialta an IPCC ar Chásanna Féideartha Astuithe réimse leathan de chásanna féideartha maidir le CO2 amach anseo, ó 541 go 970 ppm faoin mbliain 2100. Tá go leor breosla iontaise ann chun go mbeidh an leibhéal sin ann agus chun go leanfar le hastuithe thar 2100, más rud é go ndéanfar gual, gainimh tharra nó clatráití meatáin a shaothrú go forleathan.
Fórsáil agus aischothú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gnéithe den fhórsáil radantach reatha de réir an Cheathrú Thuarascáil Mheasúnachta de chuid an IPCC. Athraíonn aeráid an Domhain mar thoradh ar an bhforsáil sheachtrach, lena n-áirítear gáis cheaptha teasa, comhathruithe i bhfithis an Domhain timpeall na gréine (fórsáil fhithiseach), athruithe sa ghrianlonrachas, agus brúchtaí bolcánacha. Is samplaí iad siúd go léir de chomhathrú ar theochtaí an Domhain féin, ar a dtugann an UNFCCC an téarma ‛inathraitheacht aeráide’. Chomh maith leis sin, tá aischothuithe dearfacha agus diúltacha a dhearbhaíonn an chaoi a bhfreagraíonn an aeráid d’fhórsáil sheachtrach.
Ní bhíonn éifeacht láithreach bonn ag éifeachtaí na fórsála. Ciallaíonn táimhe theirmeach aigéin an Domhain agus na freagairtí malla a bhaineann le héifeachtaí indíreacha eile, nach bhfuil aeráid reatha an Domhain i gcothromaíocht leis an bhfórsáil fhorchurtha. Tugann staidéir cheangail aeráide le tuiscint go n-éireoidh téamh de thuairim is 0.5 °C (0.9 °F) sa bhreis ar theocht an Domhain, fiú dá gcoiméadfaí na leibhéil de gháis cheaptha teasa ag na leibhéil a bhí ann in 2000.
Comhathrú gréine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Comhathrú gréine le linn an 30 bliain atá caite. Tacaítear go mór i láthair na huaire leis an hipitéis gurbh é an fhórsáil antrapaigineach ba chúis leis an éirí teochta ba dhéanaí den chuid is mó ach tá tuairim eile ann gurbh é ba chúis leis ná comhathruithe i ngrianghníomhaíocht.
Tugann páipéar le Peter Scott agus a chomhghleacaithe le tuiscint go ndéanann samhlacha aeráide éifeacht choibhneasta gáis cheaptha teasa a rómheas i gcomparáid leis an ngrianfhórsáil; tugann siad le tuiscint chomh maith go ndearnadh éifeachtaí fuaraithe deannach bolcánach agus aerasól sulfáite a ghannmheas. Dá ainneoin sin, dearbhaíonn siad gur cosúil gurb é an méadú ar na leibhéil de gháis cheaptha teasa ó lár an 20ú haois ar aghaidh is cúis leis an téamh domhanda den chuid is mó, fiú más rud é gur mó a théann an ghrianfhórsáil i bhfeidhm ar an aeráid. Tugann páipéar eile le tuiscint gurbh í an ghrian ba chúis le 45 – 50 faoin gcéad den mhéadú ar mheánteocht dhromchla an Domhain thar an tréimhse 1900 – 2000, agus le tuairim is 25 – 35 faoin gcéad idir 1980 agus 2000.
Tuairim eile is ea go mb’fhéidir gur chuir comhathruithe maidir le haschur gréine, a bhí aimplithe trí shíolú néalta de bharr gathanna cosmacha réaltracha, leis an éirí teochta a tharla le blianta beaga. Tugann sé le tuiscint gur ní fíorthábhachtach í gníomhaíocht mhaighnéadach na gréine a shraonann gathanna cosmacha, gathanna ar féidir tionchar a bheith acu ar ghiniúint núicléas de chomhdhlúthú néalta agus ar an aeráid dá bharr.
Iarmhairt amháin atá tuartha maidir le méadú ar ghrianghníomhaíocht ná go mbeidh éirí teochta ann sa chuid is mó den strataisféar; ísliú teochta sa strataisféar an toradh a bheadh ar mhéadú ar gháis cheaptha teasa. Is é an treocht atá tugtha faoi deara ó 1960 ná fuarú ar an strataisféar íochtarach. Bíonn tionchar fuaraithe ag laghdú ar an ózón sa strataisféar chomh maith ach níor tharla laghdú suntasach ózóin go dtí deireadh na 1970idí. Is cosúil go raibh iarmhairt théite ag comhathrú gréine in éineacht le hathruithe i ngníomhaíocht bholcánach ón aimsir réamhthionsclaíoch go 1950, ach go raibh iarmhairt fuaraithe acu siúd ó shin. Dar le Peter Foukal agus a chomhghleacaithe sa bhliain 2006, níor tháinig méadú glan ar ghile ghréine thar an 1000 bliain atá thart. Tháinig méadú beag 0.07 faoin gcéad ar an ngile le linn an 30 bliain atá caite mar thoradh ar thimthriallta gréine. Tá an iarmhairt seo róbheag chun cur go suntasach le téamh domhanda. Dar le páipéar áirithe amháin le Mike Lockwood agus Claus Fröhlich, níl aon ghaol idir téamh domhanda agus radaíocht ghréine ó 1985 ar aghaidh, cibé acu trí chomhathruithe maidir le haschur gréine nó trí chomhathruithe maidir le gathanna cosmacha. Chuir Henrik Svensmark agus Eigil Friis-Christensen i gcoinne an cháinte seo ar a dtuairim. Is iadsan na daoine is mó a chuireann an tuairim faoi shiolú néalta de bharr gathanna cosmacha réaltracha chun cinn. Dar le páipéar in 2007, ní raibh nasc suntasach ag athruithe ar ghathanna cosmacha a thagann chuig an Domhan le scamallacht agus teocht.
Aischothú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a bhíonn treocht théite ann agus go dtarlaíonn téamh breise mar thoradh air sin, is é a thugtar ar an bpróiseas seo ná aischothú dearfach; nuair is fuarú an toradh air, tugtar aischothú diúltach ar an bpróiseas. Bíonn baint ag an bpríomh-aischothú dearfach le galuisce. Is é atá i gceist maidir leis an bpríomh-aischothú diúltach ná an tionchar a bhíonn ag teocht ar astú de radaíocht infridhearg: de réir mar a mhéadaíonn teocht reanna, tagann méadú ar an radaíocht a astaíonn as leis an gceathrú cumhacht dá dhearbhtheocht. Aischothú diúltach láidir an toradh a bhíonn air seo a chobhsaíonn an córas aeráide de réir a chéile.
Baineann ceann de na hiarmhairtí maidir le haischothú dearfach le galú uisce. Má thagann ardú ar an teocht san atmaisféar, tiocfaidh méadú ar an ngalbhrú sáithithe agus beidh diall le méadú ar an méid galuisce atá san atmaisféar. Is gás ceaptha teasa é galuisce agus, dá bharr sin, toisc go méadaíonn an méid galuisce atá san atmaisféar, tagann ardú níos mó ar an teocht san atmaisféar; mar thoradh ar an ardú teochta seo, tagann méadu níos mó fós ar an méid galuisce atá san atmaisféar (aischothú dearfach), agus leanann an próiseas seo ar aghaidh go dtí go gcuireann próisis eile stop leis an lúb aischothaithe. Is é an toradh atá air seo ná gur mó i bhfad an iarmhairt cheaptha teasa a bhíonn ann ná an iarmhairt a bheadh ann mar thoradh ar CO2 amháin. Mar thoradh ar an bpróiseas aischothaithe seo bíonn méadú ar an ndearbhmhéid taisligh san aer; mar sin féin, is beag athrú a thagann ar an mbogthaise choibhneasta – uaireanta tagann laghdú beag uirthi fiú, mar bíonn an t-aer níos teo. Is féidir an iarmhairt aischothaithe seo a aisiompú ach is próiseas mall é seo mar fanann CO2 san atmaisféar ar feadh i bhfad i gcoitinne.
Is réimse taighde leanunaigh é iarmhairtí aischothaithe a tharlaíonn de bharr néaltaí. Mar a fheictear ón talamh iad, astaíonn néalta radaíocht infridhearg ar ais chuig an dromchla agus ardaíonn an teocht san atmaisféar dá bharr; ach mar a fheictear ó airde iad, frithchaitheann néalta solas na gréine agus astaíonn siad radaíocht infridhearg chuig an spás agus, mar sin, laghdaíonn siad teocht an atmaisféir chomh maith. Cibé acu a bhíonn ardú nó laghdú teochta san atmaisféar dá bharr, braitheann sin ar nithe amhail cineál agus airde an néil. Is deacair na nithe seo a chur in iúl i samhlacha aeráide; cuid den chúis atá leis seo ná gur lú go mór iad néalta ná an spásáil idir pointí ar na greillí ríomhaireachtúla de chuid samhlacha aeráide.
Treochtaí oighir sa Leathsféar Thuaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Treochtaí oighir sa Leathsféar Theas. Bíonn baint ag próiseas aischothaithe níos caolchúisí le hathruithe sa ráta titime de réir mar a éiríonn an teocht san atmaisféar. Tagann laghdú ar theocht an atmaisféir le hairde sa trópaisféar. Maidir leis an gceathrú cumhacht de theocht, bíonn comhathruithe ar astuithe de radaíocht infridhearg; mar sin, is lú an méid radaíocht fadtoinne a astaítear ón atmaisféar uachtarach ná an méid a astaítear ón atmaisféar íochtarach. Éalaíonn an chuid is mó den radaíocht a astaítear san atmaisféar uachtarach isteach sa spás; athionsúnn an dromchla nó an t-atmaisféar an chuid is mó den radaíocht a astaítear san atmaisféar íochtarach. Mar sin, braitheann láidreacht na hiarmhairte ceaptha teasa ar an ráta a íslíonn an teocht san atmaisféar le hairde: dá mhéad an ráta a mhéadaíonn an teocht, is láidre a bheidh an iarmhairt cheaptha teasa, agus dá laghad an ráta a íslíonn an teocht, is laige a bheidh an iarmhairt cheaptha teasa. Tugann samhlacha teoirice agus samhlacha aeráide le tuiscint go mbíonn laghdú ar an ráta a íslíonn teocht le hairde mar thoradh ar gháis cheaptha teasa méadaithe a bheith san atmaisféar; bíonn aischothú diúltach ráta titime ann dá bharr a mhaolaíonn an iarmhairt cheaptha teasa. Tá na tomhais maidir leis an ráta a athraíonn an teocht le hairde an-íogair maidir le hearráidí beaga breathnúcháin; dá bharr sin is deacair a dhearbhú cé acu a réitíonn na samhlacha le breathnúcháin nó nach réitíonn.
Is próiseas tábhachtach aischothaithe eile é aischothú oighearailbéideachta. Nuair a ardaíonn an teocht domhanda, leánn oighear ag na poil agus léann an t-oighear níos tapúla de réir mar a ardaíonn an teocht. Nuair a leánn an t-oighear fágtar talamh nó uisce glan ina áit. Níl talamh ná uisce oscailte chomh frithchaiteach ar an meán agus atá oighear agus, mar sin, ionsúnn siad níos mó radaíochta gréine. Tagann ardú breise ar an teocht dá bharr agus mar thoradh air seo bíonn leá breise ann agus leanann an timthriall seo ar aghaidh.
Cuireann ardú teochta tús le scaoileadh meatáin ó áiteanna ar thalamh agus ar ghrinneall an aigéin agus bíonn an seans ann go mbeidh an dá iarmhairt aischothaithe seo ann mar sin. Nuair a leánn talamh síorshioctha, ar nós na bportach móna sa tSibéir, bíonn aischothú dearfach ann mar scaoiltear CO2 agus CH4. Tá dianstaidéar á dhéanamh i láthair na huaire ar scaoileadh meatáin ó thalamh síorshioctha. Sa tslí chéanna, d’fhéadfadh go scaoilfí meatán, atá ina ghás ceaptha teasa, ó na spruadair ollmhóra de mheatán clatráite/hiodráite atá ina staid ‘reoite’ san aigéan domhain, mar thoradh ar theochtaí níos airde ag grinneall domhain an aigéin, de réir an Clathrate Gun Hypothesis.
Ceaptar go laghdófar cumas eiceachórais an aigéin carbón a leithlisiú de réir mar a ardóidh teocht an aigéin. Is é is cúis leis seo ná go dtiteann leibhéil chothaitheacha an chreasa mhéisipeiligigh (doimhneacht tuairim is 200 go 100m) dá bharr, agus cuireann seo bac ar fhás diatóm – ina n-ionad fásann fíteaplanctón atá níos lú agus nach bhfuil in ann an méid céanna carbóin a leithlisiú.
Athruithe sa teocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dhá mhíle bliain de mheánteochtaí dromchla de réir athfhorléirithe éagsúla, gach ceann snoite ar scála deichbhlianúil. Tá luach bliantúil neamhshnoite 2004 breactha chomh maith ar chúiseanna tagartha. Tá méadú 0.75 °C (1.35 °F) tagtha ar theochtaí domhanda i gcomparáid leis an tréimhse 1860 – 1900, dar leis an taifead ionstraimeach teochta. Is beag an tionchar atá ag an iarmhairt oileáin teasa uirbigh ar an ardú teochta tomhaiste seo. Ó 1979 ar aghaidh, tá ardú tagtha ar theochtaí talún atá dhá oiread níos tapúla ná an t-ardú ar theochtaí aigéin (0.25 °C gach deich mbliana i gcoinne 0.13 °C gach deich mbliana). Tá ardú tagtha ar theochtaí sa trópaisféar íochtarach ó 0.12 agus 0.22 °C (0.22 agus 0.4 °F) gach deich mbliana ó 1979 ar aghaidh, de réir tomhas teochtaí satailíte. Creidtear gur beag athrú a tháinig ar an teocht thar an míle nó an dá mhíle bliain roimh 1850; b’fhéidir go raibh iomlaoidí réigiúnacha ann amhail Tréimhse The na Meánaoise nó an Oighearaois Bheag.
Méadaíonn teochtaí na farraige níos moille ná na teochtaí talún toisc go bhfuil toilleadh éifeachtach teasa na n-aigéan níos mó agus toisc gur tapúla a chailleann an t-aigéan teas trí ghalú ná mar a chailleann an talamh. Tá níos mó talún sa Leathsféar Thuaidh ná mar atá sa Leathsféar Theas agus ardaíonn an teocht ann níos tapúla dá bharr. Tá réigiúin fhairsinge sa Leathsféar Thuaidh chomh maith a bhíonn clúdaithe le sneachta agus le muiroighear le linn tráthanna áirithe den bhliain, atá faoi réir ag an aischothú oighearailbéideachta. Is mó gáis cheaptha teasa a astaítear sa Leathsféar Thuaidh ná mar a astaítear sa Leathsféar Theas ach níl baint aige seo leis an difríocht maidir le téamh domhanda atá sa dá leathsféar mar fanann na príomhgháis cheaptha teasa san atmaisféar fada go leor chun meascadh le chéile sa dá leathsféar.
De réir mheastacháin na hInstitiúide Goddard um Léann Spáis, institiúid de chuid NASA, ba é 2005 an bhliain ba theo ó bhí teacht ar thomhais ionstraimeacha iontaofa ag deireadh an 19ú haois. Sháraigh 2005 an churiarracht a bhí ann roimhe sin i 1998 ar chúpla céadú cuid de chéim. De réir meastachán de chuid Eagraíocht Mheitéareolaíoch an Domhain agus an Aonad um Thaighde Aeráide, ba é 2005 an dara bliain ba theo; ba é 1998 an bhliain ba theo. Ba neamhchoitianta na teochtaí arda a bhí ann sa bhliain 1998; an bhliain sin tharla an tAscalú Deisceartach El Niño ba mhó le céad bliain agus ba é seo ba chúis leis na teochtaí arda neamhchoitianta.
D’fhéadfadh iarmhairt fuaraithe a bheith le hastuithe antrapaigineacha de thruailleáin eile – aerasóil sulfáite go háirithe – mar is mó a fhrithchaitear solas isteach na gréine dá bharr. Is é seo cuid den chúis atá leis an bhfuarú a taifeadadh i lár an 20ú haois ach is féidir inathraitheacht nádúrtha a bheith mar chuid den chúis atá leis an bhfuarú seo chomh maith. Dar le James Hansen agus comhghleacaithe dá chuid, tá iarmhairtí an dó breoslaí iontaise – CO2 agus aerasóil – i ndiaidh iarmhairtí a chéile a fhrithchothromú den chuid is mó sa ghearrthéarma ; mar sin is iad gáis cheaptha teasa eile seachas CO2 is cúis leis an téamh domhanda atá ann le fiche nó tríocha bliain anuas.
Dar leis an pailéiclíomeolaí William Ruddiman, thosaigh an duine daonna ag dul i bhfeidhm ar aeráid an domhain timpeall 8,000 bliain ó shin nuair a cuireadh tús le foraoiseacha a ghlanadh chun an talamh a úsáid i gcomhair talmhaíochta agus 5,000 bliain ó shin le tús uisciú ríse na hÁise. Cuireadh i gcoinne léamh Ruddiman ar an taifead stairiúil maidir leis na sonraí meatáin.
Comhathruithe aeráide roimh theacht an duine
Faisnéis bhreise: Pailéiclíomeolaíocht
Cuair de theocht athchruthaithe in dhá áit in Antartaice agus taifead domhanda ar chomhathruithe ar thoirt oighir oighrigh. Tá dáta an lae inniu ar an taobh clé den ghraf. San am atá caite, bhí téamh agus fuarú ann ar an Domhan go minic. Tá 800,000 bliain slánaithe ag croíleacán déanach oighir EPICA in Antartaice. Áirítear ocht dtimthriall oighreacha sa tréimhse seo, amaithe ag comhathruithe fithiseacha le tréimhsí teo idir-oighreacha insamhlaithe le teochtaí sa lá atá inniu ann.
Aimplíodh téamh domhanda le linn na luath-thréimhse Iúrasaí (timpeall 180 milliún bliain ó shin) mar thoradh ar mhéadú tapa ar gháis cheaptha teasa, agus bhí ardú teochta 5 °C (9 °F) ann ar an meán. Tugann taighde de chuid na hOllscoile Oscailte le tuiscint gur tháinig méadú 400 faoin gcéad ar an ráta de shíonchaitheamh carraigeacha. Mar thoradh ar shíonchaitheamh den sórt sin, glasáiltear carbón i gcailcít agus i ndolaimít agus, dá bharr sin, chuaigh na leibhéil C02 ar ais go leibhéil choitianta thar an 150,000 bliain nó mar sin de ina dhiaidh sin.
Dúradh gur chúis agus iarmhairt é scaoileadh tobann meatáin ó chomhdhúile clatráite (an hipitéis ghunna clatráite) ar imeachtaí téite eile fadó lena n-áirítear an teagmhas díobhaidh Peirmeach-Triasach (a tharla thart ar 251 milliún bliain ó shin) agus an tUasmhéid Teirmeach Pailéicéineach-Eoicéineach (timpeall 55 milliún bliain ó shin).
Samhlacha Aeráide
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áirimh de théamh domhanda a ullmhaíodh in 2001 nó roimhe sin ó réimse de shamhlacha aeráide faoi chás astuithe SRES A2, a dhéanann talamh slán de nach ndéantar aon rud chun astuithe a laghdú.
An dáileadh geografach de théamh dromchla le linn an 21ú haois ríofa ag samhail aeráide HadCM3 má dhéantar talamh slán de go n-oibríonn cúrsaí maidir le forás eacnamaíoch agus astuithe de gháis cheaptha teasa mar is gnách. San fhigiúr seo, comhfhreagraíonn an meántéamh domhanda do 3.0 °C (5.4 °F). Tá staidéar déanta ag eolaithe ar théamh domhanda ag baint úsáide as samhlacha den aeráid ar ríomhaire. Tá na samhlacha seo bunaithe ar phrionsabail fhisiceacha de dhinimic shreabhach, de thraschur radantach, agus de phróisis eile; bhí gá le simpliú de bharr sriantaí i gcumhacht ríomhaire agus chastacht an chórais aeráide. Áirítear samhail atmaisféarach i ngach samhail aeráide nua-aimseartha agus bíonn an tsamhail atmaisféarach seo cúpláilte le samhail aigéin agus le samhlacha a bhaineann le brat oighir ar thalamh agus ar muir. Pléann roinnt samhlacha le próisis cheimiceacha agus bhitheolaíocha chomh maith. Dar leis na samhlacha seo, beidh aeráid níos teo ann mar thoradh ar leibhéil de gháis cheaptha teasa a bheith ag méadú. Mar sin féin, fiú má úsáidtear na foshuímh chéanna de na leibhéil de gháis cheaptha teasa a bheidh ann sa todhchaí, tá réimse suntasach d’íogaireacht aeráide fós ann.
Tá an IPCC ag coinne le hardú 1.1 °C to 6.4 °C (2.0 °F to 11.5 °F) ar thaobh domhanda faoi dheireadh an 21ú haois i gcoibhneas le 1980 – 1999 agus cuireann an meastachán seo neamhchinnteachtaí maidir le comhchruinnithe de gháis cheaptha teasa a bheidh ann sa todhchaí agus neamhchinnteachtaí maidir le samhlacha aeráide amach anseo san áireamh. Baineadh leas as samhlacha chun na cúiseanna a bhaineann le hathrú aeráide le déanaí a imscrúdú chomh maith trí na hathruithe breathnaithe a chur i gcomparáid leis na hathruithe atá réamh-mheasta ag na samhlacha agus a bhaineann le cúiseanna nádúrtha éagsúla agus le cúiseanna éagsúla a bhaineann leis an duine.
Is maith mar a léiríonn samhlacha reatha aeráide breathnúcháin d’athruithe ar theocht an domhain le linn an 20ú haois ach ní ionsamhlaíonn siad gach gné den aeráid. Ní léiríonn na samhlacha seo go glan gurbh iad iarmhairtí a bhain le comhathrú nádúrtha nó leis an duine ba chúis leis an téamh a tharla timpeall na tréimhse 1910 – 1945; mar sin féin, tugann siad le tuiscint gurbh é astuithe de gháis cheaptha teasa mar thoradh ar thionchar an duine ba chúis leis an téamh ó 1975 ar aghaidh den chuid is mó.
Tá réamh-mheastacháin de shamhlacha aeráide maidir le haeráid an domhain amach anseo bunaithe ar chásanna astuithe de gháis cheaptha teasa, cásanna atá forchurtha agus a thagann den chuid is mó ón Tuarascáil Speisialta ar Chásanna Astuithe (SRES), Tuarascáil de chuid an IPCC. Uaireanta is féidir go n-áirítear ionsamhlú ar an timthriall carbóin i samhlacha freisin ach ní tharlaíonn sé seo chomh minic sin; leiríonn an t-ionsamhlú seo aischothú dearfach ach tá an fhreagairt seo neamhchinnte. Léiríonn roinnt staidéir bhreathnaitheacha aischothú dearfach chomh maith. Thug páipéar le tuiscint le déanaí go mb’fhéidir nach n-ardóidh teocht dhromchla an domhain le linn na ndeich mbliana atá amach romhainn: “as natural climate variations in the North Atlantic and tropical Pacific temporarily offset the projected anthropogenic warming”. Bunaíodh an tuairim seo ar bhreathnúcháin maidir le teocht an aigéin a bheith san áireamh.
Tá an-neamhchinnteacht go deo ag baint leis an léiriú ar néalta i samhlacha a bhaineann leis an nglúin atá ann sa lá atá inniu ann ach tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le fuascailt na faidhbe seo.
Is mioncheist maidir le samhlacha aeráide é an mí-oiriúniú a cheaptar a bheith ann idir coinníollacha iarmhír agus na coinníollacha a léiríonn na samhlacha. In 2007, rinne staidéar le David Douglass agus comhghleacaithe dá chuid comparáid idir an t-aschur ilchodach de 22 príomhshamhail dhomhanda aeráide agus sonraí iarbhír aeráide agus fuarthas amach nár chruinn a léirigh na samhlacha athruithe breathnaithe ar an bpróifíl teochta sa trópaisféar trópaiceach. Nótálann na húdair gur mór an difear idir a gconclúidí agus conclúidí a foilsíodh le déanaí agus iad bunaithe ar na sonraí céanna. In 2008 d’fhoilsigh foireann de sheacht nduine dhéag arbh é Ben Santer de Shaotharlann Naisiúnta Lawrence Livermore an ceannaire, páipéar a thug mórearráidí matamaitice agus foshuímh mhíchearta i staidéar Douglass faoi deara; dhearbhaigh an páipéar go raibh dialltaí idir na samhlacha agus na breathnúcháin neamhshuntasach ó thaobh staitistice de.
Iarmhairtí sannta agus ionchais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iarmhairtí Comhshaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugann taifid tearca le tuiscint go raibh oighearshruthanna ag cúlú ó thús an 19ú haois. Sna 1950idí cuireadh tús le tomhais a cheadaíonn monatóireacht ar mhaischothromaíocht oighreach, a tuairiscíodh don WGMS agus don NSIDC. Cé gur deacair imeachtaí sonracha aimsire a cheangail le téamh domhanda, d’fhéadfadh méadú ar theochtaí domhanda bheith ina chúis le hathruithe níos fairsinge lena n-áirítear cúlú oighreach, crapadh san Artach agus ardú ar na farraigí ar fud an domhain. D’fhéadfadh tuile agus triomach a bheith ina dtoradh ar athruithe ar mhéid agus ar phatrún na frasaíochta. D’fhéadfadh athruithe teacht ar mhinicíocht agus ar thréine imeachtaí aimsire as cuimse chomh maith. D’fhéadfadh iarmhairtí eile a bheith ann freisin; mar shampla, athruithe ar tháirgeacht talmhaíochta, bealaí trádála nua, sreabha srutha samhraidh laghdaithe, dul in éag speiceas, agus méaduithe ar an réimse de veicteoirí galair.
Meastar cheana féin gurb é téamh domhanda is cúis, i bpáirt ar a laghad, le roinnt iarmhairtí ar an timpeallacht nádúrtha agus ar shaol an duine. Tugann tuarascáil de chuid an IPCC in 2001 le tuiscint gurb é téamh domhanda is cúis, i bpáirt, le cúlú na n-oighearshruthanna, cur isteach ar an oighearchlár amhail an chaoi ar cuireadh isteach ar Oighearchlár Larsen, ardú ar leibhéil uisce na farraige, athruithe i bpatrúin bháistí, agus níos mó imeachtaí aimsire as cuimse a bheith ag tarlú agus méadú ar thréine na n-imeachtaí seo. Ar na hiarmhairtí eile a cheaptar a bheidh ann, áirítear easpa uisce i réigiúin áirithe agus frasaíocht níos mó i réigiúin eile, athruithe i bpacsneachta sléibhe, agus iarmhairtí sláinte neamhfhabhracha mar thoradh ar theochtaí níos teo.
D’fhéadfadh iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha téimh dhomhanda a bheith dianaithe mar thoradh ar mhéadú ar an dlús daonra in áiteanna atá buailte le téamh domhanda. Táthar ag ceapadh go mbainfidh réigiúin mheasartha roinnt tairbhí amach – gur lú duine a bhásóidh den fhuacht mar shampla. Sa tuairisc a rinneadh i gcomhair an Tríú Tuarascáil Mheasúnachta de chuid an IPCC a chuir Grúpa Oibre II le chéile, is féidir teacht ar achoimre ar na hiarmhairtí is cosúil a bheidh ann agus ar an tuiscint atá ann le déanaí ar théamh domhanda. Tugann achoimre an Cheathrú Tuarascáil Mheasúnachta de chuid an IPCC, tuarascáil a cuireadh le chéile níos déanaí, le tuiscint go bhfuil fianaise bhreathnaitheach ann go bhfuil méadú ar ghníomhaíocht thréan maidir le cioclóin thrópaiceacha in Aigéan an Atlantaigh Thuaidh ó 1970 ar aghaidh i gcomhchoibhneas leis an ardú ar theocht dhromchla na farraige (féach ar Atlantic Multidecadal Oscillation), ach nach éasca treochtaí fadtréimhseacha a aithint mar thoradh ar chaighdeán na dtaifead a rinneadh sula raibh gnáthbhreathnúcháin satailíte ann. Deir an achoimre chomh maith nach bhfuil treocht shoiléir ann i líon bliantúil na gcioclón trópaiceach ar fud an domhain.
Ar na hiarmhairtí breise a cheaptar a bheidh ann, áirítear na cinn seo: ardú 0.18 go 0.59 méadar (0.59 go 1.9 troigh) idir 2090 − 2100 i gcoibhneas le 1980 – 1999 ar leibhéil uisce na farraige; frithbhualadh ar thalmhaíocht, tá seans ann go gcuirfear moill ar imshruthú teirmeahailíne; laghduithe sa chiseal ózóin, hairicíní agus imeachtaí aimsire as cuimse a éireoidh níos tréine ach nach dtarlóidh chomh minic sin; laghdú ar pH an aigéin, ídiú ocsaigine sna haigéin; agus leathadh galar amhail maláire agus an fiabhras dengue mar aon le galar Lyme, ionfhabhtuithe hantavirus, plá bhúbónach, agus calar. Réamh-mheasann staidéar áirithe amháin go mbeidh 18% go 35% de shampla de 1,103 speiceas d’ainmhí agus de phlandaí imithe in éag faoi 2050; tá an staidéar seo bunaithe ar réamh-mheastacháin a bhaineann leis an aeráid a bheidh ann amach anseo. Mar sin féin, is beag staidéar meicníoch atá ann a bhfuil díobhadh de bharr athrú aeráide le déanaí mar ábhar acu agus tugann staidéar amháin le tuiscint go bhfuil neamhchinnteacht ag baint le rátaí réamh-mheasta díobhaidh.
Iarmhairtí eacnamaíocha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Méadú réamh-mheasta teochta do réimse de chásanna cobhsaithe (na bandaí daite). Léiríonn an líne dhubh i lár an achair scáthaithe ‘na meastacháin is fearr’; léiríonn na línte dearga agus na línte gorma na teorainneacha dealraitheacha. Ó obair de chuid an IPCC AR4. Tá iarracht déanta ag eacnamaithe áirithe na costais ghlan chomhiomlána eacnamaíocha ar dhamáistí de bharr athrú aeráide ar fud an domhain a mheas. Níl torthaí conclúideacha ar na meastacháin seo go fóill; i suirbhé de 100 meastachán, bhí na luachanna ó SAM$-10 sa tona de charbón (tC) (SAM$-3 sa tona de dhé-ocsaíd charbóin) suas le SAM$350/tC (SAM$95 sa tona de dhé-ocsaíd charbóin), le meán de SAM$43 sa tona de charbóin (SAM$12 sa tona de dhé-ocsaíd charbóin).
Tá an-aird tarraingthe ag tuarascáil áirithe amháin ar an tionchar eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ag téamh domhanda; ba é sin an Stern Review. Tugann an tuarascáil seo le tuiscint gur féidir go mbeidh laghdú suas le haon faoin gcéad ar olltáirgeacht intíre, agus sa chás is measa gur féidir go mbeidh titim 20 faoin gcéad ar an tomhaltas domhanda in aghaidh an duine. Cháin cuid mhór eacnamaithe modheolaíocht, tacaíocht agus conclúidí na tuarascála; bhain an cáineadh seo den chuid is mó le foshuímh lascainithe na tuarascála agus leis na cásanna a roghnaigh an tuarascáil. Thacaigh eacnamaithe eile leis an iarracht ghinearálta chun riosca eacnamaíoch a chainníochtú, bíodh is nár thacaigh siad leis na huimhreacha sonracha.
Tugann réamhstaidéir le tusicint go bhfuil na costais agus na tairbhí a bhaineann le cosc a chur le téamh domhanda inchurtha le chéile ó thaobh méide de.
De réir Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP), is cosúil go mbeidh deacrachtaí a bhaineann le hathrú aeráide ar bhainc, ar thalmhaíocht, ar iompar agus ar earnálacha eacnamaíocha eile amach anseo. Déanfaidh téamh domhanda dochar do thíortha atá i mbéal forbartha, agus atá ag brath ar an talmhaíocht, go háirithe.
Oiriúnú agus maolú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá eolaithe aeráide ar aon intinn i gcoitinne go leanfaidh an méadú ar theochtaí an domhain ar aghaidh; dá bharr sin, tá bearta curtha i bhfeidhm ag roinnt náisiún, stát, corporáidí agus daoine aonair chun déileáil leis. Is é atá sna freagairtí seo ar théamh domhanda i gcoitinne ná oiriúnú d’iarmhairtí téimh dhomhanda, agus téamh domhanda féin a laghdú nó fiú, é a aisiompú. Tugtar maolú ar an rud deireanach sin, is é sin, téamh domhanda a laghdú nó a aisiompú; áiríonn sé laghdú ar astuithe, agus geo-innealtóireacht.
Maolú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Molann cuid mhór grúpaí comhshaoil gur chóir don duine aonair agus d’eagraíochtaí pobail agus réigiúnacha chomh maith dul i mbun gnímh chun dul i ngleic le téamh domhanda. Tá cuóta ar tháirgeadh domhanda breoslaí iontaise molta ag grúpaí eile; luann siad go bhfuil nasc díreach ann idir táirgeadh breoslaí iontaise agus astuithe CO2.
Tá lucht gnó tar éis iarracht a dhéanamh chun dul i ngleic le hathrú aeráide chomh maith, lena n-áirítear iarrachtaí maidir le héifeachtacht fuinnimh níos fearr agus, go pointe áirithe, maidir le bogadh i dtreo breoslaí malartacha a úsáid. In Eanáir 2005, thug an tAontas Eorpach isteach an Scéim Trádála Astuithe de chuid an Aontais Eorpaigh, scéim a bhain le hastuithe de gháis cheaptha teasa; sa scéim seo socraíonn cuideachtaí caidhp a chur ar a gcuid astuithe nó creidmheasanna a cheannach uathu siúd atá faoi bhun an mhéid astuithe atá ceadaithe dóibh. In 2008, d’fhógair an Astráil a Scéim chun Truailliú Carbóin a laghdú. Tá sé fógartha ag Barack Obama, Uachtarán Mheiriceá, go dtabharfaidh sé féin scéim chaidhpe agus thrádála uile-eacnamaíoch isteach.
Is é príomh-chomhaontú idirnáisiúnta an domhain ná Prótacal Kiótó; is leasú é siúd ar an UNFCCC a idirbheartaíodh i 1997. Faoi láthair, tá an Prótacal i bhfeidhm i níos mó ná 160 tír ar fud an domhain agus níos mó ná 55 faoin gcéad d’astuithe gáis cheaptha teasa ar fud an domhain. Na Stáit Aontaithe agus an Chasacstáin an t-aon dá thír nár dhaingnigh an conradh go fóill agus is iad na Stáit Aontaithe is mó a astaíonn gáis cheaptha teasa go stairiúil. Beidh deireadh leis an gconradh seo in 2012 agus cuireadh tús le cainteanna idirnáisiúnta i mí na Bealtaine maidir le conradh nua a dhéanamh chun teacht i ndiaidh an chonartha reatha. Tá Prótacal Kiótó daingnithe ag an tSín agus ag an India, bíodh is nach gá dóibh cloí lena chuid forálacha toisc gur tíortha i mbéal forbartha iad. D’fhéadfadh go bhfuil an méid bliantúil astuithe de gháis cheaptha teasa atá sa tSín níos mó ná an méid atá sna Stáit Aontaithe de réir roinnt staidéar a rinneadh le déanaí. D’iarr Wen Jiabao, Ceannaire na Síne, ar phobal na tíre bheith ar a ndícheall chun dul i ngleic le truailliú agus le téamh domhanda.
Mhaígh George W. Bush, iar-Uachtarán Mheiriceá, gur modh míchothrom agus neamhéifeachtach é Prótacal Kiótó chun aghaidh a thabhairt ar na buarthaí atá ann ar fud an domhain i dtaobh athrú aeráide. Maíonn sé go bhfuil 80 faoin gcéad de dhaonra an domhain saor ó fhorálacha Phrótacal Kiótó a chomhlíonadh. Luann sé tíortha mórionaid daonra ar nós na Síne agus na hIndia agus deir sé go ndéanfadh an Prótacal dochar mór do gheilleagar na Stát Aontaithe dá nglacfadh an tír sin leis. Ina ionad, chuir Bush an bhéim ar theicneolaíocht fuinnimh a fheabhsú mar mhodh chun dul i ngleic le hathrú aeráide agus tá tús curtha ag rialtais stáit agus chathrach éagsúla sna Stáit Aontaithe ar thionscnaimh dá gcuid féin chun a thabhairt le tuisicint go dtacaíonn siad le Prótacal Kiótó agus go bhfuil an Prótacal á chomhlíonadh acu go háitiúil; tá an Tionscnamh Réigiúnach um Gháis Cheaptha Teasa ar cheann de na tionscnaimh sin. Is comhchlár é Clár Eolaíochta na Stát Aontaithe um Athrú Aeráide ina bhfuil breis agus fiche gníomhaireacht fheidearálach de chuid na Stát Aontaithe ag obair le chéile chun imscrúdú a dhéanamh ar athrú aeráide.
Tá sé de chúram ar Ghrúpa Oibre III de chuid an IPCC tuairiscí a chur le chéile a thugann aghaidh ar mhaolú téimh dhomhanda agus anailísiú a dhéanamh ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le dul i ngleic le téamh domhanda ar bhealaí éagsúla. Sa Cheathrú Tuarascáil Mheasúnachta (2007) de chuid an IPCC, dearbhaíonn siad nach féidir le teicneolaíocht nó le hearnáil amháin a bheith go hiomlán freagrach as téamh domhanda a mhaolú amach anseo. Dearbhaíonn siad go bhfuil cleachtais agus teicneolaíochtaí in earnálacha éagsúla atá an-tábhachtach, earnálacha amhail soláthar fuinnimh, iompar, tionsclaíocht agus talmhaíocht agus gur chóir na cleachtais seo a chur i bhfeidhm chun astuithe domhanda a laghdú. Measann siad má chobhsaítear dé-ocsaíd charbóin choibhéiseach idir 445 agus 710 codanna sa mhilliún (csm) faoi 2030, gurb é an toradh a bheidh air sin ná méadú 0.6 faoin gcéad agus laghdú trí faoin gcéad ar olltáirgeacht dhomhanda intíre. De réir Ghrúpa Oibre III, chun ardú teochta níos mó ná dhá chéim Celsius a chosc, bheadh ar thíortha forbartha le chéile in 2020 a gcuid astuithe a laghdú ionas go mbeidís faoi bhun leibhéil 1990 (is é sin, 10 faoin gcéad go 40 faoin gcéad faoi bhun leibhéil 1990 i gcomhair an chuid is mó de na réimis atá san áireamh) agus faoi bhun leibhéil níos lú fós faoi 2050 (40 faoin gcéad (Sic. 80 faoin gcéad i mBosca 13.7, lch 776) go 95 faoin gcéad faoi bhun leibhéil 1990) fiú má dhéanann tíortha i mbéal forbartha laghduithe suntasacha ar a gcuid astuithe.
Geo-innealtóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toisc a mhoille a thugtar faoi astuithe de gháis cheaptha teasa a laghdú, mhol roinnt eolaithe, ar nós Ken Calderia agus Paul Crutzen (bhuaigh seisean Duais Nobel) teicnicí geo-innealtóireachta; is féidir na teicnicí seo a úsáid chun an aeráid a athrú d’aon ghnó agus chun roinnt iarmhairtí a bhaineann le téamh domhanda a smachtú.
Is é ceann de na príomhchúiseanna ar an tsuim atá á cur sa téamh domhanda le déanaí ná go bhfuiltear imníoch go mbeidh athrú aeráide leanúnach as cuimse ann agus nach mbeifear in ann é a stopadh. Go páirteach, tá an imní sin ann de bharr breathnúcháin ar chrapadh san Artach.
I measc na teicnicí a mholtar tá:
Radaíocht ghréine a bhainistiú – ailbéideacht an Domhain a athrú chun an méid sin de sholas na gréine a fhrithchaitear ar ais isteach sa spás a athrú. Sa chatagóir seo tá teicnicí ar nós parasól spáis, cruthú aerosóil sulfair strataisféarach, agus teicneolaíocht dín fhionnuair (cool roof). Feabhsúchán maidir le gáis cheaptha teasa – teicnicí ar nós fuinneamh bithmhaise le gabháil agus le stóráil charbóin, léasair a úsáid chun CFCanna san atmaisféar a bhriseadh suas, agus toirchiú iarainn na n-aigéan chun fíteaplanctón a chur ag fás. Geo-innealtóireacht san Artach – go tipiciúil ag féachaint le muiroighear a chaomhnú nó imshruthú teirmeahailíne a choigeartú trí mhodhanna áirithe a úsáid amhail abhainn a atreo chun nach dtiocfaidh uisce te i dteagmháil le muiroighear, nó cnoic oighir a cheangal chun nach rachaidh siad isteach in uiscí níos teo agus go leáfaidh siad.
Plé eacnamaíoch agus polaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Astuithe de gháis cheaptha teasa in aghaidh an duine sa bhliain 2000, lena n-áirítear athrú ar úsáid talún.
Astuithe de gháis cheaptha teasa in aghaidh na tíre in 2000, lena n-áirítear athrú ar úsáid talún. Bíonn plé eacnamaíoch agus polaitiúil ar théamh domhanda ann i láthair na huaire mar thoradh ar an aird níos mó atá tarraingthe ar an eolas maidir le téamh domhanda atá faighte amach ag na heolaithe. Is dealraitheach gurb iad réigiúin bhochta – an Afraic go háirithe – is mó atá i mbaol ó iarmhairtí ar théamh dhomhanda atá reamh-mheasta in ainneoin gur beag a gcuid astuithe i gcomparáid le hastuithe an domhain fhorbartha. Ag an am céanna, tá sé cáinte ag tíortha ar nós na Stát Aontaithe agus na hAstráile go socraítear nach gá le tíortha atá i mbéal forbartha cloí le forálacha Phrótacal Kiótó agus sin cuid den fháth, dar leis na Stáit Aontaithe, nach ndaingníonn an tír sin an Prótacal. Sa domhan thiar, is mó a ghlacann an pobal san Eoraip leis an smaoineamh go dtéann an duine i bhfeidhm ar an aeráid ná mar a ghlactar leis sna Stáit Aontaithe.
Tá tús curtha le plé maidir le hathrú aeráide agus cuirtear na tairbhí maidir le hastuithe tionsclaíocha de gháis cheaptha teasa a theorannú i gcomparáid leis na costais a bheadh ag baint leis sin. Tá plé ann in a lán tíortha ar an gcostas agus ar na tairbhí a bhaineann le dul i muinín foinsí malartacha fuinnimh chun astuithe carbóin a laghdú. Tá an bhéim curtha ag eagraíochtaí agus ag cuideachtaí amhail an Institiúid um Fhiontraíocht Iomaíoch agus ExxonMobil ar chásanna athrú aeráide níos coimeádaí agus tá béim curtha acu ar an gcostas eacnamaíoch a bhainfeadh le srianta níos déine. Sa tslí chéanna, d’eagraigh brúghrúpaí comhshaoil éagsúla agus roinnt daoine sa saol poiblí feachtais chun béim a leagan ar an mbaol a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar athrú aeráide agus ar a thábhachtaí atá sé srianta níos déine a chur i bhfeidhm. Tá roinnt cuideachtaí breoslaí iontaise tar éis a gcuid iarrachtaí a laghdú le blianta beaga anuas agus tá sé molta acu beartais a chur i bhfeidhm chun téamh domhanda a laghdú.
Cnámh spairne eile atá ann ná an méid ba chóir do gheilleagair atá ag teacht chun cinn, ar nós na hIndia agus na Síne, a gcuid astuithe a laghdú agus srian a choimeád ar a gcuid astuithe. De réir tuairiscí le déanaí, d’fhéadfadh go mbeadh oll-astuithe náisiúnta CO2 na Síne ní b’airde ná na hastuithe sna Stáit Aontaithe. Mhaígh an tSín gur lú an oibligeáid atá aici a cuid astuithe a laghdú; dar léi go bhfuil a cuid astuithe in aghaidh an duine an cúigiú cuid, a bheag nó a mhór, d’astuithe na Stát Aontaithe. Tá dearbhuithe den sórt céanna déanta ag an India, tír eile atá saor ó shrianta Phrótacal Kiótó. Dearbhaíonn na Stáit Aontaithe más gá leo an costas a bhaineann le hastuithe a laghdú a íoc, go mba chóir don tSín déanamh amhlaidh.
Saincheisteanna gaolmhara maidir leis an aeráid
Is iomaí saincheist a phléitear maidir le hathrú aeráide. Is í aigéadú na n-aigéan ceann amháin acu. Má bhíonn méadú ar CO2 san atmaisféar, méadaítear an CO2 a thuaslagtar sna haigéin. Maidir le CO2 a thuaslagtar san aigeán, imoibríonn sé le huisce agus foirmítear aigéad carbónach; toradh a bhíonn air sin ná aigéadú. Meastar gur laghdaigh pH dhromchla na n-aigeán ó 8.25 mar a bhí ann timpeall thús na ré tionsclaíche go 8.14 faoi 2004 agus ceaptar go laghdóidh sé sa bhreis ó 0.14 go 0.5 aonad faoi 2100 de réir mar a ionsúnn an t-aigeán níos mó CO2. Níl orgánaigh ná éiceachórais i dtaithí ach ar réimse cúng pH. Dá bharr sin, táthar imníoch maidir le díobhadh mar más rud é go mbeadh níos mó CO2 san atmaisféar, d’fhéadfadh sé sin cur isteach ar ghréasáin bhia agus d’fheadfadh tionchar a bheith aige sin ar phobail atá ag brath ar sheirbhísí éiceachórais mhuirí.
D’fhéadfadh gur mhaolaigh téamh domhanda go páirteach ag deireadh an 20ú haois mar thoradh ar ísliú domhanda, is é sin, laghdú céimseach ar mhéid an ionradantais dhomhanda dhírigh ag dromchla an Domhain. Ó 1960 go 1990, is cosúil gur dheasc aerosóil de chuid an duine an iarmhairt seo. Tá sé ráite ag eolaithe, agus tá siad 66% – 90% cinnte de, gur laghdaigh iarmhairtí aerasól de chuid an duine, mar aon le gníomhaíocht bholcánach, cuid den téamh domhanda. Dúirt siad go mbeadh níos mó téamh domhanda ann murach na nithe íslithe seo.
Is é ídiú ózóin an meath leanúnach ar an méid iomlán d’ózón i strataisféar an Domhain, agus is minic a luaitear é maidir le téamh domhanda. Cé go bhfuil baint idir an dá choincheap, ní dlúthbhaint í.